EURO 2016/TUAIRISC ÓN bhFRAINC : ‘Fág anseo linne iad tamaillín eile, na hÉireannaigh ghrámhara seo!’

Ó Xavier laistiar den chuntar ag canadh ‘allez les verts’ go dtí an moladh ar na meáin, tá grá mór ag muintir na Fraince d’Éirinn agus do gach a dtugann lucht leanúna na hÉireann don chomórtas, a deir ár gcomhfhreagraí i bPáras

Duine de lucht tacaíochta na hÉireann sa Fhrainc. INPHO/James Crombie
Duine de lucht tacaíochta na hÉireann sa Fhrainc. INPHO/James Crombie

Aréir nuair a scóráil Éire in aghaidh na hIodáile measaim gur dhúisíomar an chomharsanacht ar fad anseo i bPáras leis an lúireach agus teaspach againn.

Bhí príomhchainéal teilifís na Fraince ag taispeáint cluiche clabhsúir ‘Zlatan‘ agus cé go raibh formhór mo chairde Francacha ag fágáil slán chomh maith lena ‘Dia’ ionúin ón tSualainn, a thúisce a scóráil Éire thosaigh na téacsanna ag teacht isteach ina rabharta chugam.

Tugaim mo mhac ar scoil gach maidin agus ólaim cupán caife sa chaifé áitiúil agam ar an taobh thall den bhóthar sula dtéim ag obair. Ar éigean go raibh cos leagtha agam ar an gcosán amuigh ná gur chuir an báicéir béal dorais liom a cheann amach an doras. ‘Comhghairdeas’ arsa sé, ‘nach iontach go bhfuil na hÉireannaigh ag fanacht!’

An bealach ar fad chun na scoile stop tuismitheoirí agus leanaí sinn lenár mbua a thréaslú linn. Nuair a bhain mé an caifé amach thosaigh Xavier laistiar den chuntar ag canadh ‘allez les verts’ agus thosaíodar ar fad sa chaifé ag bualadh bos (bhí Xavier agus gach éinne eile ag an gcuntar tar éis a bheith ag féachaint ar ‘Zlatan’ freisin).   

Taispeánann sé an grá mór atá ag muintir na Fraince d’Éirinn agus do gach a dtugann lucht leanúna na hÉireann don chomórtas. Ní ghabhann oíche thart anois ach go mbíonn giota éigin d’fhíseán ar BFMtv nó BEIN Sports de lucht leanúna na hÉireann; ag gabháil suantraí sa mheitreo, bonn rotha á athrú acu, ag canadh do spéirbhean Fhrancach, Éireannach agus ceann capaill air ag ciceáil liathróide isteach in árasán ar an dara hurlár. Chuaigh na hÉireannaigh ag canadh ‘Stand up for the French police’ i bhfeidhm go mór ar a lán, póilíní na Fraince féin ní nach ionadh, agus spreag sé mórán plé anseo faoi cé acu an ndéanfadh nó nach ndéanfadh lucht tacaíochta na Fraince a leithéid riamh dá bpóilíní.

Le linn an chluiche idir an Bheilg agus Éire, mhol an tráchtaire Francach do gach duine dá raibh ag féachaint turas a thabhairt ar Chúige Mumhan agus thug sé trí nóiméad den chluiche ag cur síos ar Éirinn agus a háilleacht agus ar mhuintearas na ndaoine ann. Ní miste, dar ndóigh, úinéirí na gcaiféanna a lua a deir gur mhó an méid beorach a dhíoladar oíche Dé Céadaoin ná mar a dhíol siad le linn deireadh seachtaine iomlán an ‘Braderie de Lille’ anuraidh, margadh na míol nó ‘marché aux puces’ a mhaireann an deireadh seachtaine ar fad i mí Mheán Fómhair. 

Maidin inniu in L’Équipe, nuachtán náisiúnta spóirt na Fraince, deir Vincent Duluc amach go neamhbhalbh go mbeadh ar an bhFrainc cead a fháil lucht tacaíochta na hÉireann a fháil ar iasacht murach go raibh Éire tar éis cáiliú cheana; “Laissez-les nous, encore un peu, ces amoureux” (fág anseo linne iad tamaillín eile, na daoine grámhara seo) a dúirt sé agus deir sé gur “un Bonheur profond de cet Euro” (ábhar mór áthais do na Euros seo) iad a bheith anseo sa bhFrainc.

Is ar fhoireann na Fraince agus ar an gcluiche Dé Domhnaigh atá gach éinne dírithe anois. Cé go bhfuil na saineolaithe ar fad ar aon fhocal go mbeadh Tuaisceart Éireann ní ba laige mar chéile comhraic ná Éire, is é an tuairim choitianta ná gur fearr go teicniúil iad foireann na Fraince agus dá réir sin gur cheart go mbeadh an lá leo ar an Domhnach seo chugainn i Lyon.

Tá croí agus crógacht i bhfoireann na hÉireann, a deir siad, ní staonann siad riamh, foireann iad a imríonn dá chéile, foireann nach foláir meas a bheith orthu, foireann a fhaigheann spreagadh agus misneach óna lucht tacaíochta, ach fós féin, foireann nár cheart gur bhaol don Fhrainc iad.

Níl aon réalta acu, arsa saineolaí amháin, duine éigin a dhéanfadh deimhin de go mbuaileann an liathróid cúl na heangaí. Féach ar an Spáinn in aghaidh na hIodáile, arsa saineolaí eile, arbh fhearr leat cluiche mar sin a imirt? Agus tosaíonn ag gáirí.

Faoi mar a bhí mo dheartháir á rá gan stad aréir tar éis d’Éirinn buachan, ‘An Fhrainc sa bhFrainc atá ann’.

Cluiche thar a bheith deacair d’Éirinn. Táimse i mo chónaí anseo sa bhFrainc le 19 mbliana anois. Níl dabht ar bith orm ach go mbeidh an bua ag lucht tacaíochta na hÉireann ar a macasamhla Francacha, agus cé go gcuirfeadh sé cumha orm leis (toisc díomá m’fhir chéile), bheinn chomh mórálach sin dá mbuafadh Éire ar an bhFrainc Dé Domhnaigh.

Chaithfinn déileáil gan amhras leosan thart orm anseo ina dhiaidh. Ní dócha go mbeifí ag teacht i mo leith an mhaidin dár gcionn ag tréaslú liom ar an mbealach go dtí an scoil dom agus b’fhéidir nach mbacfaidh mé leis an gcupán caife an mhaidin áirithe sin.

Allez les verts!

Fág freagra ar 'EURO 2016/TUAIRISC ÓN bhFRAINC : ‘Fág anseo linne iad tamaillín eile, na hÉireannaigh ghrámhara seo!’'