EURO 2016: Ceithre fhoireann a thabharfadh spreagadh don Íoslainn…

Tá taispeántais na hÍoslainne ag EURO 2016 tagtha aniar aduaidh ar go leor ach ní hiad an chéad fhoireann riamh a bhain creathadh as Craobh na hEorpa

An Ghréig – 2004

Agus iad ag imirt in aghaidh na foirne baile, an Fhrainc, oíche Dé Domhnaigh, is údar spreagtha don Íoslainn gaisce na Gréige ag EURO 2004. Ní hamháin gur sháraigh foireann Otto Rehhagel an Phortaingéil, an fhoireann baile, sa chéad chluiche den chomórtas, ach fuair siad an ceann is fearr arís sa chluiche ceannais. Bhí bua na Gréige sa chomórtas ar cheann de na buanna gan choinne is mó i saol an tsacair.

raibh cluiche buaite riamh acu i gCraobh Sacair na hEorpa roimhe seo agus bhí 250/1 ar fhoireann Rehhagel roimh thús an chomórtais.

Stíl thar a bheith cosantach ach thar a bheith éifeachtach a bhí acu. Bhuaigh siad 1-0 sa chluiche ceathrú ceannais, sa chluiche leathcheannais agus sa chluiche ceannais, agus ba le buille cinn a fuarthas gach ceann de na trí chúl.

Poblacht na Seice – 1996

Imreoir na Seice, Vladimír Šmicer
Imreoir na Seice, Vladimír Šmicer.

Ba é EURO ’96 an chéad chomórtas a d’imir Poblacht na Seice tar éis dóibh saoirse a bhaint amach agus tá cosúlacht nó dhó idir feachtas Phoblacht na Seice i 1996 agus feachtas Phoblacht na hÉireann i mbliana. Ba chun leasa an dá fhoireann an méadú a tháinig ar líon na bhfoirne sa chomórtas agus thug an dá fhoireann na cosa leo as babhta na ngrúpaí le bua ar dhara foireann na hIodáile.

Mo léan, tháinig deireadh le feachtas fhoireann Martin O’Neill sa dara babhta i gcoinne na Fraince, ach bhain Poblacht na Seice áit amach sa chluiche ceannais féin le cabhair leithéidí Pavel Nedvěd, Patrik Berger, Vladimír Šmicer agus Karel Poborský.

Sháraigh siad an Phortaingéil sa chluiche ceathrú ceannais agus an Fhrainc ina dhiaidh sin. Is i gcoinne na Gearmáine a bhí siad sa chluiche ceannais i Wembley. Fuair Berger cúl sa dara leath a d’fhág na Seicigh chun cinn ach tháinig Oliver Bierhoff isteach mar fhear ionaid don Ghearmáin agus d’fhág sé a rian ar an imirt. Ba é Bierhoff a fuair an cúl a chinntigh go mbeadh am breise ann agus ba é a scóráil an ‘cúl órga’ le linn an am breise sin chun an corn a bhuachan don Ghearmáin.

An Danmhairg – 1992

Seachtain roimh thús EURO 1992, ní raibh an Danmhairg le bheith páirteach sa chomórtas in aon chor. Bhí siad pointe taobh thiar den Iúgslaiv ag deireadh na mbabhtaí cáilithe ach nuair a bhris cogadh cathartha amach sa tír sin díreach roimh an gcomórtas, cuireadh bac orthu ó na EUROs agus tugadh bheith istigh don Danmhairg ina n-áit. Mar bharr ar an donas, ní raibh an t-imreoir is fearr a bhí acu, Michael Laudrup, toilteanach imirt leo ag an am toisc go raibh easaontas idir é féin agus bainisteoir na foirne, Richard Møller Nielsen, faoin stíl imeartha a bhí in úsáid aige.

Bhuaigh siad ar an bhFrainc sa chluiche deireanach den ghrúpa cáilithe chun áit a bhaint amach sa chluiche leathcheannais, áit a raibh an Ísiltír, curaidh EURO 1988, rompu. Theastaigh ciceanna éirice sa deireadh agus ba é Peter Schmeichel, cúl báire na Danmhairge laoch na himeartha.

Ba iad an Ghearmáin, a bhí ag imirt mar aon fhoireann amháin den chéad uair i gcomórtas mar seo, a bhí ag fanacht ar an Danmhairg sa chluiche ceannais.

Chuir an Danmhairg tús iontach leis an gcluiche agus cúl acu sula raibh 20 nóiméad caite. Fuair siad cúl eile roimh dheireadh na himeartha chun bua stairiúil a bhaint amach.

An tSeicslóvaic – 1976

Tá foireann na hÍsiltíre, arbh é Johann Cruyff a lóchrann, agus foireann na Gearmáine a raibh Franz Beckenbauer ina cheann feadhna orthu,  i measc na bhfoirne is mó a mhaireann i gcuimhne na daoine ó na seachtóidí. B’iad a d’imir i gcluiche ceannais Chorn an Domhain 1974, nuair a fuair na Gearmánaigh an ceann is fearr ar ‘totaalvoetbal’ na hÍsiltíre.

haon áibhéil mar sin a rá go raibh bua na Seicslóvaice i EURO 1976 ar cheann de na buanna gan choinne is mó i scéal an tsacair. D’éirigh leo foireann Cruyff agus foireann Beckenbauer a chloí le linn an chomórtais.

Fuair siad an ceann is fearr ar an Ísiltír sa chluiche leathcheannais i gcluiche achrannach. Cuireadh triúr den pháirc, beirt ón Ísiltír agus duine ón tSeicslóvaic. Bhí am breise ag teastáil agus b’iad fir oirthear na hEorpa a thug an lá leo, 3-1, tar éis dóibh Cruyff a choinneáil faoi smacht.

Ceithre lá ina dhiaidh sin thug siad aghaidh ar na Gearmánaigh. Bhí an tSeicslóvaic 2-0 chun cinn taobh istigh de 25 nóiméad ach rinne an Ghearmáin teacht aniar iontach agus bhí na foirne ar comhscór nuair a fuar siad an dara cúl nóiméad roimh dheireadh na himeartha. Comhscór a bhí ann i ndiaidh am breise freisin agus, den  chéad uair riamh i gcluiche ceannais mhórchomórtas idirnáisiúnta, ciceanna éirice a shocraigh cé a thabharfadh an corn leo.

Nuair a chuir Uli Hoeness an ceathrú cic pionóis ag an nGearmáin amú, bhí deis ag Antonin Panenka an chraobh a bhuachan don tSeicslóvaic, deis a thapaigh sé le smitín gleoite. Ó shin i leith, tugtar ‘Panenka’ ar chic éirice den chineál a bhuaigh EURO 1976 don tSeicslóvaic.

Fág freagra ar 'EURO 2016: Ceithre fhoireann a thabharfadh spreagadh don Íoslainn…'