‘Eoghainín na nÉan’ incurtha le haon rud le Hans Christian Andersen’ – scéalta an Phiarsaigh ar stáitse arís

Tá Eoghainín na nÉan agus an scéal aoibhinn eile úd leis an bPiarsach, Íosagán, á chur chun stáitse anois ag an gcumadóir Colm Ó Foghlú mar imeacht de chuid IMRAM

EnaE Last Scene copy

Tar uait isteach, a pheata. Tá sé ag éirí fuar.

Ní fhéadaim corraí go fóill beag, a mháithrín. Tá mé ag fanacht leis na fáinleogaibh.

Cé leis, a mhaicín?

Leis na fáinleogaibh. Tá mé ‘ceapadh go mbeidh siad anseo anocht.

 

Sibhse a bhfuil an scéal gleoite thuas léite agaibh, tá a fhios agaibh go dtagann na fáinleoga agus go dtéann Eoghainín ina dteannta go dtí an tír ‘ina mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí’.

Eoghainín na nÉan agus an scéal aoibhinn eile úd leis an bPiarsach, Íosagán, á chur chun stáitse anois ag an gcumadóir Colm Ó Foghlú mar chuid d’Fhéile Litríochta IMRAM.

In Amharclann an Axis i mBaile Munna, Baile Átha Cliath a léireofar é Dé hAoine agus Dé Sathairn na seachtaine seo. Tá i gceist ag Ó Foghlú na scéalta a chur i láthair i gcruth ceol nuachumtha, beochan, amhráin, puipéadóireacht agus, ar ndóigh, aisteoireacht stáitse.

Ag caint dó le Tuairisc.ie, mhínigh Ó Foghlú céard a mheall chuig na scéalta é agus cén fáth ar mhaith leis iad a chur os comhair aos óg na linne seo.

“Is as Carna do mo mháthair. I gcaitheamh an tsamhraidh raghaimis siar agus stopfaimis ag Teach an Phiarsaigh – mar sin, tá an ceangal sin ann. Anuas air sin, is dócha go bhféadfaí a rá gur maith le daoine óga scéalta a bhaineann le daoine óga,” a dúirt sé.

Agus a oiread cainte ann faoi chomóradh 1916, shílfeá go raibh tionchar aige sin ar chinneadh an chumadóra na scéalta áirithe seo a roghnú.

“Tá gach duine ag caint ar chomóradh 1916 agus ar cheisteanna tromchúiseacha a bhaineann leis an Éirí Amach agus mheasas-sa go mbeadh sé go deas díriú ar rud éigin níos éadroime, chomh fada is a bhaineann leis an bPiarsach.”

Dúirt Ó Foghlú chomh maith go mbíodh an cnuasach téacsanna Ó Pheann an Phiarsaigh aige ar scoil. Mar sin, ní inniu ná inné a chuir sé suim den chéad uair i saothar cheannaire an Éirí Amach.

Le cois an cheangail sin a bhraitheann Colm leis na scéalta, is mór é a mheas orthu mar shaothair chruthaitheacha iontu féin.

“Ceapaim féin go bhfuil Eoghainín na nÉan chomh cumasach le rud ar bith a scríobh leithéidí Hans Christian Andersen agus mar sin de. Sílim gur fiú rud éigin a dhéanamh leis na scéalta mar tá daoine eile in ann an taobh staire agus an taobh polaitíochta den Phiarsach a chíoradh agus a phlé gan aon stró”.

Taitníonn sé leis an gcumadóir go bhfuil “dlúthbhaint ag na scéalta leis an nádúr agus leis na séasúir” agus go bhfuil rud nó dhó le foghlaim ag páistí ón méid sin, cuma cén ghlúin lena mbaineann siad.

Gné eile de na scéalta nach dtagann aon aois orthu ná an “draíocht” a bhaineann leo, dar leis.

“Scéalta fíoráille mar mheafair de rudaí eile atá iontu agus tá draíocht ar leith ag baint leo,” a dúirt sé. Is é a thuairim féin go gcuirfidh geáitsíocht na bpuipéad leis an draíocht sin.

“Tiocfaidh puipéid ar an ardán agus tá sé fíorspéisiúil an chaoi a dtéann siad i bhfeidhm ort agus tú ag breathnú orthu. Ar bhealach, tá teacht i láthair iontu atá níos cumhachtaí ná an teacht i láthair a bhaineann le duine agus tá sé sin níos draíochtúla fós,” ar seisean.

Bhí ardmholadh aige don chriú atá ina theannta, á rá gur “aisteoirí, amhránaithe agus ceoltóirí den scoth iad”.

Is é an t-aisteoir Mícheál Ó Gruagáin an scéalaí agus “an-ghuth aige chuige”, dar le Ó Foghlú.

Ní gan dua atá an léiriú seo curtha i dtoll a chéile aige, mar sin féin.

“Tá cóiriú déanta air amhail is gur fuaimrian scannáin atá ann. Mar sin, ba dheacair uaireanta ceol a dhéanamh as comhrá na gcarachtar ach d’fhéach mé leis an gcaint agus an ceol a shníomh ina chéile sa gcaoi is go mbeadh leanúnachas ann. Sa mhéid sin, is léiriú ‘nuathraidisiúnta’ é seo, más féidir an focal sin a rá.”

Ag caint dó faoi na himeachtaí atá beartaithe le haghaidh chomóradh 1916, dúirt Ó Foghlú go mbeadh cuid mhaith acu dírithe ar dhaoine fásta agus go bhfuil tábhacht le freastal a dhéanamh ar ghasúir.

“Is beag imeacht gur féidir le daltaí scoile teacht chuige ach is deas gur féidir leo teacht chuig léiriú drámaíochta agus go bhfuil rud éigin feiceálach ann dóibh.

“Ní lucht na nGaelscoileanna amháin atá ag freastal ar na léirithe ach daltaí gnáthscoileanna Béarla chomh maith. Mar sin, cé nach dtuigfidh siad chuile fhocal den scéal, tabharfaidh siad a dhóthain leo tríd an gceol agus trí na híomhánna”.

Síleann Ó Foghlú go bhfuil blas ar an mbeagán chomh fada is a bhaineann le ceiliúradh a dhéanamh ar 1916 agus na pearsana móra a thabhairt chun cuimhne.

“Ní féidir le duine ach a rud féin a dhéanamh. Toisc go bhfuil an rud seo [i.e. an léiriú] níos lú, is féidir níos mó a chur isteach ann.”

Mheabhraigh sé dúinn go ndearna Pádraig Mac Piarais leagan stáitse de na scéalta seo cheana ach nár cuireadh ceol riamh leo, mar sin is cur chuige iomlán nua atá i léiriú Uí Fhoghlú.

Cúis áthais dó go bhfuil roinnt iarscoláirí de chuid Choláiste Eoin agus Choláiste Íosagáin páirteach sa léiriú, ina measc an puipéadóir Cillian Ó Donnachadha, an t-amhránaí Lynn Hilary, agus an léiritheoir Niamh Ní Chonchubhair, rud atá thar a bheith tráthúil agus oiriúnach agus duine ag cuimhneamh ar ainm an dara scéal a chuirfear i láthair an phobail.

 

– Is féidir an léiriú a fheiceáil Déardaoin an 22 Deireadh Fómhair ag 11am agus 7pm, agus Dé hAoine an 23 Deireadh Fómhair ag 11am, 1pm agus 7pm.

 

Fág freagra ar '‘Eoghainín na nÉan’ incurtha le haon rud le Hans Christian Andersen’ – scéalta an Phiarsaigh ar stáitse arís'