Eiseamláir dúinn sa bhaile é stádas na Gaeilge san AE

Seo seacht gcúis ar fiú dúinn lánstádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a cheiliúradh le fonn

Eiseamláir dúinn sa bhaile é stádas na Gaeilge san AE

Ar an gcéad dul síos, tá breis is 170 duine ag obair as lámh a chéile ó lá go lá trí mheán na Gaeilge i rannóga éagsúla sa Bhruiséil agus i Lucsamburg. Tá teaghlaigh i gceist i gcás cuid acu, agus a bpáistí á dtógáil trí mheán na Gaeilge acu, agus cloistear déagóirí agus Gaeilge á labhairt acu ar shráideanna na Bruiséile. Baineann tuarastail arda leis na poist agus tá sé léirithe go mbíonn deacracht ag Rialtas na hÉireann poist den chineál céanna a thairiscint ar thuarastail iomaíocha. Bhí brú ar leith i gceist le roinnt blianta anuas mar ba ghá líon dóthanach daoine a earcú do na hinstitiúidí Eorpacha i dtréimhse ghairid.

Sa dara háit, tá riar maith Éireannach ag obair anois do chomhlachtaí agus do ghníomhaireachtaí an AE, i réimsí seachas cinn a bhaineann le cúrsaí teanga, thar lear agus in Éirinn féin. Daoine iad seo nach mbeadh a bpoist acu ach amháin go raibh siad in ann an Ghaeilge a lua ar fhoirm iarratais mar cheann den dá theanga oifigiúla a bhí agus atá mar bhunriachtanas d’aon duine a chuirfeadh isteach ar aon phost de chuid an Aontais.

Is féidir leis na daoine sin a rá go raibh tairbhe phraiticiúil le baint as dhá bhliain déag a chaitheamh ag plé le Gaeilge ar scoil. Is mar sin a fheidhmíonn caipiteal teanga – go mbíonn luach ag teanga i dtaca le dul chun cinn sa saol i gceist mar aon leis an luach atá neadaithe go domhain ina hoidhreacht.

Ar an tríú dul síos, de bhrí gur teanga oifigiúil den Aontas Eorpach í an Ghaeilge, tá leaganacha Gaeilge ar fáil de shuíomhanna gréasáin an Aontais. Cuireann na suíomhanna sin réimse iontach eolais ilmheánaigh ar fáil faoin iliomad ábhar, agus, mar shraith, cuireann siad níos mó ábhar i nGaeilge ar fáil ná aon sraith suíomhanna eile ar domhan. Níos mó ná mar a chuireann Rialtas na hÉireann ar fáil ina chuid suíomhanna ar fad le chéile! Bíonn plé i nGaeilge, mar shampla, ar shuíomh Pharlaimint na hEorpa, faoi shaincheisteanna sóisialta, polaitiúla, reachtúla, slándála, agus comhshaoil.  Bíonn scéalta nuachta agus físeáin suas chun dáta i nGaeilge ar an suíomh. Is áis luachmhar iad na suíomhanna gréasáin sin don phobal i gcoitinne, agus do scoileanna Gaeltachta agus do Ghaelscoileanna ach múinteoirí agus lucht deartha curaclam a bheith ar an eolas ina dtaobh.

Ar na gceathrú dul síos, tá dlí na hEorpa ar fáil i nGaeilge freisin. Ní léann gach duine ar an tsráid na dlíthe Eorpacha i nGaeilge, ná in aon teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais. Ach ní hé sin an fáth go bhfuil siad ar fáil sna teangacha oifigiúla ar fad. Baineann an fáth lena gcur i bhfeidhm i gcomhréir le dlíthe agus le bunreachtanna na mBallstát éagsúil. Ach chomh maith le dlíodóirí, má bhíonn feirmeoirí caorach sléibhe nó iascairí ag plé lena gcearta, nó an saoránach ag gearán faoi tháillí fánaíochta fóin phóca, is féidir leo teacht ar an mbunlíne sa dlí ina dteanga féin.

