EURO 2016: Súil chun cinn ar bhabhta na ngrúpaí

Cuirfear tús le comórtas EURO 2016 anocht nuair a thabharfaidh an fhoireann baile, an Fhrainc aghaidh ar fhoireann na Rómáine. Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar na grúpaí uile agus ar na foirne a d’fhéadfadh áit a bhaint amach sa chéad bhabhta eile

INPHO/Gwendoline Le Goff
INPHO/Gwendoline Le Goff

EURO 2016 linn faoi dheireadh. Imreofar an chéad chluiche den chomórtas anocht nuair a thabharfaidh an fhoireann baile, an Fhrainc, aghaidh ar fhoireann na Rómáine sa Stade de France. Ceann é sin den 36 cluiche a imreofar i rith bhabhta na ngrúpaí. As sin a roghnófar 16 foireann le dul chun cinn chuig an chéad bhabhta eile.

Seo thíos, léirmheasTuairisc.ie ar na ngrúpaí uile agus na foirne a tiocfaidh chun cinn.

Franck Ribery. INPHO/Getty Images
Franck Ribery. INPHO/Getty Images

Grúpa A

An Fhrainc, an Eilvéis, an Rómáin, an Albáin.

Bhí buntáiste cheana féin ag an bhFrainc ó tharla gurb iad an fhoireann baile ach neartaíodh an buntáiste sin nuair a cuireadh san iomaíocht iad i gceann de na grúpaí is laige sa chomórtas.

Is iad an Albáin an fhoireann is ísle i rangú FIFA atá ag glacadh páirt sa chomórtas agus bheadh siad ag déanamh go maith dá n-éiríodh leo pointe amháin a phiocadh suas. Dá bharr sin, fiú mura n-éiríonn leis an Rómáin nó leis an Eilvéis an dara háit i nGrúpa A a bhaint amach, tá deis mhaith acu cáiliú don chéad bhabhta eile mar cheann de na foirne is fearr a chríochnaigh sa tríú háit.

Bainisteoir na Breataine Bige, Chris Coleman. INPHO/Donall Farmer
Bainisteoir na Breataine Bige, Chris Coleman. INPHO/Donall Farmer

Grúpa B

Sasana, an Rúis, an Bhreatain Bheag, an tSlóvaic.

Ba cheart go mbeadh dóthain cumais ag Sasana chun críochnú ar bharr an ghrúpa seo. Is acu atá an fhoireann is óige sa chomórtas agus tá fuinneamh nua acu.

Seans gur beag a bheidh idir na foirne eile. Níl an Rúis leath chomh láidir agus a bhí siad roimhe seo agus, dar ndóigh, braitheann rath na Breataine Bige beagnach go hiomlán ar Gareth Bale. Tá deis mhaith acu na babhtaí díbeartha a bhaint amach chomh fada agus go mbeidh siad in ann cúil a aimsiú.

UEFA EURO 2016 Qualifier, Aviva Stadium, Dublin 8/10/2015 Republic of Ireland vs Germany Ireland's of Germany Mandatory Credit ©INPHO/Ryan Byrne
Mats Hummels. INPHO/Ryan Byrne

Grúpa C

An Ghearmáin, an Pholainn, an Úcráin, Tuaisceart Éireann.

Sháraigh Shane Long agus Éire curaidh an domhain sa bhabhta cáilithe agus tá an deis anois ag Kyle Lafferty agus foireann an Tuaiscirt an rud céanna a dhéanamh. I ndáiríre, ba cheart go mbeadh an Ghearmáin agus an Pholainn róláidir don phéire eile agus is mór an dúshlán do Thuaisceart Éireann agus an Úcráin áit a bhaint amach i measc na bhfoirne is fearr a chríochnaíonn sa tríú háit.

Sergio Ramos. INPHO/Donall Farmer
Sergio Ramos. INPHO/Donall Farmer

Grúpa D

An Spáinn, an Chróit, an Tuirc, Poblacht na Seice.

gur chaill siad in aghaidh na Seoirsia i rith na seachtaine, níor cheart go mbeadh Vincente del Bosque róbhuartha agus an Spáinn ag iarraidh Craobh na hEorpa a chosaint don dara huair as a chéile. Níor chaill siad le hos cionn bliana roimhe sin agus tá gach cuma ar an scéal go mbeidh siad fós san iomaíocht sa chomórtas go dtí an babhta leathcheannais ar a laghad.

Is ag dul chun deiridh atá na trí fhoireann eile sa ghrúpa le roinnt blianta anuas. Agus leithéidí Luka Modrić agus Mario Mandžukić ag an gCróit, ba cheart go mbeidís sách láidir leis na babhtaí díbeartha a bhaint amach agus má an Tuirc in ann teacht chun cinn go láidir tá deis acusan chomh maith.

Shane Long. INPHO/Morgan Treacy
Shane Long. INPHO/Morgan Treacy

Grúpa E

An Bheilg, Éire, an Iodáil, an tSualainn.

Nach orainn a bhíonn an mí-ádh. Cosúil le EURO 2012, is ag Éirinn atá an grúpa is deacra sa chomórtas ach tá ábhar dóchais ann do Martin O’Neill. Cé go bhfuil slua imreoirí d’ardchaighdeán ag an mBeilg, tá Nicolas Lombaerts agus, go háirithe, Vincent Kompany caillte acu ó lár na cosanta. Mar sin féin, ba cheart dtiocfaidís slán as Grúpa E.

an tuairim ann go mbíonn an Iodáil láidir i gcónaí ag na mórchomórtais ach chonaic muid ag Corn an Domhain 2014 gur theip orthu éalú óna ngrúpa. Tá gach cuma orthu go bhfuil siad éirithe níos laige ó shin. Maidir leis an tSualainn, taobh amuigh de Zlatan Ibrahimović, níor cheart go gcuirfeadh aon imreoir faitíos ar bhuachaillí Phoblacht na hÉireann ach bheadh muid breá sásta cáiliú sa tríú háit

Cristiano Ronaldo. INPHO/Donall Farmer
Cristiano Ronaldo. INPHO/Donall Farmer

Grúpa F

An Phortaingéil, an Íoslainn, an Ostair, an Ungáir

An grúpa is aontaobhaí ar an gcéad fhéachaint, ba cheart go mbainfeadh an Phortaingéil áit amach sa chéad bhabhta eile gan mórán stró. Ní raibh Cristiano Ronaldo i mbarr a mhaitheasa do Real Madrid ag deireadh an tséasúir ach scóráil sé faoi dhó i gcluiche dúshláin in aghaidh na hEastóine ar an gCéadaoin.

Shílfeá go rachadh an Ostair tríd taobh leo ach beidh sé suimiúil a fheiceáil cén chaoi a n-éireoidh leis an Íoslainn, an tír is lú atá ag glacadh páirt sa chomórtas. Is é fear Swansea City, Gylfi Sigurðsson an laoch atá acu ach má éiríonn le cúpla imreoir eile cabhair a thabhairt dó, d’fhéadfadh siad dúshlán a thabhairt dá gcéilí comhraic.

Fág freagra ar 'EURO 2016: Súil chun cinn ar bhabhta na ngrúpaí'