EISIACH: Thug Mac Piarais ‘foolish hope’ ar ‘Éire Ghaelach’ toisc ‘resentment’ mhuintir Ros Muc

Cáipéis nua aimsithe ag Cuan Ó Seireadáin, Comhordaitheoir 1916 Chonradh na Gaeilge, ina maíonn Pádraig Mac Piarais go bhfuil sé in am an ‘foolish hope’ d’Éire Ghaelach a chaitheamh i dtraipisí

Fogra 1916 strapLitir mac Piarais Cropped

Léiríonn nóta nua-aimsithe a bhreac Pádraig Mac Piarais i 1915 go raibh sé chomh bréan sin de dhearcadh mhuintir Ghaeltacht Chonamara go raibh sé in amhras an chun leas mhuintir na hÉireann a bheadh ‘Éire Ghaelach’.

Ba é Cuan Ó Seireadáin, Comhordaitheoir 1916 Chonradh na Gaeilge, a d’aimsigh an nóta i measc cáipéisí stairiúla na heagraíochta a bhfuil cartlannú á dhéanamh aige faoi láthair orthu.

Tá an nóta Béarla a d’aimsigh Ó Seireadáin, agus atá á fhoilsiú anseo den chéad uair, sínithe ag ‘P.P’ agus deir an cartlannaí gur lámhscríbhinn an Phiarsaigh atá ann.

Deir ‘P.P’ sa nóta, ‘my heart has grown weary of the locals here and I despair at their indifference to our cause. I sense in them a resentment towards Leaguers that makes me wonder if we should free ourselves from our foolish hopes for the Gaedhealtacht and an Irish Ireland’.

Scríobhadh sa cháipéis chéanna gur mhó an dúil a bhí ag muintir Chonamara i ‘poteen’ ná mar a bhí acu in athbheochan na Gaeilge.

Ní fios cé dó ar scríobhadh an nóta, nó an litir nó cuid de litir a bhí ann, ach measann Cuan Ó Seireadáin gur scríobhadh é go gairid i ndiaidh don Phiarsach turas a thabhairt i samhradh na bliana 1915 ar an teach saoire a bhí aige i Ros Muc.

Cé go dtugann an cháipéis nua-aimsithe léargas nua dúinn ar dhearcadh an Phiarsaigh i leith na físe a bhí aige d’Éirinn ‘ní hamháin saor ach Gaelach’, deir Cuan Ó Seireadáin nár chóir an iomarca suntais a thabhairt dó.

“Níl aon amhras ach gur cáipéis fhíorspéisiúil atá anseo agus go gcuirfidh staraithe suim mhór inti, ach níor cheart dearmad a dhéanamh ar an bhfianaise ar fad atá againn ar a dhiongbháilte is a bhí an Piarsach faoi Éire Ghaelach a chur ar bun, ná níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh ach an oiread ar an bhfianaise a léiríonn an meas as cuimse a bhí aige ar mhuintir Ros Muc beag beann ar a dtóir ar dheoch mhídhleathach,” a dúirt Cuan Ó Seireadáin, Comhordaitheoir 1916 Chonradh na Gaeilge.

Fág freagra ar 'EISIACH: Thug Mac Piarais ‘foolish hope’ ar ‘Éire Ghaelach’ toisc ‘resentment’ mhuintir Ros Muc'

  • padraig

    Fíor-spéisiúil agus an méid a scrígh Donncha Ó hÉalaithe anseo le gairid á chur san áireamh. Ach cá hionadh gur ghéill an Piarsach don éadóchas ó am go chéile i dtaobh ceist na teanga (nó ceist an neamhspleáchais etc) agus é ag plé le muintir na hÉireann/Gaeltachta? Féach nár thréig muintir Rosmuc a dteanga dhúchais ó shin in ainneoin a bhfuil ráite thuas. Ní hé an Piarsach an t-aon duine amháin a mbíodh dúil mhuintir na hÉireann sa phoitín á cáiseamh aige agus féach go raibh formhór na ndaoine ina choinne freisin maidir leis na haidhmeanna eile a bhí aige. Tuige a mbeadh muintir na Gaeltachta bunoscionn leis an norm? Daoine a bhíonn ag maireachtáil ón láimh go dtí’n mbéal ní cás leo de ghnáth ach an chéad ghreim bídh eile a lorg, ní nach ionadh. Tugtar pictiúir níos leithne ar mheon an phobail i leith na teanga ag an am sa leabhar Mise le Colm Ó Gaora. Ar baineadh amach oiread agus idéal amháin de chuid an Phiarsaigh?

  • padraig

    Myles na gCopaleen (litir chuig an Irish Times)
    ‘A knowledge of Irish does not necessarily connote adherence to the social, cultural or political philosophies of any other Irish speaker. ‘

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    An é an 1 Aibreán an lá is fearr le seo a fhoilsiú? D’fhéadfadh sé a bheith fíor, is minic a chuir muintir na ‘Gaeltachta’ éadóchas ar an méid againn a mheasann go bhfuil an buaine agus forbairt na teanga tábhachtach.

  • Somerfeld

    Sagart paróiste a scríobh sin, creidim.

  • Seán

    géillimid ar fad ó am go chéile don éadóchas… sin cúram an réabhlóidí… is an fhile!

  • Pól Ó Braoin

    Mar adeir Seán thuas géilleann muid uilig don éadóchas ó am go chéile. Ní ghabhfainn ag tabhairt amach faoi mhuintir Ros Muc nó faoi mhuintir áit ar bith eile na laethe seo agus an méid a gcaitheann muid cur suas leis – ní cheapfainn gur mhór an difear a bhí ann thart sa mbliain 1915 ach an oiread. Níor dúradh cér dhó nóta sin an Phiarsaigh; seans gur nóta beag príobháideach atá ann nach raibh le feiceáil ag an uile dhuine. Is deas an pointe atá Pádraig tar éis a dhéanamh sa chéad nóta tráchta agus ní bheinn in ann focail níos fearr a fháil ná an méid atá breactha síos aige féin.

  • Seosamh Ó Beirgin

    Cheap mé ar dtús gur gheitíocht Lá na nAmadán a bhí sa scéal ach fiú munar bhfuil, tá sé inchreidte.