EISIACH: Brat nua d’Éirinn molta i dtuarascáil rialtais faoin mBreatimeacht

Is cinnte go mbeidh conspóid ann faoi chuid de na bratacha atá molta ag an ngrúpa rialtais agus bratach na Breataine, bratach an AE agus fiú bratach Chlann Bhullaí ina gcuid den dearadh

EISIACH: Brat nua d’Éirinn molta i dtuarascáil rialtais faoin mBreatimeacht

Tá íomhánna de bhrat nua d’Éirinn deartha ag grúpa oibre atá bunaithe ag an Rialtas chun ceist athaontú na tíre a mheas i bhfianaise an Bhreatimeachta.

Tá rogha sé íomhá don bhrat ‘náisiúnta’ nua mar chuid de thuarascáil a chuir an grúpa oibre ardleibhéil i dtoll a chéile, tuarascáil atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise.

Ireland after Brexit – Contingencies for a Hypothetical New Reality’ is teideal don tuarascáil ghairid ina ndéantar cur síos, i measc rudaí eile, ar na dúshláin agus na féidearthachtaí a bhaineann leis an mBreatimeacht d’Éirinn.

Is cinnte go mbeidh conspóid ann faoi chuid de na bratacha atá molta ag an ngrúpa rialtais agus bratach na Breataine, bratach an AE agus fiú bratach Chlann Bhullaí ina gcuid den dearadh.

Tá na sé rogha don bhratach nua a mholtar sa tuarascáil rialtais ar fáil i mír dar teideal ‘Agreeing a new Ireland – Ancient Divisions and Emerging Realities’.

Deirtear faoin dearadh nua gurb é an bua is mó atá ag na bratacha ar fad ná go gcothóidís ‘inclusivity and parity of esteem for historically divergent iterations of cultural identity on the island of Ireland’.

Dúirt an Seanadóir de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh le Tuairisc.ie aréir gur chúis “áthais” dó go raibh “spéis á léiriú faoi dheireadh” ag Fine Gael in “athaontú na tíre”. Maidir le dearadh na mbratach féin, dúirt Ó Clochartaigh go gcaithfeadh sé “scrúdú ceart” a dhéanamh go fóill ar na moltaí.

“Ach an oireadh leis na cainteanna ó thuaidh, ní bhíonn aon rud aontaithe nó go mbíonn sé aontaithe, ná go deimhin ní bhíonn aon rud athaontaithe nó go mbíonn sé athaontaithe,” a dúirt an Seanadóir as an gCeathrú Rua i gConamara.

Tá an bunús céanna leis na sé íomhá, a deirtear sa tuarascáil.

‘All six proposed designs represent the peaceful and respectful coexistence of the various historical traditions on the island of Ireland while portraying a modern, independent, European nation.’

Meabhraítear sa cháipéis go mbeadh gá le reifreann chun bratach ‘náisiúnta’ nua a thabhairt isteach.

Deir Airteagal 7 de Bhunreacht na hÉireann: ‘An bhratach trí dhath .i. uaine, bán, agus flannbhuí, an suaitheantas náisiúnta.’

Fág freagra ar 'EISIACH: Brat nua d’Éirinn molta i dtuarascáil rialtais faoin mBreatimeacht'

  • Tráchtaire

    Beannachtaí an lae oraibh, a chairde.

  • Póilín

    Nach deas é ar an la breá seo 1 Aibreán !

  • Eoin

    An-mhaith, d’éirigh libh bob a bhualadh ormsa leis an gceann seo. Mheabhraigh cara dom an lá atá inniu ann tar éis dom na leaganacha nua den bhratach a thaispeáint di!

  • Pól Réamonn

    Sin an bhratach a chrochadh thar Halla na Cathrach, Béal Feirste.