EURO 2016 ón gCÚITS: Ní thugann gach rud maith ach a sheal…

Ar feadh scaithimh thosaigh an tsamhlaíocht ag rith léi féin agus bhí ár léirmheastóir ag lorg an ghutháin le fáil amach cé a bheadh linn tar éis dúinn an ceann is fearr a fháil ar Shasana

INPHO/James Crombie
INPHO/James Crombie

‘Ní thugann gach rud maith ach a sheal’ ach ba dhiail é fad a mhair sé.

Ní raibh an neomat go leith féin caite nuair a bronnadh cic éirice orainn. Báide aimsithe ag Robbie Brady; an phéint á baint de chiumhais an pholla ag an liathróid ar a slí isteach di. An dara báide is tapúla a scóráladh i stair an chomórtais, a dúradh linn go caithréimeach.

Cheap na Francaigh gur tháinig sé deas bog orainn ach d’fhógraíomar orthu dul ag feadaíl dóibh féin agus cuimhne againn i gcónaí ar láimhseáil shlítheánta Henry.

Ar feadh scaithimh thosaigh an tsamhlaíocht ag rith léi féin. Bhíos féin ag lorg an ghutháin le fáil amach cé a  bheadh linn tar éis dúinn an ceann is fearr a fháil ar Shasana. Chaitheas guaim a choimeád orm féin.

Canránaithe an phainéil ag tabhairt éagóracha na staire chun cuimhne roimh an gcluiche. Brady ag rá go raibh lascadh ag dul chuig na Francaigh, Dunphy ag cur síos ar karma agus dríodar cainte faoi the ‘fighting Irish’.N’fheadar Dia ná duine cé mhéad babhta atá báide Brady taispeánta le laethanta anuas agus bhí báide Henry á thabhairt chun cuimhne i rith an ama chomh maith. Thosaigh Brady agus Dunphy ag rith le brothall ábhairín is iad ag fógairt go mbuafadh Éire. ‘I wouldn’t be particularly optimistic,’ a dúirt Giles, ach n’fheadar an raibh an fear céanna riamh dóchasach.

Sall linn go Stade de Lyon mar a raibh George Hamilton agus Jim Beglin le sinn a thionlacan tríd an gcéad chluiche riamh ag Éirinn sna babhtaí díbeartha i gcomórtas na hEorpa. Meabhraíodh dúinn gurb é George Hamilton an t-aon iriseoir Éireannach a bhí ag gach comórtas ó 1988 i leith. Chonaic píosa beag físe ar na meáin shóisialta a thaispeáin Seamus Coleman ag úsáid a scileanna caide leis an liathróid a phiocadh suas. Cúis gáirí chugam. Thaispeáin Shane Long mianach CLG chomh maith nuair a chuir sé Pogba siar ar a thóin gan taise ná trua.

Bratach na hÉireann le ‘Scaoil Amach an Bobailín’ scríofa uirthi ag snámh os cionn an tslua. Ba líonmhaire i bhfad lucht na Fraince ná muintir na hÉireann ach níor chuir sin lagmhisneach orthu. Thuigeamar ar fad go mbeimis ag tarraingt i gcoinne an aird. Foireann na Fraince breac le piardaí móra a thuilleann níos mó in aghaidh na seachtaine ná mar a thuilleann cuid de na himreoirí Éireannach in aghaidh na bliana.

Gaisce déanta sa chéad leath ach sinn fé léigear go hiomlán sa darna leath agus dhein Antoine Griezmann file caoch dúinn ar feadh cúpla neomat. Buille maraithe na muice ba ea é nuair a fágadh sinn i dtaobh le deichniúr.

Tá na scéalta seoigh faoi lucht leanta na hÉireann le cúpla seachtain anuas tar éis conach a chur ar lucht na soiniciúlachta. Iad bréan de mhuintir na hÉireann a bheith ag déanamh comhghairdeachas leo féin as a bheith chomh hiontach sin. Tá sé an-deacair gan imeacht le sruth, áfach agus is fearr ar fad an íomhá atá tugtha ag lucht leanta na hÉireann dá dtír ná mar atá déanta ag a macasamhla ón Rúis agus Sasana.

Faoi mar deir lucht Après Match.

‘They’re hairy and farty and they like to party, that’s the Irish.’

Ár mbuille tugtha ach cuimhní againn a fhanfaidh linn ar feadh i bhfad.

Fág freagra ar 'EURO 2016 ón gCÚITS: Ní thugann gach rud maith ach a sheal…'