Éireannach í Emma DeSouza, mar is rogha léi féin

Ghéill Oifig Gnóthaí Baile na Breataine prionsabal tábhachtach Déardaoin i gcás Emma DeSouza, ach tá Comhaontú Aoine an Chéasta fós á shárú ag rialtas na Breataine

Éireannach í Emma DeSouza, mar is rogha léi féin

An Tánaiste Simon Coveney, Emma De Souza agus a fear céile, Jake.

Ghéill Oifig Gnóthaí Baile na Breataine prionsabal tábhachtach Déardaoin nuair a d’aithin siad gur saoránach Éireannach í Emma DeSouza, mar is rogha léi féin. Cuireadh riail nua faoi bhráid na Parlaiminte in Westminster chun aitheantas mar shaoránaigh den Aontas Eorpach a thabhairt do gach Éireannach nó Briotanach a rugadh i dTuaisceart Éireann.

Cúlú tromchúiseach ab ea é tar éis trí bliana a chaitheamh ag déanamh beag is fiú de chearta daoine abhus iad féin a aithint mar shaoránaigh Éireannacha. Caithréim d’Emma DeSouza agus a fear céile ab ea é tar éis cath fada sna cúirteanna.

Rugadh Emma DeSouza i Machaire Fíolta, Contae Dhoire agus tógadh í mar Éireannach. Ba mhór aici a féiniúlacht náisiúnta, ní raibh ceist ná amhras faoi ariamh agus bhí bonn teann faoina stádas Éireannach de bharr Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Dhearbhaigh an Comhaontú i 1998 cearta mhuintir an Tuaiscirt iad féin a aithint mar Éireannaigh, mar Bhriotanaigh nó an dá cheann dá mba mhian sin leo. Chuir an Phoblacht an dearbhú sin ar bhonn reachtúil.

Nuair a phós Emma an Meiriceánach, Jake DeSouza in 2015 rinne an lánúin iarratas ar chead cónaithe dósan abhus faoi scéim a thugann stádas mar inimirceach bailí do dhaoine ó thíortha lasmuigh den Aontas Eorpach. Baineann an scéim le daoine atá pósta le saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh; níl an cead sin oscailte dóibh sin atá pósta le Briotanaigh.

Baineadh siar as Emma nuair a chuir an Roinn Gnóthaí Baile ina n-éadan toisc gur dhúirt sí san iarratas gur saoránach de chuid na hÉireann í. Mhaigh an Roinn gur Briotanach gach duine a rugadh i dTuaisceart Éireann. Má theastaigh aitheantas uaithi mar Éireannach chaithfeadh sí a stádas Briotanach a thabhairt suas i dtosach. Ní raibh sí toilteanach é sin a dhéanamh, í diongbháilte de nár Bhriotanach í, nárbh ea riamh agus go raibh a cearta faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta á sárú.

Tar éis sraith de chásanna cúirte mhuintir DeSouza d’ardaigh an Tánaiste Simon Coveney an cás leis an mBreatain agus leag sé béim air sna cainteanna faoi athnuachan Stormont. Gealladh sa phlean athbhunaithe ‘New Decade New Approach’ i mí Eanáir go ngabhfadh rialtas na Breataine i ngleic leis an bhfadhb. Dúirt an Roinn Gnóthaí Baile Déardaoin go raibh an gheallúint a tugadh san bplean sin á comhlíonadh san riail nua.

Ní nach ionadh, d’fháiltigh muintir DeSouza roimh an gcinneadh. Dúradar gur admháil é ar deireadh ón Roinn go bhfuil sé de cheart ag muintir an Tuaiscirt faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta an fhéiniúlacht náisiúnta is mian leo a roghnú. Chuideodh an rialú le go leor teaghlach a dúradar, ina measc daoine a bhfuil aithne acu orthu a bhí scartha óna chéile de bharr seasamh rialtas na Breataine.

Go bunúsach is éard is brí leis an riail nua gur féidir le héinne – (Astrálach, Indiach, nó Meiriceánach, cuir i gcás) ó thír lasmuigh den Aontas Eorpach atá pósta le duine a rugadh i dTuaisceart Éireann cead a fháil le cur fúthu san Ríocht Aontaithe. Buntáiste eisceachtúil do mhuintir an Tuaiscirt é seo, i ngeall ar pholaitíocht dheighilte an réigiúin.

Tá an riail nua sealadach, áfach. Ní bheidh feidhm leis ach go dtí Meitheamh na bliana seo chugainn nuair a bheas an scaradh leis an Aontas Eorpach, an Breatimeacht, i réim.

Ní bheifear in ann iarratais nua a dhéanamh ina dhiaidh sin. Seans go mbeidh ciallachais aige sin don díospóireacht faoi chearta mhuintir an Tuaiscirt mar shaoránaigh san Aontas Eorpach. Tá soiléireacht de dhíth faoi go leor gnéithe den stádas sin.

Tá soiléireacht riachtanach freisin faoi leagan amach na Breataine i leith a dualgais, faoin dlí idirnáisiúnta chun forálacha Chomhaontú Aoine an Chéasta a chur ar bhonn reachtúil. Conradh idir an dá rialtas ab ea an fhoráil faoi shaoránacht ach mhaígh an Roinn Gnóthaí Baile sa chás cúirte in aghaidh Emma DeSouza go raibh tosaíocht ag reachtaíocht eile, an British Nationality Act 1981, ar an gconradh faoi shaoránacht i gComhaontú Aoine an Chéasta.

Ní gá a bheith i do chancrán lena thuiscint gur sárú ar Chomhaontú Aoine an Chéasta é sin. Más mar sin atá, an féidir muinín a chur i gconradh ar bith? Chuir Simon Coveney míshástacht rialtas na hÉireann in iúl do Julian Smith nuair a bhí seisean ina Státrúnaí ach ní léir cén aird atá ag Boris Johnson agus a rialtas ar an gceist. Sásaíonn an riail nua faoi chead cónaithe d’inimircigh na riachtanais sa mhéid is go n-aithníonn sí an prionsabal i dtaca leis an rogha féiniúlachta náisiúnta a dhéanann daoine abhus. Ós riail theoranta don ghearrthéarma í, áfach, níor mhór do rialtas na hÉireann féachaint chuige go gcuirfear an t-aitheantas ar bhonn teann buan agus feidhm dlí a bheith léi.

Fág freagra ar 'Éireannach í Emma DeSouza, mar is rogha léi féin'

  • file

    Suim agam sa chás seo agus dea-scéal de chineál éigin atá sa naucht inniu.

    Ní mór don Stát a admháil, áfach, gur sárú ar an GFA fosta atá sa https://en.wikipedia.org/wiki/Twenty-seventh_Amendment_of_the_Constitution_of_Ireland

    Ní na Briotanaigh amháin atá ag sárú an GFA mar sin.

  • Paul Laughlin

    Leath buailte, lár glan. Tá an méid sin déanta anois ach níl dea-mhuinín agam as na Briotanaigh. Pé scéal é, an-obair Emma. Coinnigh ag dul!

  • Muiris Ó Súilleaabháin

    Maith an cailín thú, Eemma.
    Togha rogha