Deireadh curtha le fógraí d’earraí Naitsíocha a bhí ar díol ar DoneDeal.ie

Tá earraí Naitsíocha a bhí ar díol ar shuíomh DoneDeal.ie bainte anuas ag lucht an tsuímh i ndiaidh do Tuairisc.ie iad a cheistiú faoin scéal

Deireadh curtha le fógraí d’earraí Naitsíocha a bhí ar díol ar DoneDeal.ie

Cuid den ábhar Naitsíoch a bhí ar díol ag daoine ar DoneDeal.ie

Tá earraí Naitsíocha a bhí ar díol ar shuíomh DoneDeal.ie bainte anuas ag lucht an tsuímh fógraí rangaithe i ndiaidh do Tuairisc.ie iad a cheistiú faoina bpolasaí maidir lena leithéid d’earraí a bheith ar díol.

Bhain DoneDeal na fógraí do na hearraí Naitsíocha dá suíomh aréir agus dúirt urlabhraí de chuid an chomhlachta le Tuairisc.ie gur glacadh an cinneadh sin ar fhaitíos go maslófaí aon duine. Dúirt sé nach raibh a fhios ag an gcomhlacht go raibh a leithéid d’earraí ar díol ar a suíomh.

Dúirt an t-urlabhraí go mbainfí de DoneDeal.ie “aon fhógra ina bhfuil na focail Naitsíoch nó SS ann”.

I measc na n-earraí Naitsíocha a bhí ar díol ar DoneDeal, bhí bailiúchán cros míleata ar €750, boinn, suaitheantais, ábhar bolscaireachta agus earraí eile.

Baineann conspóid mhór le margadh idirnáisiúnta na n-earraí Naitsíocha agus tá cosc ar a leithéid a dhíol i dtíortha áirithe.

Cuireann lucht ceantála agus suíomhanna idirlín áirithe cosc iomlán ar dhíol a leithéid d’earraí nó cuirtear rialacha ar leith i bhfeidhm ina dtaobh.

Dúirt an t-urlabhraí ó DoneDeal.ie go mbíonn na céadta míle fógra á n-óstáil ag an suíomh gach lá agus go mbíonn an baol ann go maslódh earraí áirithe daoine ar leith.

“Cuireann DoneDeal ardán ar fáil do dhaoine le hearraí agus táirgí a dhíol agus a cheannach, lena n-áirítear seandachtaí, earraí staire agus, i gcásanna áirithe, giuirléidí míleata a bhaineann leis an dara cogadh domhanda.”

“Níl aon cheangal againn ná ní thacaímid le fealsúnacht aon eagraíocht radacach, pholaitiúil nó ciníoch. Ní thacaíonn ná ní dhéanann DoneDeal iondaíocht ar aon eagaraíocht a chothaíonn fuath nó ciníochas. Chomh luath agus a fhaigheann muid tuairisc faoi fhógra atá ina údar imní dár n-úsáideoirí, fiosraítear an scéal agus déantar gníomh cuí ar an bpointe,” a dúirt urlabhraí DoneDeal le Tuairisc.ie.

Cé gur mheas an t-urlabhraí gur “bailitheoirí ionraice” a bhí sna húsáideoirí a raibh earraí Naitsíocha ar díol acu ar DoneDeal, dúirt sé gur mheas siad gurbh fhearr sa chás seo na fógraí a bhaint anuas.

 

Dúirt duine de na daoine a raibh na hearraí Naitsíocha á ndíol aige ar an suíomh go mbailíonn sé ábhar staire ó thíortha éagsúla agus nach raibh san ábhar Naitsíoch ach cuid dá bhailiúchán d’ábhar ón nGearmáin.

“Táim ag díol stuif na Gearmáine agus an stuif eile toisc gur chaill mé suim ann.Tá níos mó ná ábhar Naitsíoch i mo bhailiúchán ón nGearmáin. Drochbhithiúnaigh chearta a bhí sna Naitsithe ach tá siad tábhachtach ó thaobh na staire. Mura ndíolfainn an stuif ar fad a bhaineann le bithiúnaigh, bheadh orm gach rud a chur sa bhruscar a bhaineann leis an mBreatain, leis an tSeapáin, an Iorua, an tSualainn, an Fhrainc, Iosrael, Meiriceá, an Rúis agus ar eile, mar dream iad gach ceann acu sin a rinne ionradh brúidiúil ar thíortha eile,” a dúirt duine de na daoine a raibh ábhar Naitsíoch ar díol aige ar DoneDeal.

Dúirt sé go raibh suim ag daoine sna hearraí a bhíonn á ndíol aige, cé nach  mór é, agus nach “ar mhaithe le masla a thabhairt do dhuine ar bith” atá sé.

“An amhlaidh nár cheart labhairt faoin dara cogadh domhanda sa rang staire? Is dóigh liom gurbh fhearr ceacht a fhoghlaim ón stair.”

Dúirt an duine eile a raibh na hearraí Naitsíocha ar díol aige go mbailíonn sé ábhar ón nGearmáin, ón Rúis agus ó Mheiriceá.

“Bíonn go leor earraí le spáráil agam agus díolaim anseo ar DoneDeal iad. Tá pobal bailitheoirí réasúnta mór in Éirinn, cé nach bhfuil sé chomh mór is atá sa Ríocht Aontaithe agus sa Ghearmáin. Faraor, bíonn daoine i gcónaí ann a bhraitheann gur masla atá sa tsvaistice agus san ‘chasúr agus an corrán’.

“Bailím stuif Naitsíoch agus Sóivéadach ach ní hionann sin agus a rá gur cumannach nó faisisteach mé.”

Tá go leor daoine den tuairim gur masla é a bheith ag díol agus ag ceannach earraí Naitsíocha agus bíonn imní go háirithe ar dhaoine faoin úsáid a bhaineann Nua-Naitsithe agus antoiscigh i bhfad amach ar an eite dheis as a leithéid ag a gcuid ócáidí agus ina gcuid bolscaireachta.

Fág freagra ar 'Deireadh curtha le fógraí d’earraí Naitsíocha a bhí ar díol ar DoneDeal.ie'

  • Ruairí Ó Bléine

    An bhfuil muid ag iarraidh a dhéanamh amach anois nach raibh a leithéid ann mar Naitsithe?
    Má tá cos ar bholg á dhéanamh ar a fhírinne, íocfaidh sliocht ár sleachta as.