Erik ten Hag ceaptha ina bhainisteoir ar Manchester United

Is mór an dúshlán atá roimh Ten Hag mar is beag rath a bhí ar United ó d’éirigh Alex Ferguson as mar bhainisteoir nach mór deich mbliana ó shin

Erik ten Hag ceaptha ina bhainisteoir ar Manchester United

Erik ten Hag, príomhchóitseálaí Ajax, a bheidh ar an gcéad bhainisteoir eile ar Manchester United. 

Ag deireadh an tséasúir seo a rachaidh Ten Hag i mbun oibre in Manchester agus mairfidh a chonradh go dtí Meitheamh 2025.

Ceapadh Ten Hag, atá 52 bliain d’aois, mar phríomhchóitseálaí ar Ajax in 2017. Roimhe sin bhí sé i bhfeighil ar an dara foireann ag Bayern Munich, áit ar oibrigh sé le Pep Guardiola, bainisteoir Manchester City.

Agus Ten Hag ar an stiúir bhain Ajax babhtaí leathcheannasis Chorn na gCuradh amach, mar ar chaill siad cluiche drámatúil in aghaidh Tottenham Hotspur. 

Bhuaigh sé an Eredivisie, príomhroinn na hÍsiltíre,  leis an gclub in 2019 agus in 2021. Tá Ajax ag barr na sraithe faoi láthair agus farassbarr ceithre phointe acu. 

Tuairiscítear go bhfuil sé i gceist ag Ten Hag a leasbhainisteoir, Mitchell van der Gaag, a thabhairt leis ó Ajax go dtí Manchester United.

Dúirt Ten Hag gur ónóir mhór a bhí ann a bheith ceaptha ina bhainisteoir ar United agus go raibh sé ar bís faoin dúshlán a bhí roimhe. 

“Tá cur amach agamsa ar stair an tsárchlub seo, tuigim paisean a lucht leanúna, agus táim meáite ar fhoireann a fhorbairt a nbeidh rath uirthi, rud atá tuillte ag an lucht leanúna,” arsa bainisteoir nuacheaptha Manchester United.

Is mór an dúshlán atá roimh Ten Hag mar is beag rath a bhí ar United ó d’éirigh Alex Ferguson as mar bhainisteoir nach mór deich mbliana ó shin.

An tseachtain seo féin chaill siad 4-0 in aghaidh a sean-naimhde Liverpool, a bhuail 5-0 iad in Old Trafford níos túisce an séasúr seo. Tá Manchester United sa séú háit i bPríomhroinn Shasana faoi láthair agus iad 23 pointe taobh thiar dá gcomharsana, Manchester City.

Tiocfaidh Erik ten Hag i gcomharbacht ar Ralph Rangnick a ceapadh ina bhainisteoir eatramhach ar United nuair a tugadh bata agus bóthar d’Ole Gunnar Solskjær mí na Samhna seo caite.

Fág freagra ar 'Erik ten Hag ceaptha ina bhainisteoir ar Manchester United'