Eolas á lorg ag na Gardaí faoi chás mná Gaeltachta 35 bliain ó d’imigh sí gan tásc gan tuairisc

D’imigh Barbara Walsh, a raibh seachtar clainne uirthi, gan tásc gan tuairisc ó chóisir ina teach i gCarna ar an 22 Meitheamh 1985

Eolas á lorg ag na Gardaí faoi chás mná Gaeltachta 35 bliain ó d’imigh sí gan tásc gan tuairisc

35 bliain ó d’imigh Barbara Walsh gan tásc ná tuairisc óna teach cónaithe i gConamara, tá achainí déanta ag na Gardaí ar an bpobal aon eolas a bheadh acu faoin gcás a chur ar fáil.

D’imigh Barbara Walsh, a raibh seachtar clainne uirthi, gan tásc gan tuairisc ó chóisir ina teach i gCarna i Meitheamh 1985 agus ní fhacthas ó shin í.

Beidh an cás faoi chaibidil ar Crimecall ar RTÉ anocht.

Deir an Bleachtaire Sáirsint atá i bhfeighil an fhiosrúcháin Colm Mac Donnchadha  gur “pobal dlúth Gaeltachta  muintir Charna” agus gur dóigh leis na Gardaí go mb’fhéidir go bhfuil daoine ann a bhfuil eolas acu a d’fhéadfadh a bheith ina chabhair.

“Tuigimid go maith go maireann muid i ré atá an-difriúil ó 1985 agus le himeacht ama go mb’fhéidir go mbeadh daoine níos mó ar a gcompord ag roinnt eolais linn,” arsa an Bleachtaire Sáirsint.

Tá deartháir Barbara Walsh, Páraic Lydon, agus a hiníon Katherine Connolly ag impí ar dhaoine chomh maith aon duine a mbeadh eolas aige an t-eolas sin a roinnt.

Bhí seachtar clainne ag Barbara Walsh, nó Bairbre Bhreathnach, agus a fear céile agus bhí cónaí orthu i Roisín na Mainiach atá thart ar cheithre chiliméadar ó Charna. Bhí cóisir ina dteach acu ar an 22 Meitheamh i 1985 ag a raibh cairde agus daoine muinteartha léi.

I measc na ndaoine a bhí i láthair ag an gcóisir an oíche sin bhí beirt Ghardaí.

Ar an 29 Meitheamh 1985, cuireadh fios ar na Gardaí ag rá go raibh Barbara Walsh ar iarraidh agus níor tugadh mórán aird ar an scéal sna meáin go ceann roinnt míonna ina dhiaidh sin toisc go raibh scéal amuigh go bhfillfeadh sí ar an mbaile.

Cailleadh MacDara Walsh, fear céile Bharbara, a thóg a gclann ina dhiaidh sin, in 2007.

Ní raibh aon toradh críochnúil ar an bhfiosrúchán sin 32 bliain ó shin. Cuireadh tús athuair leis an bhfiosrúchán samhradh na bliana 2015 agus ceistíodh muintir na háite agus na daoine a bhí ag an gcóisir sa teach.

Bhí aonad fothoinn an Gharda Síochána ag tumadóireacht  gar do Roisín na Mainiach i gCarna i gConamara mar chuid den fhiosrúchán.

Tá na Gardaí tar éis 112 gné éagsúil den chás a fhiosrú ó cuireadh tús leis an bhfiosrúchán athuair i mí Eanáir na bliana 2015 agus cuireadh beagnach 60 duine faoi agallamh.

Fág freagra ar 'Eolas á lorg ag na Gardaí faoi chás mná Gaeltachta 35 bliain ó d’imigh sí gan tásc gan tuairisc'

  • Ruth

    Go bhfaighfear an t-eolas a thabharfaidh faoisimh dá clann. Ní fhéadfainn é a shamhlú …