El Clásico Chorca Dhuibhne ar siúl ar Pháirc Ghallarais anocht!

Tá gaiscí nach beag déanta ag imreoirí óga na Gaeltachta agus an Daingin i dteannta a chéile ach cuirfidh siad an cairdeas ar leataobh i nGallaras anocht

 

GaeltachtP14-0044
Seán Ó Bambaire, An Ghaeltacht. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tabharfaidh mórfhoirne peile Chorca Dhuibhne, An Ghaeltacht agus An Daingean, aghaidh ar a chéile anocht i gcluiche ceathrú ceannais Craobh Faoi-21 Chiarraí. Bhí rath thar na bearta ar na himreoirí seo le blianta beaga anuas agus iad ag imirt i dteannta a chéile ar foireann Phobalscoil Chorca Dhuibhne ach cuirfidh siad an cairdeas sin go leataobh agus iad ag dul chun páirce i nGallaras ag 7i.n.

I bhfianaise na ngaiscí uile atá déanta ag imreoirí óga an cheantair le cúpla bliain anuas, is coimhlint í seo a mbeidh go leor daoine i gCiarraí Thiar ag súil leis, go háirithe nuair nach bhfuil An Ghaeltacht agus An Daingean sa ghrád céanna ag leibhéal na sinsear níos mó.

Bhí na foirne seo in ainm is teacht le chéile i gcluiche ceannais Chraobh Faoi-21 Chiarraí Thiar ag tús mhí Eanáir ach nuair a cuireadh tús le feachtas na Pobalscoile sa bhliain nua, ní rabhthas in ann am feiliúnach a fháil chun an cluiche a imirt.

Bhí ceiliúradh á dhéanamh sa dá pharóiste anuraidh nuair a thug na foirne leo péire de na comórtais faoi aois is mó sa chontae.

I mí Dheireadh Fómhair, rinne An Daingean éacht nuair a bhuaigh siad Craobh Mionúr an Chontae, iad ag fáil an ceann is fearr ar na Crócaigh, agus seachtain ina dhiaidh sin, ba ar fhir Chill Airne chomh maith a bhuaigh an Ghaeltacht i gcluiche ceannais Chraobh Faoi-21 na gClub. Críoch iontach le bliain ghlórmhar i stair peile Chiarraí Thiar.

Tá an dá chlub anois i measc na gclubanna is láidre sa chontae ag an aoisghrúpa seo, ach beidh an dá fhoireann d’uireasa cuid de na himreoirí is fearr anocht.

Agus Ciarraí ag tabhairt aghaidh ar Thiobraid Árann i gcluiche ceannais mionúr na Mumhan ar an Domhnach, ní bheidh fáil ag An Daingean ar Conchúir Ó Géibheannaigh, Tomás Ó Suilleabháin ná Marc Ó Conchúir, atá ina chaptaen ar fhoireann an chontae. Bhí an triúr sin ar phainéal mionúr Chiarraí a bhuaigh Craobh na hÉireann anuraidh chomh maith.

Ní bheidh teacht ar bheirt imreoirí ón nGaeltacht a bhí ar an bhfoireann sin; Brian Ó Beaglaoich (gortaithe) agus Tomás Ó Sé, an damhsóir aitheanta atá ag díriú ar a chuid rince faoi láthair.

Anuas air sin, tá gortaithe ag cur as do Sheán Ó Gairbhia agus Máirtín Ó Gormáin agus ní bheidh fáil ach an oiread ar Éanna Ó Conchúir, atá thar sáile.

Cé gur trua nach mbeidh na himreoirí sin ar fad ar fáil, fós beidh scata imreoirí ag imirt anocht a bhfuil boinn Uile-Éireann buaite acu, léiriú ar an rath atá ar imreoirí óga an cheantair le gairid.

Rinne buachaillí na Gaeltachta teacht aniar iontach i gcoinne Chiarraí Láir an tseachtain seo caite, rud a chruthaigh gur féidir leo déanamh d’uireasa cuid de na himreoirí is fearr atá acu.

Mar sin féin, cé go bhfuil imreoirí tábhachtacha in easnamh ar an Daingean chomh maith, d’fhéadfadh gur measa atá an Ghaeltacht buailte.

Pé rud a tharlóidh, is cinnte go mbeidh sárchoimlint anocht i nGallaras.

 

Fág freagra ar 'El Clásico Chorca Dhuibhne ar siúl ar Pháirc Ghallarais anocht!'