Fadhb an striapachais ag dul in olcas i nDún na nGall

Thug Gardaí sinsearacha le fios go bhfuil buíonta coirpeach i mbun tithe striapachais sa chontae agus go bhfuil an fhadhb ag éirí níos measa

Fadhb an striapachais ag dul in olcas i nDún na nGall

Tá fadhb leanúnach le tithe striapachais i gContae Dhún na nGall, agus formhór na dtithe sin lonnaithe i Leitir Ceanainn, a dúradh ag Cruinniú de Choiste Póilíneachta Chomhairle Contae Dhún na nGall an tseachtain seo.

Thug Gardaí sinsearacha le fios go bhfuil buíonta coirpeach i mbun tithe striapachais sa chontae agus go bhfuil an fhadhb ag éirí níos measa le roinnt míonna.

Rinne Gardaí Leitir Ceanainn tithe agus árasáin a chuardach ar an bhaile an mhí seo caite, tráth ar thángthas ar mhná agus ar fhir i mbun tithe striapachais a reáchtáil.

Bhí dhá cheann de na tithe a ndearnadh ruathar orthu ar Phríomhshráid Leitir Ceanainn, gar do Theach na Cúirte féin.

Ba as Oirthear na hEorpa  formhór na mban a bhí ag obair mar striapacha i Leitir Ceanainn, a dúradh, agus tugadh cúigear ban agus beirt fhear os comhair na cúirte i mí na Nollag. Cuireadh cúiseanna ina leith a bhain le bheith ag feidhmiú mar striapacha nó a bheith i bhfeighil tithe striapachais. 

Bhí cuid de na striapacha ag déanamh fógraíochta ar shuíomh idirlín Escort Ireland.

Cé go raibh fir sna tithe mar chliaint nuair a rinneadh na ruathair, níl sé in éadan an dlí íoc as gnéas in Éirinn agus ní thig iad a chúiseamh dá bharr.

Dúirt an Bleachtaire Cigire Pat O’Donnell le gairid go dtugtar anseo go leor de na mná atá i mbun striapachais i gContae Dhún na nGall in éadan a dtola agus go dtagann go leor acu thar teorainn ó na Sé Chontae, áit a bhfuil dlíthe níos déine i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an striapachas.

Faightear na tithe nó na hárasáin ar cíos go gearrthéarmach agus bogann an dream atá i gceannas na striapach ó fhoirgneamh go foirgneamh gach cúpla seachtain.

Bíonn fadhbanna le mí-úsáid drugaí i measc na mban go minic chomh maith, a dúirt an Bleachtaire O’Donnell agus is “fáinne fí” atá i gceist leis an striapachas do go leor acu, a dúirt sé. 

Fág freagra ar 'Fadhb an striapachais ag dul in olcas i nDún na nGall'

  • R

    A chara,
    Cuireann sé olc orm go mbaineann na ceannlínte agus na scéalta faoin striapachas leis na mná i gcónaí. Níl aon lucht agam ar an phíosa nuachta seo ACH sílim go bhfuil sé in am againn an comhrá áirithe seo a dhíriú ar na daoine a úsáideann seirbhísí striapachais agus a choinníonn an t-éileamh seo ag imeacht.

    Is mise, le meas,