EURO 2020: Seans ar chluiche idir Éirinn agus Tuaisceart Éireann in Windsor Park

Má éiríonn le hÉirinn agus le Tuaisceart Éireann a gcluichí leathcheannais cáilithe a bhuachan, tabharfaidh an foirne aghaidh ar a chéile in Windsor Park mí an Mhárta seo chugainn chun áit a bhaint amach ag EURO 2020

EURO 2020: Seans ar chluiche idir Éirinn agus Tuaisceart Éireann in Windsor Park

Pictiúr: INPHO/Presseye/Stephen Hamilton

D’fhéadfadh go mbeadh Éire agus Tuaisceart Éireann ag tabhairt aghaidh ar a chéile i bPáirc Windsor mí an Mhárta seo chugainn chun áit a bhaint amach ag EURO 2020.

Tabharfaidh foireann sacair na hÉireann aghaidh ar an tSlóvaic sa chéad bhabhta de chluichí cáilithe an chomórtais agus má éiríonn leo sa gcluiche sin, imreoidh siad i gcoinne Thuaisceart Éireann nó in aghaidh na Boisnia is na Heirseagaivéine sa gcluiche ceannais cáilithe.

Bhí a fhios ag foireann Mick McCarthy go mbeidís ag imirt as baile i gcoinne na Slóvaice ach i ndiaidh tharraingt UEFA ar maidin, fágadh go mbeidh ar fhoireann an hÉireann imirt as baile arís sa gcluiche ceannais cáilithe má éiríonn leo dul chomh fada sin.

Má bhíonn ar Éirinn triall ar Windsor Park mí an Mhárta seo chugainn, is cinnte go gcuirfidh sé an cluiche cáiliúil idir iad féin agus Tuaisceart Éireann i 1993 i gcuimhne do dhaoine. Chríochnaigh an cluiche sin ar comhscór, 1-1, toradh a d’fhág gur bhain Éire áit amach ag Corn an Domhain 1994 i Meiriceá.

Imreoidh Éire an cluiche i gcoinne na Slóvaice ar an 26 Márta. Beidh Tuaisceart Éireann ag imirt as baile i gcoinne na Boisnia is na Heirseagaivéine an oíche chéanna.

Imreoidh buaiteoirí na gcluichí sin i gcoinne a chéile ar an 31 Márta chun áit a bhaint amach ag EURO 2020.

Tá dea-chuimhní ag Éirinn ar Bhoisnia agus an Heirseagaivéin a imirt i gcluichí cáilithe. D’imir na foirne i gcoinne a chéile ceithre bliana ó shin nuair a d’éirigh le hÉirinn áit a bhaint amach ag EURO 2016.

Fág freagra ar 'EURO 2020: Seans ar chluiche idir Éirinn agus Tuaisceart Éireann in Windsor Park'