Éistigí le leagan nua Gaeilge Phádraigín Uí Uallacháin de ‘The Times They Are A-Changin’!

Tá áthas orainn ar bhreithlá Bob Dylan, atá 80 inniu, an chéad bhlaiseadh a thabhairt do dhaoine de Phádraigín Ní Uallacháin ag ceol a haistriúchán féin ar ‘The Times They Are A-Changin’

Éistigí le leagan nua Gaeilge Phádraigín Uí Uallacháin de ‘The Times They Are A-Changin’!

Tá Laethe na Linne ag Athrú

Tar le chéile, a dhaoine,
Pé áit ‘bhfuil bhur dtriall,
Agus glac leis go bhfuil uiscí
An domhain thar maoil,
Is glac leis nach fada
Go mbeidh sibh báite go fíor;
Nó más fiú libh an saol seo ‘thabhairt slán
Ní mór dul ar snámh
Nó síos go tóin poill,
Mar tá laethe na linne ag athrú.

A lucht scríofa is cáinte
‘Thugann fáistine le pinn,
Bíodh bhur súile lán oscailt’
Ní bheidh seans eile ann;
Is seachain a bhfuil le rá
Tá’n roth ag iompú gan staon’,
Is ní fios cé hiad a bheas luaite;
An té atá thíos leis
Is aici bheas bua,
Mar tá laethe na linne ag athrú.

Gach seanadóir is teachta
Tabhair aird ar an ghairm,
Ná seasaigí ‘mbéal dorais
Is ná plúch a bhfuil ann;
É siúd bheas i mbaol
Chuir sé stad ar an am,
Tá an cogadh lasmuigh a’ réabadh;
Bainfear gliogar as ballaí
Is gach fuinneog ar crith
Mar tá laethe na linne ag athrú.

Gach athair is máthair
Ó cheann ceann na tíre,
Ná déanaigí beagán
De nach dtuigeann sibh féin;
Tá bhur n-iníonacha is mic
Thar bhur smacht is bhur srian;
Tá bhur mbealaí ag imeacht in aois;
Amach as a’ chasán
Mura bhfuil cuidiú ar lámh,
Mar tá laethe na linne ag athrú.

Agus sin sin anois
Tá an mhallacht mar ghníomh,
An té ’tá rómhall
Beidh faoi luas arís,
Mar beidh tráth seo ár linne
San am a chuaigh siar;
Tá an sean-ord ag meath go gasta;
An té ‘tá ar dtús,
Ar ball bheas ar chúl
Mar tá laethe na linne ag athrú.

Translation of The Times They Are A-Changin’. 

Pádraigín Ní Uallacháin 

Tá ‘Laethe na Linne ag Athrú’ foilsithe sa leabhar nua Happy Birthday, Mr Bob, in eagar ag Liamy Mac Nally, atá ar fáil ar www.mayobooks.ie ar €16.99

Fág freagra ar 'Éistigí le leagan nua Gaeilge Phádraigín Uí Uallacháin de ‘The Times They Are A-Changin’!'

  • Pat Butler

    Ard obair go deo, a Phádraigín!

  • Eoghan Ó Néill

    Leagan iontach, féar plė dhuit a Phádraigìn, ba bhreá liom sin a chlos, bhf sé ar YouTube?

  • Oisín

    Leagan aoibhinn. Ceann desna príomh-fháthanna a bhfuilim sásta Béarla a bheith mar phríomhtheanga agam, ná liricí is amhráin Dylan a thuiscint. Agus ní minic a n-admhóinn rud mar sin ar Tuairisc.ie!

  • Colm Mac Séalaigh

    An-leagan go deo a Phádraigín.

  • Pádraigín Ní Uallacháin

    A Eoghain, beidh sé ar an CD nua agam i mbliana 2023 d’amhráin nuachumtha i nGaeilge. Tá mé sa stiudeó le Dónal O’Connor agus Steve Cooney srl.