Eolaithe agus lucht creidimh ar aon intinn faoi chré Fhear Manach

Ceaptar go bhféadfaí suas le fiche antaibheathach a bhunú amach anseo ar eolas a baineadh as an gcré a bhí ar uaigh sagairt sa Bhotha

Eolaithe agus lucht creidimh ar aon intinn faoi chré Fhear Manach

Tá suim mhór á chur ar fud Mheiriceá sa scéal faoin sagart i gcontae Fhear Manach ar creideadh lena linn go raibh leigheas aige. An lá faoi dheireadh chuir bean atá ina cónaí in Arizona cóip chugam d’alt a foilsíodh thall faoi.

An tAthair James McGirr an t-ainm a bhí air. Ba é a bhí ina shagart paróiste sa mbliain 1803 in áit ar a dtugtar Botha i gcontae Fhear Manach.

Dúirt a lán gur leigheas sé cuid mhaith daoine lena linn ach níorbh é sin deireadh an scéil mar gur fhág sé le huacht go mairfeadh a chumhacht leighis ar bhealach eile tar éis a bháis.

‘Nuair a gheobhaidh mé bás,’ a dúirt sé, ‘leigheasfaidh an chré a bheas ar m’uaigh galar ar bith a bhí mé in ann a leigheas agus mé beo’.

Ní bheadh ar dhaoine ach beagán den chré a thabhairt chuig teach a mbeadh othar ann, paidreacha a rá, agus a bheith cinnte an chré a thabhairt ar ais chuig an uaigh aríst nuair a bheadh an té sin leigheasta.

Dúirt staraí as an áit go gcuirtí an chré in éadach agus go leagtaí faoi philiúr an othair é. Dúirt sé freisin go raibh sé thar a bheith tábhachtach i gcónaí an chré a chur ar ais.

Níor thug an Eaglais Chaitliceach beannacht don nós ariamh ach níor stop sin na daoine.

Is iomaí scéal mar seo ar fud na hÉireann ar ndóigh. Cheaptaí go mbíodh leigheas i dtoibreacha. Chuireadh daoine eile turas orthu féin go Cruach Phádraig, go Loch Dearg nó go Tobar Cholm Cille anseo i gConamara.

Ach tá casadh mór tábhachtach tagtha i scéal Fhear Manach.

Micribhitheolaí as ceantar Bhotha é an Dr Gerry Quinn. Tá seisean ar fhoireann idirnáisiúnta taighdeoirí atá ar thóir antaibheathaigh nua a rachadh i ngleic le baictéir nach bhfuil na drugaí atá ar fáil faoi láthair in ann an ceann is fearr a fháil orthu.

Chuala sé scéal an tsagairt go minic. Go deimhin bhíodh a mháthair féin ag cur síos dó air.

Mheas sé go bhféadfadh bunús eicínt a bheith leis an leigheas. Bhí an traidisiún chomh fada ar bun, a dúirt sé, gur dheacair a mhalairt a cheapadh.

Shocraigh sé a dhul i mbun taighde ar an gcré mhíorúilteach.

Nuair a rinne sé tástálacha sa tsaotharlann ba mhór an t-iontas a cuireadh air. Fuair sé cineál áirithe baictéir sa gcré nach raibh tuairisc ar bith air go dtí sin.

Bhí frithchoirpíní sa mbaictéar seo a bheadh in ann trí phataigin chontúirteacha sa gcolainn a mharú.

Pataiginí iad atá ina n-ábhar imní ar fud an domhain le fada an lá. Tá an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte ar a n-aireachas fúthu i gcónaí.

Ceapann an Dr Quinn go mb’fhéidir go bhféadfaí suas le fiche antaibheathach a bhunú amach anseo ar an eolas a bhain sé as an gcré a bhí ar uaigh an Athar Girr.

Caithfear neart trialacha eile a dhéanamh ach tá an chéad chéim tugtha agus eolaithe eile ag teacht isteach ar na trialacha anois freisin.

Ní minic a thagann eolaithe agus lucht creidimh ar aon intinn faoi scéal mar seo. Tharlódh sé nach leis an gCríostaíocht amháin a bhaineann cás Bhotha ach le creideamh na ndraoithe freisin.

Tá séipéal Críostaí i mBotha le breis agus 1,500 bliain ach cá bhfios nach láthair de chuid na ndraoithe a bhí ann roimhe sin? Tá snoíodóireacht chloiche Neoiliteach in aice láimhe atá ansin le 4,000 bliain.

Nuair a scaip an scéala faoin méid a bhí aimsithe ag an Dr Quinn thosaigh daoine ag tabhairt leo na cré as an reilig as éadan. Ba chuid bhunúsach den traidisiún go ndéanfadh lán méaracáin den chré an beart ach ní raibh aon mhaith ag daoine ann anois gan lán mála a thabhairt leo.

Sea agus dearmad á dhéanamh an chré a chur ar ais.

Tá daoine i mBotha a chreideann go mbeidh drochdheireadh ar an obair seo.

Ná déan nós agus ná bris nós, a déarfadh siadsan.

Fág freagra ar 'Eolaithe agus lucht creidimh ar aon intinn faoi chré Fhear Manach'