EISIACH: RTÉ ag teip ina dhualgas reachtúil maidir le cláir a sholáthar do TG4

De réir eolas atá faighte Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise 278 uair an chloig de chláir a chuir RTÉ ar fáil do TG4 in 2016 in ainneoin dualgas a bheith orthu de réir dlí 365 uair a chur ar fáil

EISIACH: RTÉ ag teip ina dhualgas reachtúil maidir le cláir a sholáthar do TG4

Tá ag teip ar RTÉ a dhualgas reachtúil maidir le cláir a sholáthar do TG4 a chomhlíonadh, de réir eolas atá faighte ag Tuairisc.ie.

De réir an Achta Chraolacháin 2009, tá dualgas ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a sholáthar do TG4 in aghaidh na bliana, ach de réir figiúirí atá faighte ag Tuairisc.ie níl ag éirí leo an líon sin clár a chur ar fáil don chraoltóir Gaeilge.

De réir eolas a fuair Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, 278 uair an chloig de chláir a chuir RTÉ ar fáil do TG4 in 2016.

Maidir le 2017, thug RTÉ le fios do Tuairisc.ie nach raibh aon fhaisnéis acu i dtaobh líon na gclár a cuireadh ar fáil do TG4 an bhliain áirithe sin, ach bunaithe ar chaiteachas RTÉ ar chláir do TG4, dealraíonn sé gur lú an soláthar a rinneadh in 2017 ná in 2016.

€7.595 milliún an costas a luaigh RTÉ dá soláthar do TG4 in 2016 i gcomparáid €7.507 milliún in 2017.

Thug RTÉ le fios nach bhfuil aon fhaisnéis go fóill  acu i dtaobh a sholáthar do TG4 do 2017 toisc go raibh cainteanna ar bun acu le TG4 faoin soláthar sin.

Tá míniú lorgtha ag Tuairisc.ie ó RTÉ faoi cén bhaint a bheadh ag a leithéid de chainteanna leis an dualgas leanúnach atá ar an gcraoltóir de réir dlí 365 uair an chloig de chláir a sholáthar do TG4 in aghaidh na bliana.

Tá míniú lorgtha ag Tuairisc.ie ó RTÉ chomh maith ar conas ar éirigh leo ina dTuarascáil Bhliantúil costas a chur leis an soláthar clár do 2017 agus gan aon taifead acu faoin soláthar sin.

Tá ceist curtha againn chomh maith ar TG4 faoi cén fáth go ndeirtear i dtuarascálacha bliantúla an stáisiúin do 2016 agus 2017 gur chuir RTÉ 365 uair an chloig de chláir ar fáil saor in aisce dóibh, nuair is léir anois nach bhfuil RTÉ féin ag maíomh go ndearna siad amhlaidh.


Soláthar RTÉ do TG4 in 2016 (Foinse:RTÉ)


Tábla: Tuairisc.ie

Maidir leis an soláthar 278 uair an chloig a chuir RTÉ ar fáil do TG4 in 2016, deir RTÉ gur bhain 182.5 uair an chloig de le Nuacht TG4/RTÉ, an clár nuachta a chuirtear ar fáil don chraoltóir Gaeilge. De réir an fhigiúir sin, dealraíonn sé go bhfuil RTÉ ag rá gur chuir siad leathuair an chloig nuachta ar fáil do TG4 gach lá in 2016.

Toisc nach mbíonn i Nuacht TG4 ach 15 nóiméad gach deireadh seachtaine agus i rith an tsamhraidh, tá briseadh síos lorgtha ag Tuairisc.ie ar RTÉ faoin soláthar nuachta 182.5 uair. Anuas ar an soláthar nuachta in 2016 , d’íoc RTÉ as 16 uair an chloig de chláir Ros na Rún agus chuir siad 33 uair an chloig den chlár do dhaoine óga Whizz sa Chistin ar fáil do TG4.

Bhain 14 uair an chloig den 278 uair an chloig a chuir siad ar fáil in 2016 leis an An Ríl Deal agus Junior Eurovision.  Bhain 12.5 uair an chloig le Cleas Act agus 14.5 uair an chloig a bhí i gceist le cláir chartlainne agus chomhaimseartha amhail Scannal, sraith a craoladh ar dtús ar RTÉ. 1.5 uair an chloig a bhí i gceist leis an gclár faisnéise Camino sa Sáile agus luaitear 4.5 uair an chloig le hathchraoladh ar TG4 cluichí leathcheannais agus cluichí ceannais iomána agus peile na hÉireann.

Dhiúltaigh RTÉ agus TG4 araon ar dtús d’iarratas Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise ar eolas faoi sholáthar reachtúil RTÉ. Ghéill RTÉ ina dhiaidh sin gur mhíthuiscint ba chúis le diúltú don iarratas sin. Tá achomharc déanta ag Tuairisc.ie faoi chinneadh TG4 diúltú don eolas céanna.

Fág freagra ar 'EISIACH: RTÉ ag teip ina dhualgas reachtúil maidir le cláir a sholáthar do TG4'