EURO 2016: Sa leithreas a bhí ár léirmheastóir nuair a scóráil Robbie Brady…

Tá an tAifreann léite agus an t-aicsean déanta agus le cúnamh Dé fillfidh an feall ar an bhfeallaire nó ‘what goes around comes around, baby’

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Cé go bhfuil lorg mo thóna greanta ar an gcúits ó bheith im thrulabhait le seachtainí anuas bhíos ag déanamh mo mhúin nuair a aimsíodh ceann de na báidí is cinniúnaí i stair shacair na hÉireann.

Dia idir sinn agus na buidéil Heineken sin. Bhíos ar mo shlí síos staighre, ag iníor ar Twitter agus gach aon mhallacht agam ar iarracht neafaiseach Wes Hoolahan nuair a thugas an ceiliúradh fé ndeara.

Nach cuma, tá an tAifreann léite agus an t-aicsean déanta. Táimid cáilithe don chéad bhabhta eile le bua atá gach pioc chomh stairiúil leis an mbua ar Shasana ag Euro 88 agus an bua ar an Iodáil ag USA 94.

Fanfaidh an ócáid i gcuimhne na ndaoine ar feadh i bhfad agus sé is dóichí ná a mhalairt ná go bhfuiltear ag lorg déirce ar na comhair chreidmheasa cheana féin. Bhíos ag caint le bean aréir a fuair glaoch óna mac agus a fear céile (atá imithe sall neamhspleách ar a chéile) agus iad beirt ag tiargáil le fanacht tamaillín beag eile.

Faoi mar a dúirt Maolra Mac Donncha ar TG4 roimh an gcluiche bhí an crú ar an tairne do chluiche na hoíche aréir. Má bhí níor loic fearaibh na hÉireann orainn agus cé go raibh an bhreis ina n-aghaidh chuireadar na hIodálaigh ar a dtóineanna díreach mar a deineadh sa Giants Stadium na blianta fada ó shin.

Cancráin an phainéil ag cur díobh roimh an gcluiche mar is gnáth. An-chuid daoine bailithe díobh ach bainim féin súp astu i gcónaí. Gan amhras is truflais chainte a bhíonn ar bun acu go minic.

A leithéid seo ó Dunphy: ‘If you’re not 100% you’re 10%.’ Deinim amach ná feadar sé féin cad atá i gceist leis an méid sin. Taibhsítear dom ar uairibh go bhfuil gá le hanailís a dhéanamh ar anailís na n-anailísithe, é sin nó dul ag an mbeár.

Bhí an díon iata ar an Stade Pierre-Mauroy agus bhain Amhrán na bhFiann creathadh as na frathacha. Bhíomar ar cipíní agus ar tinneall. Faoi mar a dúirt giolc amháin bhíomar ag súil go ndéanfadh McClean an ghaisce céanna is a dhein McClean an scannáin Die Hard ag Nakatomi Plaza.

Mura mbeadh an bheart déanta ní bheimis buíoch don réiteoir óir ba léir do Hans Moleman féin gur tugadh James McClean chun talún go mídhlisteanach. Cheapamar go raibh ár ndeis imithe le cúr na habhann nuair a chac Hoolahan ar na huibheacha, ach ní mar a síltear a bítear. Bhí Roy Keane ag gáirí an oiread sin go rabhas imníoch go dtarraingeodh sé matán ina phluc, go mórmhór ós rud é ná baineann sé mórán úsáid as na matáin sin. 

Leis an dlaoi mhullaigh ar chur ar chúrsaí bhí lucht Après Match os cionn a mbuille le slaiseanna diamhaire á gcaitheamh le TV3, leis an láithreoir leadránach beagfhoclach, na sosanna fógraíochta 25 nóiméad agus an seit neafaiseach.

Beimid ag tarraingt i gcoinnibh an aird in aghaidh na Fraince ar an Domhnach agus tá  feall Thierry Henry á thabhairt chun cuimhne i rith an ama.

Filleann an feall, nó faoi mar a dúirt Dunphy gealgháireach; ‘what goes around comes around, baby’.

Fág freagra ar 'EURO 2016: Sa leithreas a bhí ár léirmheastóir nuair a scóráil Robbie Brady…'