Eolas dá laghad faoi cathain a dhéanfar cinneadh faoi chonradh do sheirbhís aeir Oileáin Árann

Ní raibh Roinn na Gaeltachta ábalta a rá le Tuairisc.ie an ndéanfaí fógra faoin gconradh nua roimh dheireadh na bliana seo, ná cathain a dhéanfaí an fógra sin

Eolas dá laghad faoi cathain a dhéanfar cinneadh faoi chonradh do sheirbhís aeir Oileáin Árann

Níl a fhios ag Roinn na Gaeltachta cathain a thiocfaidh deireadh leis an bpróiseas meastacháin ar na  tairiscintí ar an gconradh nua do sheirbhís aeir a chur ar fáil d’Oileáin Árann.

Nuair a d’fhiafraigh Tuairisc.ie den Roinn an ndéanfaí fógra faoin gconradh nua roimh dheireadh na bliana seo, ní fheadfaidís a rá cathain a dhéanfaí an fógra sin.

“Tá an próiseas measúnaithe ar na  tairiscintí ar siúl faoi láthair.  Ach an próiseas sin bheith críochnaithe, beidh fógra faoin toradh á dhéanamh,” a dúirt urlabhraí na Roinne.

Cuireadh an spriocdháta do thairiscintí ar sheirbhís aeir d’Oileáin Árann siar seacht n-uaire toisc nach raibh aon socrú déanta ag Roinn na Gaeltachta le húinéirí Aerfort na Mine maidir lena úsáid.

Ba é an 16 Meán Fómhair an spriocdháta sa deireadh do thairiscintí agus, coicís ina dhiaidh sin, d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta go raibh síneadh ama á chur leis an gconradh atá ag an gcomhlacht Aer Arann Islands chun an tseirbhís aeir a chur ar fáil fad is a bhí an próiseas tairisceana fós ar siúl. Ar an 26 Meán Fómhair, dúirt an tAire Stáit Gaeltachta Seán Kyne go raibh “muinín” aige go dtiocfadh “deireadh leis an bpróiseas sna seachtainí amach romhainn ar bhealach a thugann cinnteacht do mhuintir na n-oileán”.

Ba ar an 1 Aibreán a fógraíodh go raibh tairiscintí á lorg athuair don chonradh do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann agus ba é an 3 Meitheamh an chéad spriocdháta a bhí luaite.

Bhí moill ar an bpróiseas, áfach, toisc nach raibh aon socrú déanta maidir leis na costais a bhainfeadh le soláthar Aerfort na Mine.

Bhain conspóid mhór le fógra na bliana seo caite gurbh iad Executive Helicopters Limited a roghnaíodh le seirbhís aeir a chur ar fáil do mhuintir Árann.

Ba é toradh na conspóide sin ná gur fhógair iar-aire stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, ar an 25 Meán Fómhair 2015, go raibh deireadh curtha aige leis an bpróiseas tairisceana don aersheirbhís agus go raibh próiseas nua á chur ar bun aige.

Chuir muintir Árann feachtas ar siúl ag éileamh gur seirbhís eitleáin ó Aerfort na Mine in Indreabhán go dtí na hoileáin a bheadh ann seachas seirbhís héileacaptair as an gCarn Mór sa Ghaillimh.

Fág freagra ar 'Eolas dá laghad faoi cathain a dhéanfar cinneadh faoi chonradh do sheirbhís aeir Oileáin Árann'