Éire v Giobráltar: 5 Rud le faire air

Chaill Giobráltar 7-0 in aghaidh an Polainne an mhí seo caite agus ba chóir go mbeadh bua beag ag Éire orthu ag an deireadh seachtaine. Ach beidh rud nó dhó le foghlaim ón gcluiche mar sin féin.

1. An athróidh Martin O’Neill an fhoireann?

Martin O'Neill 6/9/2014

Ceann de na rudaí ba mhó a chuir isteach ar lucht tacaíochta na hÉireann i rith thréimhse Trapattoni ná an drogall a bhí ar an Iodálach aon athrú a dhéanamh ar an bhfoireann. Go deimhin, b’fhurasta ag éinne an bhuíon imreoirí a ainmniú sular fógraíodh é. Anois agus fear na hIodáile imithe, tá go leor de na himreoirí céanna á roghnú ag Martin O’Neill. Díol spéise é, áfach, cén úsáid a bhainfidh O’ Neill astu. Go dtí seo, tá an fhoireann leagtha amach aige ina 4-5-1 le tosaí amháin, Robbie Keane go hiondúil. Beidh brú ar O’Neill agus ar Éire an cluiche seo a bhuachan go héasca agus is í an phríomhcheist ná an imreoidh siad le beirt tosaithe le cinntiú go n-aimseofar na cúil a bheidh ag teastáil a fháil?

2. Cén chuma a bheidh ar Giobráltar?

Gibraltar

Nuair a d’imir Giobráltar in aghaidh na Polainne sa chéad chluiche i nGrúpa D, ba é an chéad chluiche iomaíoch riamh acu é. Ní raibh ar an bhfoireann ach beirt a d’imir sacair go gairmiúil – Liam Walker agus Scott Wiseman. Ar an bhfoireann chéanna, bhí póilíní, fear dóiteáin agus oifigeach custaim, gan ach cuid bheag de phoist na n-imreoirí a lua. Beidh sé spéisiuil a fheiceáil cén chaoi a n-éireoidh leo in aghaidh foireann atá lán d’imreoirí atá ag imirt sa bpríomhroinn i Sasana gach seachtain. Más aon léiriú é an cluiche in aghaidh na Polainne, beidh oíche chiúin ag cúl báire na hÉireann.

3. An mbeidh slua mór ann?

A general view of the game 3/9/2014

Tar éis bliana tá deireadh leis an éirí croí agus an spreagadh a bhain le ceapadh Martin O’Neill agus Roy Keane. Mar a chonaiceamar sa chluiche dúshláin in aghaidh Óman, ní leor an bheirt acu ar an taobhlíne chun slua mór a mhealladh. Ní foláir cluiche mealltach, nó suimiúil ar a laghad, a bheith ann chomh maith. Ar éigean gur tháinig 10,000 duine chuig an Aviva an oíche sin agus ní dócha go bhfuil mórán daoine ag súil le cluiche an deireadh seachtaine seo ach an oiread, go háirithe nuair is amaitéaraigh leath de na himreoirí a rachaidh chun páirce. Ar a laghad, cluiche iomaíoch atá anseo agus seans go bhfeicfear cúpla cúl ann.

4. An mbeidh deacrachtaí ag Éire arís in aghaidh foireann lag?

General view of the final score 7/10/2006

Is é an t-iontas is mó faoi fhoireann na hÉireann ná gur minic gurb iad na cluichí in aghaidh na foirne is laige is mó a chruthaíonn deacrachtaí dóibh. Seachas an cluiche 1-6 in aghaidh na Gearmáine anuraidh, éiríonn réasúnta maith le foireann na hÉireann i gcoinne na bhfoirne is láidre sa ghrúpa. Ó 2007, tá pointí buaite acu sa Rúis, sa Ghearmáin agus san Iodáil. Ach le linn na tréimhse céanna, ní bhfuair siad ach pointe amháin ó dhá cluiche in aghaidh na Cipire agus theastaigh cúl in am breise go dtabharfaidís na cosa leo in aghaidh San Mairíne agus i gcoinne na Casacstáine. Anuas air sin, theip orainn Montainéagró a bhualadh faoi dhó roimh Chorn an Domhain i 2010. Tá gach uile dhuine ag súil le bua mór an deireadh seachtaine seo, ach mar is léir ón stair ní mar a shíltear a bítear i gcónaí.

5. An dtabharfaidh Aiden McGeady taispeántas maith uaidh don dara cluiche as a chéile?

Aiden McGeady celebrates scoring his second goal of the game 7/9/2014

Thug McGeady uaidh an taispeántas is fearr fós i ngeansaí na hÉireann sa chluiche in aghaidh na Seoirsia. Ach an dá chúl a scoráil sé, ní raibh iontu ach an ceathrú agus an cúigiú ceann atá aimsithe aige sa gheansaí glas. Tá buanna McGeady feicthe anois agus arís againn ach má tá aon seans ag na hÉireannaigh ar thuras chun na Fraince i 2016, ní foláir do McGeady a bheith os cionn a bhuille níos minice ná mar a bhí go dtí seo. Tá tábhacht níos mó ná riamh le McGeady mar naoscaire, go háirithe agus Robbie Keane ag druidim chun deiridh.