Éire v Sasana: Cén chaoi ar éirigh le bainisteoirí na hÉireann go dtí seo?

Agus Joe Schmidt ag lorg a chéad bhua i gcoinne na Sasanach, breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar cé mar a d’éirigh le hiarbhainisteoirí na hÉireann i gcoinne ár gcomharsan

Tar éis bliain go leith i bhfeighil ar fhoireann na hÉireann, níl ach trí chluiche caillte ag Joe Schmidt. Briseadh a chroí in aghaidh na ‘All Blacks’ i Samhain 2013, cailleadh ceann eile i gcoinne na hAstráile an bhliain chéanna, agus anuraidh fuair na Sasanaigh an ceann is fearr ar fhoireann Schmidt, an t-aon chluiche a chaill na hÉireannaigh i 2014.

Is ar na cluichí i gcoinne Shasana is mó a chuimhnítear nuair a bhreathnaíonn daoine siar ar ré bainisteora ar bith agus bí cinnte go dtuigeann Schmidt an méid sin.

Cén chaoi, mar sin, ar éirigh leis an gcúig bhainisteoir is deireanaí a bhí ag foireann na hÉireann in aghaidh na Sasanach?

Tá Joe Schmidt ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar na Sasanaigh i mbliana. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne
Tá Joe Schmidt ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar na Sasanaigh i mbliana. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Joe Schmidt 2013 –

1 Cluiche – 1 Cailliúint

Mar a dúirt muid, chaill criú Joe Schmidt i gcoinne na Sasanach i gComórtas na Sé Náisiún anuraidh san aon chluiche a bhí aige ina gcoinne.

I gcluiche nach raibh ach measartha, bhí na hÉireannaigh 10-3 chun cinn sa dara leath ach d’athraigh úd Danny Care, an t-aon lasóg a cuireadh sa bharrach sa chluiche, agus ba láidre na Sasanaigh sa deireadh, iad ag buachan 13-10.

Iarbhainisteoirí na hÉireann, Declan Kidney agus Eddie O’Sullivan, a bhí ar na bainisteoirí is rathúla a bhí ag Éire in aghaidh na Sasanach. Pictiúr:  INPHO/Morgan Treacy
Iarbhainisteoirí na hÉireann, Declan Kidney agus Eddie O’Sullivan, a bhí ar na bainisteoirí is rathúla a bhí ag Éire in aghaidh na Sasanach. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Declan Kidney 2008-2013

6 Chluiche – 3 Bua, 3 Cailliúint

Ní raibh fadhb ar bith ag Declan Kidney ina chéad chluiche i gcoinne Shasana, Éire ag buachan 14-13 ar a mbealach chuig an gcaithréim mhór a bhuachan i 2009. Cé nach raibh mórán eatarthu ar chlár na scór, rinne na hÉireannaigh a ndóthain damáiste i lár an dara leath nuair a d’aimsigh Brian O’Driscoll úd agus na Sasanaigh ag imirt le 14 imreoir.

An bhliain dár gcionn, bhuaigh Kidney i Twickenham ar an lá ar aimsigh Tommy Bowe ag aimsiú an scór cinniúnach gan ach cúig nóiméad fágtha. Faoin am a raibh 2013 buailte linn, bhí Kidney i dtrioblóid agus nuair a chlis Éire i gcoinne Shasana san Aviva, 12-6, i gcogadh tnáite, bhí sé soiléir go raibh athrú ag teastáil.

Eddie O’Sullivan ag ceiliúradh i bPáirc an Chrócaigh tar éis an bua stairiúil i gcoinne Shasana i 2007. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne
Eddie O’Sullivan ag ceiliúradh i bPáirc an Chrócaigh tar éis an bua stairiúil i gcoinne Shasana i 2007. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Eddie O’Sullivan 2001-2008

7 gCluiche – 4 Bua, 3 Cailliúint

Ar na cúig bhainisteoir seo, is é O’Sullivan an t-aon duine a bhuaigh níos mó cluichí i gcoinne Shasana ná mar a chaill sé. Drochthús a bhí ag an gCorcaíoch, áfach, Éire ag cailliúint go laidir i 2002, 45-11, agus arís i 2003, 42-5, i gcoinne na foirne a bhuafadh Corn an Domhain.

I 2004, bhuaigh na hÉireann i Twickenham den chéad uair le deich mbliana agus nuair a thrasnaigh Shane Horgan an líne úid sa nóiméad deireanach i 2006, d’fhág sé go raibh na Sasanaigh buailte trí huaire as a chéile ag Éire agus O’Sullivan.

Chuir siad leis na buanna sin i 2007 ar lá nach ndéanfar dearmad go deo ar. Agus iad ag imirt Shasana i bPáirc an Chrócaigh den chéad uair, bhí bua stairiúil ag foireann na hÉireann, 43-13, an bua is mó a bhí acu riamh ar a gcomharsana.

Níor éirigh rómhaith le Warren Gatland in aghaidh na Sasanach agus é ina bhainisteoir ar fhoireann na hÉireann. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland
Níor éirigh rómhaith le Warren Gatland in aghaidh na Sasanach agus é ina bhainisteoir ar fhoireann na hÉireann. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Warren Gatland 1998-2001

4 Chluiche – 1 Bua, 3 Chailliúint

Ainmníodh Gatland mar bhainisteoir na hÉireann i lár Chomórtas na gCúig Náisiún i 1998. Mar gheall air sin, is féidir an milleán faoi chliseadh na bliana sin a chur ar an easpa taithí aige agus easpa aithne na n-imreoirí agus an bainisteora ar a chéile. Ach níor tháinig biseach ar an scéal i 1999 nó 2000 ach an oiread, na hÉireannaigh ag cailliúint an dá uair, agus ag cailliúint go dona i 2000, 50-18 i Twickenham.

Cé gur chuir Gatland Éire ar an mbóthar ceart i 2001 le bua 20-14, in aghaidh Shasana, ní raibh dóthain déanta aige chun a phost a shábháil agus tugadh an bóthar dó go conspóideach i Samhain na bliana sin.

Níl a fhios againn céard atá á rá ag Keith Wood le Brian Ashton anseo ach seans nach bhfuil sé ródhearfach agus na torthaí a bhí ag Ashton. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland
Níl a fhios againn céard atá á rá ag Keith Wood le Brian Ashton anseo ach seans nach bhfuil sé ródhearfach agus na torthaí a bhí ag Ashton. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Brian Ashton 1997-1998

1 Cluiche – 1 Cailliúint

Ní raibh an Sasanach ach i gceannas ach do chluiche amháin idir Éire agus a thír dhúchasach ach is cluiche é nach ndéanfar dearmad go deo air, mar gheall ar cé chomh holc is a d’imir fir na hÉireann i Twickenham I 1997. Ní raibh de scóranna ag Éirinn ó thús deireadh an chluiche ach dhá chic phionóis a fuair Eric Elwood.

Chríochnaigh sé 46-6 i bhfabhar na Sasanach agus fágadh Éire agus ‘an cnáiscín’ acu an bhliain sin. Cé go raibh conradh sé bliana tugtha ag an IRFU do Ashton, d’éirigh sé as tar éis an chéad chluiche den Chomórtas Cúig Náisiún i 1998.

Fág freagra ar 'Éire v Sasana: Cén chaoi ar éirigh le bainisteoirí na hÉireann go dtí seo?'