Eolas á lorg ag na Gardaí faoi thimpiste ónar theith an tiománaí i nGaeltacht na Mí

Deirtear nár stop an veain a bhuail coisí a bhí ag siúl óna theach go dtí sráidbhaile Ráth Chairn

Eolas á lorg ag na Gardaí faoi thimpiste ónar theith an tiománaí i nGaeltacht na Mí

Tá achainí déanta ag na Gardaí ar an bpobal aon eolas a bheadh acu faoi thimpiste buille is teitheadh i nGaeltacht na Mí ag deireadh na míosa seo caite.

Agus an cás faoi chaibidil ar Crimecall ar RTÉ an tseachtain seo, dúradh go raibh na Gardaí ag lorg tiománaí nár stop ag timpiste a tharla i Ráth Chairn ar an 28 Meán Fómhair idir 20.30 – 21.00.

Tharla an timpiste gar don chomhartha rialaithe tráchta atá in aice le Coláiste Pobail Ráth Chairn, agus deirtear nár stop tiománaí an veain a bhuail an coisí a bhí ag siúl óna theach go dtí sráidbhaile Ráth Chairn.

Tá na Gardaí atá ag fiosrú na timpiste den tuairim go bhféadfadh gur veain dhubh i stíl an Renault Traffic nó an Ford Transit, a táirgeadh ó 2015, an veain a bhuail an coisí.  Bhí an veain ag dul an treo céanna leis an té a gortaíodh go dona.

B’éigean obráid mhór a chur ar an gcoisí de bharr na ngortuithe a bhain dó sa timpiste seo.   

Iarrtar ar éinne a bhfuil aon eolas acu faoin scéal teagmháil a dhéanamh le Stáisiún na nGardaí i mBaile Átha Buí ag an uimhir 046 943 2201.

Fág freagra ar 'Eolas á lorg ag na Gardaí faoi thimpiste ónar theith an tiománaí i nGaeltacht na Mí'