Eolas ‘suntasach’ tagtha chun solais faoi chás mná as Conamara atá ar iarraidh le 30 bliain

Fáilte curtha ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh roimh an scéal go bhfuil 'eolas suntasach' tagtha chun solais i gcás Bhairbre Bhreathnach a d’imigh gan tásc gan tuairisc óna teach i gCarna i gConamara cothrom an ama seo 30 bliain ó shin

 

31/10/2012 Gardai on duty Outside Government Buildings. Pictured are Gardai outside Government Buildings and the Department of the Taoiseach on a rainy Wednesday. Garda are stationed outside the office every day. Photo: Mark Stedman/Photocall Ireland
Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

Tá ‘eolas suntasach’ nua tagtha chun solais i gcás Bhairbre Bhreathnach a d’imigh gan tásc gan tuairisc óna teach i gCarna i gConamara cothrom an ama seo 30 bliain ó shin.

Screen-Shot-2015-06-16-at-00.18.49

Thug an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh as Conamara le fios inné gur dheimhnigh an tArd-Cheannfort Tom Curley dó go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag an nGarda Síochána ar an gcás agus eolas nua aimsithe acu ina thaobh.

‘As part of this review a number of new lines of enquiry have been generated and a significant amount of information has been gleaned as a result,’ a dúradh leis an Seanadóir.

Chuir an Seanadóir fáilte inné roimh dheimhniú an Ard-Cheannfoirt go bhfuil, mar a tuairiscíodh anseo cheana, fiosrúchan á dhéanamh in athuair sa chás.

“Teastaíonn ó mhuintir Bhreathnach, a bhfuil aithne mhaith agam orthu, fáil amach céard a tharla dá máthair. Tuairiscíodh ar an 29 Meitheamh 1985 go raibh sí ar iarraidh, tar éis di a bheith le feiceáil don uair deiridh ag cóisir ina teach i Ruisín na Maithníoch, Carna, ar an 22 Meitheamh an bhliain sin agus tá sí ar liosta na ndaoine atá ar iarraidh ariamh anall ó shoin.

Trevor Ó Clochartaigh
Trevor Ó Clochartaigh

“Bhí Barbara Walsh, máthair teaghlach óg nuair a chuaigh sí ar iarraidh, tríocha trí bliain d’aois ag an am. Cuireadh in iúl dom go raibh fiosrúcháin dhá dhéanamh arís maidir len í a bheith ar iarraidh agus d’iarr mé ar an bPríomh Cheannfort, Tom Curley soiléiriú a thabhairt faoi seo,” a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Thug an tArd-Cheannfort Curley le fios nach mbeadh sé “appropriate to disclose specific details of any information gleaned as a result of the current review’’ toisc gur ‘fiosrúchán beo’ a bhí i gceist.

“Fáiltím roimh an t-athbhreithniú seo agus tá súil agam i mo chroí istigh go scallfaidh sé solas ar na cúinsi a ndeachaigh Barbara Walsh ar iarraidh.  Bhéinn ag súil go mbeidh an fhiosrúchan tapaidh, cuimsitheach agus go dtabharfaidh sé an scéal chun clabhsúir do chlann Barbara Walsh atá trína cheile go mór ariamh anall ó chaill siad í,” a dúirt Seanadóir Ó Clochartaigh.

Fág freagra ar 'Eolas ‘suntasach’ tagtha chun solais faoi chás mná as Conamara atá ar iarraidh le 30 bliain'