‘El Chois Fharraigó’ chugainn arís i gcraobh peile na Gaillimhe

Imreoidh An Spidéal agus Micheál Breathnach a chéile i nGrúpa A i gCraobh Shinsir Peile na Gaillimhe

‘El Chois Fharraigó’ chugainn arís i gcraobh peile na Gaillimhe

Imreoir an Spidéil, Brian Ó Conghaile. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tabharfaidh na comharsana béal dorais An Spidéal agus Mícheál Breathnach aghaidh ar a chéile i gCraobh Shinsir Peile na Gaillimhe i mbliana agus iad sa ghrúpa céanna.

Rinneadh an tarraingt do chraobh 2020 beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta aréir agus cuireadh an dá fhoireann as Cois Fharraige i nGrúpa B, i gcuideachta Réalta Thuama, Baile an Mhuilinn, Cathair Loistreáin agus An Creagán-Maigh Locha.

Tá Micheál Breathnach ag imirt i ngrád na sinsir tar éis dóibh ardú céime a bhaint amach anuraidh. Chuaigh peileadóirí an Spidéil chomh fada le babhta ceathrú ceannais na craoibhe sinsir anuraidh, a gcéad bhliain ar ais sa phríomhghrád acu i ndiaidh dóibh Craobh Idirmheánach an chontae a bhaint in 2018.

Is sa dara babhta a thabharfaidh an Spidéal agus Micheál Breathnach aghaidh ar a chéile mí an Mheithimh. Cuirfidh na Breathnaigh tús leis an gcraobh le cluiche i gcoinne Chathair Loistreáin agus tabharfaidh an Spidéal aghaidh ar an gCreagán-Maigh Locha.

Tá dhá fhoireann eile ó Chonamara, An Cheathrú Rua agus Bearna i nGrúpa C na craoibhe agus iad in aon ghrúpa le seaimpíní na hÉireann, Cora Finne. Bhí ar Bhearna agus ar an gCeathrú Rua cluichí dícháilithe a bhuachan anuraidh chun fanacht sa chraobh shinsir. Is iad Cill Aithnín, Naomh Séamus agus Baile Chláir na Gaillimhe na foirne eile atá sa ghrúpa sin leo.

Imreoidh an Cheathrú Rua in aghaidh Naomh Séamus sa chéad bhabhta agus imreoidh Bearna agus Baile Chláir na Gaillimhe a chéile.

Is i nGrúpa A atá an fhoireann Ghaeltachta eile i gCraobh Shinsir Peile na Gaillimhe. Chuaigh Maigh Cuilinn chomh fada le babhtaí leathcheannais an chomórtais anuraidh agus beidh súil acu bliain mhaith a bheith acu arís in 2020. Anach Cuain a bheidh leo sa chéad bhabhta agus tá Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach, Naomh Micheál, Muine Mheá-An Mhainistir agus seaimpíní idirmheánach na hÉireann Uachtar Ard i nGrúpa A chomh maith.

Rachaidh an dá fhoireann is fearr i ngach grúpa ar aghaidh go dtí na babhtaí ceathrú ceannais, chomh maith leis an dá an fhoireann is fearr as measc na bhfoirne a chríochnaíonn sa tríú háit.

Imreoidh an trí fhoireann a chríochnaíonn ag bun gach grúpa in aghaidh na foirne is measa de na foirne a chríochnaíonn sa chúigiú háit. Rachaidh an dá fhoireann a chríochnaíonn ag bun an ghrúpa dhícháilithe sin síos go dtí an grád idirmheánach.

Rinneadh an tarraingt do Chraobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe aréir chomh maith agus trí fhoireann Ghaeltachta a bheidh san iomaíocht sa chraobh sin, Naomh Anna Leitir Móir, Carna-Caiseal agus Oileáin Árann.

Cuirfidh Naomh Anna, a díbríodh ó ghrád na sinsear anuraidh, tús le feachtas 2020 le cluiche in aghaidh Ghleann na Madadh, seaimpíní Chraobh Shóisir na Gaillimhe in 2019. Is iad Órán Mór-Mearaí agus Cill Chonla na foirne eile atá i nGrúpa A.

Tá Carna-Caiseal i nGrúpa C na craoibhe. Is in aghaidh na Cealtraí a bheidh siad sa chéad bhabhta agus beidh cluichí eile acu in aghaidh Sheamróga Chortúin agus Áth Cinn.

Is i nGrúpa D atá Oileáin Árann le Mionlach, An Dún Mór Mhic Éil agus foireann idirmheánach Chora Finne. Is in aghaidh Mhionlaigh a bheidh fir Árann sa chéad bhabhta.

Beidh an dá fhoireann a shroicheann cluiche ceannais an chontae sa Chraobh Idirmheánach i ngrád na sinsear in 2021.

Fág freagra ar '‘El Chois Fharraigó’ chugainn arís i gcraobh peile na Gaillimhe'