Eoin O’Duffy glanta de mhúrphictiúr i nGaelcholáiste tar éis gearáin 

Bhí Eoin O’Duffy ina bhall d’Óglaigh na hÉireann i rith Cogaidh na Saoirse agus chaith sé tréimhsí ina cheannaire ar Fhine Gael agus i gceannas ar Lucht na Léinte Gorma sna 1930idí

Eoin O’Duffy glanta de mhúrphictiúr i nGaelcholáiste tar éis gearáin 

Tá portráid d’Eoin O’Duffy glanta de mhórphictiúr in iarbhunscoil lán-Ghaeilge tar éis do dhaoine gearán a dhéanamh faoin bhfaisistí a bhí ina cheannaire ar na Léinte Gorma a bheith le feiceáil sa scoil.

Choimisiúnaigh Coláiste Oiriall, atá lonnaithe i gCnoc an Chonnaidh i Muineachán, múrphitciúr ina raibh daoine aitheanta ón gceantar le feiceáil ann agus nochtaíodh é an mhí seo caite.

Tá Aire na Gaeltachta Catherine Martin agus an t-iar-aire Gaeltachta Heather Humphreys i measc na bpolaiteoirí, lucht spóirt agus lucht ealaíne atá le feiceáil sa mhúrphictiúr. Mana i nGaeilge atá scríofa faoin múrphictiúr, a deir ‘Cuireann muintir s’againne san earrach agus baineann siad san fhómhar nó is le dúthracht a dhúisíonn siad le breacadh an lae’.

Bhí conspóid, áfach, faoi Eoin O’Duffy a bheith le feiceáil chun tosaigh sa phictiúr. Bhí O’Duffy, a rugadh i Loch Éigis i gcontae Mhuineacháin, ina bhall d’Óglaigh na hÉireann i rith Cogaidh na Saoirse agus chaith sé tréimhsí ina cheannaire ar Fhine Gael agus i gceannas ar na Léinte Gorma sna 1930idí. Throid sé ar son Franco i gcogadh cathartha na Spáinne.

Rinneadh gearáin le Coláiste Oiriall go raibh O’Duffy curtha sa mhúrphictiúr ag ceiliúradh mhuintir an cheantair.

Léirigh an grúpa Cairde na hÉireann de na Briogáidí Idirnáisiúnta míshástacht freisin agus dúradh go raibh sé “náireach” go mbeadh Coláiste Oiriall ag ceiliúradh O’Duffy.

Dúirt an grúpa gur “iontach” an píosa ealaíne a bhí ann ach nach raibh sé ag teacht le cur síos an ghaelcholáiste air féin mar “scoil fhorásach agus bhríomhar a bhíonn ag obair ar na caighdeáin is airde san fhoghlaim agus sa teagasc”. 

“Le bheith cruinn faoi, smál ar chlú na scoile sainchreidmheach atá sa mhúrphictiúr seo agus maslaíonn sé daoine eile a léirítear sa mhúrphictiúr fosta,” a dúradh ar leathanach Facebook an ghrúpa.

“Faisisteach míchlúiteach ab ea Ó Dufaigh a thacaigh leis na réimis cinedhíothaithe de chuid Hitler, Mussolini agus Franco. Mar gheall ar seo, tá sé riachtanach go gcuimhníonn muid é le drochmheas agus gan moladh ar bith a thabhairt dó.”

Thug urlabhraí de chuid na scoile le fios don Times go raibh an phortráid d’O’Duffy glanta den mhúrphictiúr.

Fág freagra ar 'Eoin O’Duffy glanta de mhúrphictiúr i nGaelcholáiste tar éis gearáin '

  • Seán Ó M

    Yaaay!

    Viva la Quinta Brigada!!

    https://m.youtube.com/watch?v=xQbXO828Vio

  • Pat Butler

    Vive la Quinta Brigada!
    No Pasaràn!

    Tréaslaím le seasamh dhaltaí na séú bliana.

    Bheadh Peadar O’Donnell an-mhórálach asaibh.

    Anois, cé a cheap go mba thuairim mhaith í O’Duffy a chur san áireamh?

