Eitiltí Aer Lingus ó Charraig Fhinn go BÁC agus Glaschú

D’fhógair an tAire Iompair Paschal Donohoe seirbhís nua réigiúnda idir Aerfort Dhún na nGall agus Aerfort Bhaile Átha Cliath inniu. Tá seirbhís go hAlbain le tosú freisin

File Photo Minister for Transport Paschal Donohoe has insisted that access and jobs will be core considerations in deciding whether the Government sells its 25.1% share in Aer Lingus.

Chuaigh an chéad eitilt de chuid Aer Lingus Réigiúnda ó Charraig Fhinn go Baile Átha Cliath inniu. Beidh an dá eitilit fillte ann gach lá as seo amach.

Féadfaidh paisinéirí eitiltí go Stáit Aontaithe Mheiriceá ó Charraig Fhinn a chur in áirithe trí Aer Lingus anois.

Is é an comhlacht Stobart Air a chuirfidh an tseirbhís ar fáil thar cheann Aer Lingus. Táthar ag súil go mbainfidh paisinéirí tras-Atlantacha úsáid as an tseirbhís nua agus go gcuirfear le líon na bpaisinéirí uirthi agus le líon na dturasóirí go Dún na nGall agus go Slí an Atlantaigh Fhiáin. 

Beidh ceithre eitilt sa tseachtain ann go Glaschú na hAlban freisin.

Dúirt an tAire Iompair Paschal Donohoe, a bhí ar bord na chéad eitilte inniu go bhfuil sé an-sásta go bhfuil an tseirbhís ann.

“For Ireland to continue down its path of economic recovery, a well-connected transport infrastructure that connects all four corners of the country is essential. Stobart Air’s operation of the Donegal Dublin route is a positive step towards achieving and maintaining this, providing an essential link between Donegal and the capital, facilitating business and encouraging tourism,”  a dúirt sé.

Chuir CeangalG, an eagraíocht a chuireann an nasc idir Gaeltacht na Alban agus Gaeltacht na hÉireann chun cinn, fáilte roimh fhógra an Aire.

“Is maith ann tseirbhís aeir idir Tír Chonaill agus Glaschú nó cuirfidh sé go mór leis an nasc stairiúil idir Alba agus Iarthuaisceart na hÉireann. Cuideoidh sé seo leis an obair atá ar bun againn in CeangalG a dhéanamh ar an dturasóireacht chúltúir agus an obair atá ar bun ag leithéidí Colmcille chun Slí Cholmcille a fhorbairt,” a dúirt Concubhar Ó Liatháin, Bainisteoir Margaíochta CeangalG.