Fadhb an Bhreatimeachta – tá do mhargadh, níl mo mhargadh, tá do mhargadh déanta…

Ach níl aon réiteach le feiceáil go fóill sna cainteanna faoin mBreatimeacht agus ní léir aon fhuascailt ach oiread

Fadhb an Bhreatimeachta – tá do mhargadh, níl mo mhargadh, tá do mhargadh déanta…

Theresa May, Príomh-Aire na Breataine. Pictiúr: RollingNews.ie

“Tá do mhargadh, níl mo mhargadh, tá do mhargadh déanta…”

Chuirfeadh an chipiléireacht chainte go léir sa mBruiséil faoin mBreatimeacht an sean-amhrán sin i gcuimhne dhuit. Níl aon mhargadh ann. Tá margadh ann.  Fan, b’fhéidir go mbeadh margadh ann.

Tá muid, mar sin féin, ag am na cinniúna maidir leis an mBreatimeacht, agus ní tráth amhránaíochta é mar má tá margadh le déanamh déanfar feall ar dhream éicint – ar an DUP, nó ar rialtas na hÉireann, nó, b’fhéidir ar vótóirí na Breataine. 

Mar, ní féidir freastal ar na línte dearga go léir atá curtha chun cinn ag na páirtithe éagsúla gan loiceadh ar dhuine éigin díobh.

Bhí cruinniú cinniúnach le socrú don mhí seo chugainn ag an gcruinniú mullaigh san Aontas Eorpach an tseachtain seo caite, ach glacadh leis nach bhféadfaí dul ar aghaidh leis sin mar nach raibh aon chreatlach réitigh ann go fóill.

Tá tuilleadh ama, mar sin, á chur ar fáil le go dtiocfaí ar réiteach. Ach cur i gcéill é seo agus tá a fhios ag an saol é.

Agus ar thug tú faoi ndeara go raibh beagáinín imní i gcaint an Taoisigh, Leo Varadkar, agus é ag iarraidh a mhíniú cén fáth nach bhféadfaí glacadh le teorainn chrua arís?

Tá go maith, ach céard faoin gcaint sin ag Angela Merkel, seansailéir na Gearmáine? Dúirt sise go bhfuil níos mó solúbthachta ag teastáil ón Aontas Eorpach agus ón mBreatain le teacht ar réiteach mar dá uireasa, dar léi, níl i ndán dúinn ach teorainn chrua.

Dúirt sí freisin gur chóir don Aontas agus don tír seo athmhachnamh a dhéanamh ar a straitéis i leith na ceiste seo, ag rá “mura bhfuil aontú ann ní bheidh réiteach sásúil ar fhadhb na teorann ann ach an oiread”.

Ar ndóigh tá a lán le cailliúint ag an nGearmáin má chuirtear isteach ar chúrsaí trádála idir iadsan agus an Bhreatain, ach tá cúrsaí polaitíochta na Gearmáine trína chéile faoi láthair agus ní féidir brath air go bhfuil an tionchar céanna acu is a bhíodh acu roimhe seo.

Tá na Sasanaigh ag iarradh réiteach fhadhb na teorann a cheangal le caidreamh nua trádála.  Bhí ón tús, ar ndóigh, agus ba bhotún mór i straitéis idirbheartaíochta na hÉireann nár thug muid tacaíocht don iarracht sin.

Ba é an fáth leis sin ná gur chreid muid go bhféadfaí brú a chur ar na Sasanaigh dul siar ar an vóta reifrinn a bhí ann, agus táthar ann ar ndóigh a bhfuil an seachmall fós orthu gur féidir reifreann eile a bhrú ar an bpobal leis an gcéad cheann a chur ar neamhní.

Ní féidir le lucht rialaithe na tíre saol taobh amuigh d’Aontas na hEorpa a shamhlú ar chor ar bith, agus ní féidir leo glacadh leis dá bharr go bhféadfadh a leithéid de shaol a bheith oiriúnach do Shasana ná d’aon tír eile.

Tiocfaidh ciall chucu – sin a bhíodh muid ag rá linn féin. Ach níor tháinig agus lean siad leis an amaidí in ionad a bheith ar a dícheall ag iarraidh go dtabharfaí an Breatimeacht ar an saol ar an mbealach is fearr a d’oirfeadh dúinne, dár riachtanais trádála agus d’athaontú na tíre.

Agus chuir an chaint sin ar fad faoi reifreann eile imní is fearg orthu siúd a thacaíonn go mór leis an mBreatimeacht, agus chuir sí dá réir leis an bpráinn a bhain leis an scéal. Ghlac lucht an Bhreatimeacht leis gur chóir imeacht chomh luath agus is féidir. Is é sin le rá gur chuir an chaint faoi reifreann eile leis an mbaol go mbeidh Breatimeacht gan mhargadh ann.

Tá an trádáil le Sasana an-tábhachtach don tír seo, agus is muidne is mó a bheas thíos leis má imíonn an Bhreatain gan margadh a bheith déanta, gan trácht ar fhadhb na teorann.

Anuas air sin go léir, ní dhearna muid aon iarracht dul i mbun idirbheartaíochta muid féin.  Bhí muid sásta chuile rud a fhágáil faoi lucht an Aontais, agus níltear siúd cinnte céard a dhéanfaidh sa deireadh. An bhfuil sé ródhéanach againn iarracht a dhéanamh anois i dtaobh na trádála?

Rud is measa fós ní dhearnamar iarracht ar bith a mhíniú do mhuintir Shasana – seachas do na polaiteoirí – gur moladh ciallmhar é an teorainn nó rialú na seiceálacha  a chur i Muir Éireann.  Fágadh an cheist sin faoin DUP, agus tá ionadh anois orainn gur bhain siad leas as ár bhfaillí?

Cinnte, íocfaidh an DUP praghas ar an gcaoi go bhfuil siad ag cothú deacrachtaí do Shasana.  Ní mhaithfidh lucht gnó Shasana do phaca Paddies é gur bhain siad de shaoirse a rialtais.

Ach sa bhfadtéarma a íocfar as sin. Ní fheicim faoi láthair cén chaoi gur féidir an Breatimeacht crua agus teorainn chrua arís ar oileán na hÉireann a sheachaint.

Tá an scéal curtha ar athlá go dtí mí na Nollag, ach ní léir fós aon fhuascailt uirthi.

Fág freagra ar 'Fadhb an Bhreatimeachta – tá do mhargadh, níl mo mhargadh, tá do mhargadh déanta…'

  • Conchubhar Ó Dálaigh

    Deacair dúinn “a mhíniú do mhuintir Shasana gur moladh ciallmhar é an teorainn .. a chur i Muir Éireann”, mar déarfaidh lucht áirithe thall go bhfuilimid ag cur ár ladar sa scéal nach mbaineann linn!

    Fós féin bheinn den tuairim gur ‘seiceálacha sa bhreis i Muir Éireann’, seachas ‘teorann chrua’, a bheas againn mar réiteach ar an scéal uile ag deireadh an lae. Fiú mar atá sé, nach dtéann ~60% den méid a easpórtálann nó iompórtálann TÉ tríd chalafoirt an Deiscirt?

    Cuirfear ina luí ar an DUP gur ar mhaithe leo féin a dhéanfar an tseift seo…

    Cuirfear casadh dearfach air… Ná déanaimis dearmad gur as an gciste lárnach i Londain a thagann fóirdheontas £10 billiún in agaidh na bliana i dtreo TÉ…