Tá mé buíoch de na daoine a thug freagra ar m’alt faoin ngéarchéim atá ann maidir le slánú na Gaeilge. Freagraí ar Tuairisc.ie agus ar mheáin eile ata i gceist agam. D’fhoghlaim mé uathu.
Is é an rud a shamhlaigh agus a shanntaigh bunaitheoirí Ghluaiseacht na Gaeilge ná go slanófaí an Ghaeilge trí phobal a chruthú a bheadh ag labhairt agus ag scríobh na Gaeilge go líofa ar fud na seancheantar Gaeltachta agus sa gcuid eile den tír. Níl sé sin tarlaithe ná leath-tharlaithe, agus ní mór dúinn – i ndiaidh céad bliain d’iarrachtaí – a admháil nach dtarlóidh sé. Ní theastaíonn ón gcuid is mó de na daoine a bheadh i gceist an méid sin a admháil. Sin í an ghéarchéim. Sinne gur tábhachtach linn an Ghaeilge, caithfimid smaoineamh ar bhealach eile leis an gcuspóir céanna a bhaint amach – pobal a bheadh ag labhairt agus ag scríobh na Gaeilge go líofa.
Is féidir é a dhéanamh, nó rud an-chosúil leis, trí ord a chruthú ina mbeadh 8000 duine ar a laghad ag labhairt agus ag scríobh na Gaeilge go líofa – an teanga chomhaimseartha go hiomlán ina seilbh acu agus iad á húsáid go máistriúil.
Cinnte, ní pobal a bheadh ann sa gcéill go mba chomharsain béal dorais iad ach iad scaipthe ar fud na hEireann. D’fhéadfaí Éire Saor – ‘Saor’ mar dhobhriathar, ní mar aidiacht – a thabhairt ar an ord, nó ainm éigin fileata a chumfadh Gabriel Rosenstock. Ach shíneodh an uile dhuine ann an gheallúint a dhréacht mé i m’alt agus chaithfeadh siad uilig fáinne óir ar a gcuid éadaí. Bheadh an Scrúdú Iontrála a mhol mé ina ócáid mhór náisiúnta gach bliain.
Ghabhfadh an chuid eile de shaol Gaelach na tíre ar aghaidh mar a ghabh cheana. Bheadh bród fós ar dhaoine as a bheith in ann ‘cúpla focal’ a labhairt, cuireadh chuig pósadh a scríobh i nGaeilge nó páirt a ghlacadh i ndráma Gaeilge. Ach bheadh an príomhrud déanta – an teanga Gaeilge ina hiomláine sábháilte ón mbás agus á labhairt agus á saothrú go máistriúil mar oidhreacht do na glúnta atá le teacht.
Eoghan ONeill
Tá an cultur Anglo i mbárr réime ar fud na cruinne agus is mór an buntáiste eacnamaíochta dos na tíortha anglacha nár glacadh le hEsperanto mar ghléas tuisceana idir-chulturtha thiar ins na triochadaí nuair a bhí an League of Nations ann. In Éireann tá an meon ginerálta buíoch as brontannas an Uebersprache a cuireadh ar fáil dúinn a fhágann nach bhfuil ghá feasta againn an stró aon des na Untersprachen a fhoghlaim. Ach in ainneoin sin, tá aibhleoga dearga faoin luaithreach ag fanacht le gaoth an dóchais a mhusclóidh dúchas an phobail le fada i suan, beidh adhmad inniu is an choill go buan!
Tá an ceart ag Deasún, tá sé tráthúil go mbeadh comhartha aithintis ag na Gaeil (ina measc páistí ón Pholainn, Sasana, Camarún srl. a a fuair greim maith ar an Ghaeilge sa scoil).
Léitheoir nach maith leis fílíocht leamh
Nílimid na Gaeil in ann muid fhéin a aithint ar sráideanna na tíre. Ach a luaithe is a bhíonn tú ag Gaeilgeoireacht le hiníon nó mac óg tosnaíonn daoine ag moladh an iarracht atá á dhéanamh agaibh an teanga a choinneáil beo nó ag spalpadh Gaeilge libh. Cén comhartha suathantas a oibreodh sa 21ú aois.
Céard a tharla dhon Fháinne Óir a bhíonn sách coitianta tráth? Ró sheanfhaiseanta b’fhéidir.
Is Maith an rud é gur tharraing Des conspóid faoin cheist. Tá ár ndóthain den bhréagdhóchas cloiste againn faoi Athbheochaint. Mura bhfuil againn ach tithe anseo agus ansiúd atá fágtha sa nGaeltachtaí nach maith ann iad agus nach misniúil na teallaigh sin.
padraig o donnchu
Ni bheadh aon locht agamsa ar an bhfainne oir, mas or a bheidh ann beidh se luachmhar agus faiseanta. Ca bhfuilid ar fail? Taim cinnte go ngabhann daoine thar mo bhraid gach uile la a bhfuil Gaeilge acu ach teann siad i ganfhios orm ‘cheal suaitheantais. Gaeilge ar fad a labhraim le leath an teaghlaigh seo ‘gainne, oir d’imigh leaghadh chubhar na habhann ar an leath eile. Ni raibh Gaeilge ag mo mhuintir ach bhi an-le acu lei agus, thar aon rud eile, bhi muinteoiri den scoth againn le sar-Ghaeilge. B’fheidir go ndeanfaidh Denis O Brien urraiocht ar na fainni oir duinn?
Ba cheart Deasun Fennel a cheapadh mar bhall den Aos Dana gan a thuilleadh moille, faidh nach n-aithnitear ina thir fein. Naireach an sceal e.
Pól Ó Braoin
Tá Éire Saor ag teastáil go géar uainn má tá muid ag iarraidh an Ghaeilge a chloisteáil agus a fheiceáil le hais na Polainnise agus an bhéarla sna blianta atá amach romhainn. Is trua é ach sin mar atá sé. Guím gach rath ar Dheasún Fennell.