  • Antóin

    Is iomaí craiceann a chuireann duine de i rith a shaoil. Ba dhuine aitheanta de mhuintir an cheantair O’Duffy. Ball d’Óglaigh na hÉireann agus de Shinn Féin. Ball den IRB a ghlac ceannaireacht ar Óglaigh na hÉireann i Muineachán le linn Chogadh na Saoirse. Ina TD sa dara Dáil. Thacaigh sé le Michael Collins agus leis an Chonradh Angla-Éireannach. Ina cheann foirne ar an Arm. Ina Choimisinéir ar An Gharda Síochána agus ina cheannaire ar na Léinte Gorma. Agus luí aige ar ndóigh le macasamhail Franco agus Mussoliní. Cuid de stair na tíre seo é áfach, cuid de stair an cheantair sin, taitníodh sé leat nó ná taitníodh sé leat.

  • Annette

    Go díreach le soiléiriú ní dhearna aon dalta 6ú bliana nó aon dalta eile gearán faoi aon duine ar an mhúrmhaisiú in am ar bith.

  • Séamas Mac Coitir.

    Bíonn dhá insint ar scéal agus bíonn dhá ghabháil déag ar amhrán. Rinne an Ginearál Eoin O’Duffy, obair éachtach nuair a bhunaigh sé An Garda Síochána, tar éis do teacht i gcomharba ar Michael Staines, tar éis dó siúd éirí as mar gheall ar an gceannarc sna gardaí.

    Tugadh neamhspleáchas nach beag do O’Duffy, réimeas smachta – tóg é nó fág é, a chur i bhfeidhm i measc gardaí. D’éirigh leis forlámhas iomán a fháil ar an bhfórsa taobh istigh d’achar gearr. Ní raibh sé éasca smacht a chur na gardaí, ina theannta sin, bhí áiteanna áirithe sa tír nach raibh aon aird ar an dlí ón mbliain 1919 i leith.

    Nuair a bhris an Taoiseach Éamon de Valera, O’Duffy, as a phost, sa bhliain 1933, chaill sé guaim air féin agus chuaigh sé le cuthach ar fad. Bhí sé ina cheannaire ar na léinte gorma, agus chuaigh sé fein agus díorma fear go dtí an Spáinn ag troid ar son Franco. Ní saighdiúirí oilte a bhí iontu ar chor ar bith, agus tharraing siad droch-cháil ortu féin toisc go raibh siad neamhchumasach amach is amach mar throdairí. Sin é mo scéalsa go dtí seo.

  • Pat Butler

    Ceist nó dhó orthusan a cheadaigh íomhá Eoin Uí Dhufaigh a chur leis an múrphictiúr sa chéad dul síos.

    1. Bhfuil oiread agus dalta amháin sa scoil a shíolraíonn as aon chúlra eitneach eile seachas eitneachas na hÉireann?

    2. Má tá, is tá súil le Dia agam go bhfuil, ar rith sé libh in ao’chor gur masla glan a bheadh ann don dalta sin ar bhonn laethúil go mbeadh íomhá Phríomh Fhaisisteach Éireann in ionad onóra san áit is mó tearmann agus fothain don dalta sin lasmuigh den teaghlach baile féin?

    3. Munar rith an cheist sin libh roimhré, nó munar pléadh í fiú, tá sé in am agaibh iniúchadh géar, macánta a dhéanamh ar cé chomh san airdeall atá sibh ar chonas íogaireacht agus dínit na Gaeil nua atá inár measc a aithint is a chosaint, daltaí atá i dteideal ár bhfothain, ár mbarróg is ár ár dtearmann.

    Tá sé dian a ndóthain orthu ar an tsráid, seachas iad a mhaslú, go hoifigiúil, ar bhonn laethúil ar scoil.

    Tréaslaím libh, áfach, gur bhain sibh anuas íomhá nár cheart bheith i dteideal aon saghas uirrime. Cuma cad iad na buanna a bhí ag an bhfear, cealaítear iad uile leis an seasamh Faisisteach a ghlac sé chuige féin le fonn, a chrabhscaoil sé le díogras, a throid sé ar a shon go mí-náireach sa Spáinn, agus a chleachtaigh sé le mórtas go béal na huaighe.