Eolas faoi atheagar nuachta ‘ró-íogair’ le scaoileadh

Cáipéisí faoin atheagar ar sheirbhísí nuachta Gaeilge RTÉ diúltaithe do Tuairisc.ie mar nach ar ‘leas an phobail’ é iad a chur ar fáil

Kevin Bakhurst, Bainisteoir Stiúrtha Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ ag seoladh seirbhís nuachta Gaeilge ar líne i gCasla le déanaí. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
Kevin Bakhurst, Bainisteoir Stiúrtha Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ ag seoladh seirbhís nuachta Gaeilge ar líne i gCasla le déanaí. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Dhiúltaigh RTÉ cáipéisí a bhaineann leis an atheagar ar a sheirbhísí nuachta Gaeilge a scaoileadh le Tuairisc.ie ar an gcúis go raibh an t-eolas iontu ‘ró-íogair’ agus ‘nach ar leas an phobail’ a bheadh sé iad a chur ar fáil faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise.

Rinne Tuairisc.ie iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI) ar aon cháipéisí a bhain leis an gcónascadh idir seirbhísí nuachta Gaeilge RTÉ/Nuacht TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúirt RTÉ nach bhfuil aon taifid acu a bhaineann le cónascadh idir na seirbhísí ach go bhfuil doiciméid á gcoinneáil acu a ghabhann le “hatheagar a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na seirbhísí nuachta Gaeilge”. I measc na gcaipéisí sin, tá miontuairiscí chruinnithe an Ghrúpa Oibre Gaeilge a tionóladh idir Márta agus Meán Fómhair 2013; litreacha agus comhfhreagras ríomhphoist idir an lucht bainistíochta agus na ceardchumainn maidir leis an nGrúpa Oibre a chur ar bun; téarmaí tagartha an Ghrúpa Oibre féin; agus comhfhreagras ríomhphoist idir an lucht bainistíochta agus lucht Acmhainní Daonna.

Tá cáipéisí beartais a bhaineann le struchtúir inmheánacha RTÉ ar na taifid a iarradh, straitéis bainistíochta na heagraíochta san áireamh.

Cinneadh gur ábhar ró-íogair a bhí san ábhar seo agus go ndéanfaí dochar do sheasamh idirbheartaíochta RTÉ dá scaoilfí é. Dúradh freisin gurbh ionann nochtadh na dtaifead agus sárú dualgais rúndachta agus, tríd is tríd, nach ar leas an phobail a bheadh sé an méid a iarradh a chur ar fáil.

Bhí idirbheartaíocht i dtaca le hatheagar na seirbhíse nuachta Gaeilge ar siúl le roinnt blianta anuas. Socraíodh le gairid gur as ceannáras Raidió na Gaeltachta a léifí nuacht raidió feasta ar gach seribhís raidió de chuid RTÉ agus go mbeadh comhoibriú idir na seirbhísí Gaeilge le hábhar a sholáthar ar líne. Sheol RTÉ seirbhís nuachta nua Gaeilge ar líne le déanaí.

B’iad oibrithe RTÉ Raidió na Gaeltachta ba mhó a chuir a gcosa i dtaca maidir leis an atheagar nuachta a fógraíodh i Lúnasa 2012.

Nuair a fógraíodh an t-atheagar den chéad uair, d’eisigh foireann RTÉ RnaG ráiteas ina ndúradh gur “masla” agus “ísliú céime” a bhí i gceist don stáisiún.

Agus é ar cuairt ag ceannáras TG4 i mBaile na hAbhann i gConamara i Feabhra 2013, dúirt Ceannasaí Nuachta RTÉ, Kevin Bakhurst, go raibh an t-atheagar “cosúil leis an gcéad chogadh domhanda” agus go raibh gach duine “sáinnithe sna trinsí agus gan aon dul chun cinn á dhéanamh”.