Na bundlíthe Eorpacha, na rialacháin, glactar leo sna teangacha oifigiúla ar fad, an Ghaeilge san áireamh, ag an am céanna. In Éirinn féin, tá dualgas bunreachtúil ar an Stát tiontú oifigiúil a chur ar fáil d’Achtanna a ritheadh i dteanga amháin, ach uaireanta bíonn na blianta fada ann sula dtagann an tiontú sin ar an saol. Dhiúltaigh an Rialtas glacadh le leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla le gairid chun go mbeadh an próiseas in Éirinn ar aon dul leis an bpróiseas Eorpach – is é sin go n-achtófaí, go gclófaí, agus go bhfoilseofaí na Billí agus na hAchtanna go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla.

Bíonn trasuí sa dlí Éireannach i gceist le treoracha ón Aontas Eorpach, agus tiocfaidh siad sin chugainn sa dá theanga oifigiúla as seo amach, rud a chabhróidh le Rialtais cloí lena ndualgas i dtaca le tiontú oifigiúil d’Achtanna a chur ar fáil laistigh de thréimhse ama réasúnta.

An cúigiú cúis cheiliúrtha ná go bhfuil an stádas oifigiúil tar éis dul i bhfeidhm go mór ar fhéidearthachtaí struchtúrtha, léacsacha, agus séimeantacha na Gaeilge féin. Tá an teagmháil mharthanach ar bhonn laethúil san AE leis na trí theanga oifigiúla is fiche eile, chomh maith leis an mborradh i gcúrsaí téarmaíochta (le cúnamh mór ón Stát), tar éis cur go mór le cumas na Gaeilge, mar theanga chomhaimseartha Eorpach, dul i ngleic leis na saincheisteanna is casta i ndomhan an lae inniu.

An séú cúis ná go gcabhróidh stádas idirnáisiúnta na Gaeilge lena seachadadh ó ghlúin go glúin in Éirinn. Bíonn éileamh níos fearr ar theangacha a bhfuil stádas idirnáisiúnta acu seachas ar theangacha mionlaigh. Tá luach na Gaeilge mar chaipiteal teangeolaíoch pearsanta agus pobail san Aontas Eorpach ardaithe go leibhéal nár baineadh amach riamh roimhe seo.

Ar deireadh, an seachtú cúis cheiliúrtha.

Tá eiseamláir curtha ar fáil dúinn don chéad chéim eile atá le glacadh: stádas a bhaint amach don Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus mar theanga oibre, de facto, in Éirinn féin.

Ceiliúraim stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil agus mar theanga oibre den Aontas Eorpach le pobal na Gaeilge, leis na daoine agus leis na heagrais a ghlac páirt sa ghluaiseacht shóisialta a d’iarr an stádas sin, leis na polaiteoirí agus leis na Rialtais agus lena bhfeidhmeannaigh a raibh ról riachtanach acu sa phróiseas, leis na Ballstáit eile a raibh a dtacaíocht d’aon toil ag teastáil, agus leis na daoine a thug cúnamh sainiúil chun go gcuirfí deireadh leis an maolú.

  • Bhí Pádraig Breandán Ó Laighin lárnach sa bhfeachtas chun stádas a bhaint amach don Ghaeilge san AE

Fág freagra ar 'Eiseamláir dúinn sa bhaile é stádas na Gaeilge san AE'

  • Seán Mag Leannáin

    An ceart ar fad ag Pádraig faoi thábhacht an lánstádais don Ghaeilge san AE. B’iontach an t-éacht é agus táimid faoi chomaoin ag Pádraig féin agus go leor daoine eile as é a chur thar abhainn.

  • Seán Mag Leannáin

    Seans go gcuirfidh sé náire ar chuid de na príomhfheidhmeannaigh sa státchóras anseo – más rud é go bhfuil siadsan in-náirithe ar chor ar bith!