Éire Nua á chur i láthair i nGaeilge ag Hector Nua agus is mór an spórt é…

Ní mór an t-ardú croí a bhí le fáil le bliain ach mo ghraidhin Hector, TG4 agus Éire Nua a thug údar dóchais dom

Éire Nua á chur i láthair i nGaeilge ag Hector Nua agus is mór an spórt é…

Ní hannamh a chloisim lucht aitheantais ag casaoid faoina mbíonn de Bhéarla ar TG4, fiú ar chláracha a aicmítear mar chláir Ghaeilge, ach ó tharla mé féin a bheith caoch go maith ar na healaíona físe ní airím a bpian.

Ar chomhairle comrádaí a bhreathnaigh mé ar an tsraith Éire Nua a bhí ag Hector Ó hEochagáin ar TG4 ó thús na míosa. Na hiontais fóineolaíochta, an fíbín, an bhéiceach, agus an macnas a bhíodh ar fhear na hUaimhe sna cláracha taistil a rinne sé ar fud na cruinne a d’fhág gur beag díobh a bhínn in ann a sheasamh ach taobh eile de Hector a léiríodh sa tsraith seo le daoine a tháinig thar sáile le cónaí anseo agus ba léir gur thuigeadar a chéile.

Ní lia duine ná cúis – fonn bóthair, fostaíocht, tearmann, grá, ceol, teanga a d’fhág iad féin nó a muintir inár measc.

Más scéal tubaisteach an díbeartha, na cogaíochta, an chiníochais ná géibheann an tsoláthair dhírigh atá uait ní duitse an tsraith seo. Gnaíúlacht, comharsanúlacht agus leathanaigeantacht na nGael atá á gceiliúradh sa tsraith agus gan aon cheistiú ar an gcultúr s’againne. Tá a fhios ag Dia gur bheag nach raibh mé féin i ngrá linn féin ag deireadh na sraithe.

An Bhrasaíl, an Fhrainc, an Libéir, an Pholainn, an Tuirc, an Nigéir, Uragua, Laitvia, Gána, Ceanada, Meiriceá, an Rúis, an Ghréig, an tSiria, agus na hOileáin Fhilipíneacha – bhronn siad sin ar fad, agus cúig thír déag eile, daoine cumasacha orainn atá páirteach san ‘Éire Nua’ seo is gean le Hector. Agus bhí Hector is iad féin ar a gcompord lena chéile, fiú agus an scaradh sóisialta is sláinte á gcoinneáil ó bharróga.

Is mairg nach bhfáilteodh roimh na daoine a chonaiceamar ar an gclár seo. Daoine treallúsach misniúla iad atá sásta a bheith anseo agus ag iarraidh an cultúr s’againne a thuiscint agus a cheiliúradh ach a gcultúr féin a roinnt lena gclann freisin. Ba spéisiúil na gnéithe den saol anseo ar chuir siad suntas ann.  An ‘Mamaí’ a bhíonn ag tindeáil ar an gclann mhac go bás agus an t-athair nár chleacht barróga. Trí ghlúin éagsúla le chéile sa teach ósta agus iad ar fad ag baint an chraic chéanna as i bhfochair a chéile. Sochraidí agus an t-ómós dár mairbh. An easpa gaisce faoina saothraíonn muid ná an post atá againn.

Ach céard a thug siad chugainn seachas dathanna craicinn?  Chomh maith le léargas ar bhealaí eile saoil, tá go leor díobh i mbun gnóthaí úra sa tír seo. Ní taobh le cáis phróiseáilte a bheimid feasta ach muid ag placadh Halloumi, cáis chaorach is seilidí atá lán le próitéin. Beidh arán na Polainne againn is bia spíosrach na Súdáine. Ag feilméaracht go horgánach i Maigh Eo atá fear gruagach na hAmasóine ar chinn air aon duine dá chomharsana a íoc as a gcuid oibre mar gur cuid den mheitheal é agus é ainmnithe ar an gcomhairle forbartha acu.

A mhian sa saol go gcuirfí a chnámha sa gcré anseo. Ait go leor b’éigean do chainteoir dúchais Gaeilge as Leòdhais na hAlban a theacht go Conamara le post a fháil agus Gaeilge eile  a fhoghlaim. Indiach a thug Hector ón Uaimh go dtí an Srath Bán den chéad uair ina shaol, imreoir cruicéid a rinne baile den áit nuair ba chorrach an saol ansin. An iománaíocht is geal le fear Nua-Eabhrac a mheall an Ghaeilge anseo.

An ghlúin romhamsa a chuaigh ar imirce ón nGaeltacht, bró mhuilinn a bhí sa nGaeilge ina saol nua agus chraobhscaoil siad an díchumhachtú sin dá gclann. Chuir mé suim ar leith ina raibh le rá ag na hÉireannaigh nua faoi chúrsaí teanga. Polannach ag míniú go gcaithfidh sí a bheith diongbháilte sa mbaile gan ach an Pholainnis a labhairt leis na gasúir.

Máthair eile a chuir a clann ag naíonra agus Gaelscoil mar gur cuid den duine an teanga. Fear eile a chreideann nach bhfuil an duine díchoilínithe ná saor gan a theanga. Áiseach mná a thug suas post ionas go mbeadh cultúr is teanga a muintire ag an gclann ag baile. Tá an teanga sin acu go líofa dá barr “ach ní roinnfidh siadsan lena gclann féin é,” an tuar a rinne sí agus arsa mise liom féin, “sin ceacht maith anois do na pleanálaithe teanga s’againne”.

Ach féach go bhfuil duine de na hÉireannaigh Nua ina phleanálaí teanga in Uíbh Ráthach agus creideann seisean go bhfeiceann tú an saol ar bhealach eile ach an teanga a fhoghlaim – “Déanfar duine eile díot ar bhealach,” a deir an Rúiseach Gaelach.

Labhair Hector le lear mór daoine sa gclár agus é ag taisteal ó cheann ceann na tíre agus gan ach mír bheag ag gach duine. Thug an turas deis do Hector léacht bheag a thabhairt dúinn faoina thábachtaí is atá an muintearas agus beannú do dhuine. Ní haithne go comhrá le duine a shoiscéal.

Bhí roinnt de na hagallaimh seo i mBéarla ach is iontach an lear de na hÉireannaigh nua a d’fhoghlaim Gaeilge go maith nó smeadar éigin di agus nach raibh faitíos ná doicheall orthu roimpi. Go leor acu d’fhoghlaim siad Béarla agus teaghlaigh ilteangacha atá acu. Tá ceacht ansin dúinne atá millte ag áisiúlacht an Bhéarla sa domhan beag nua.

Tá sraith eile le déanamh faoin taobh eile den Éire Nua ar thagair Gael óg as Baile Átha Cliath dó – an ciníochas bunaithe ar dhath a chnis cé gur Gaelaí é féin go mór fada ná lucht a mhaslaithe.

Ní mór an t-ardú croí a bhí le fáil le bliain ach mo ghraidhin Hector, TG4 agus Éire Nua a thug údar dóchais dom. Ina chuid focal féin – meas mór.

Fág freagra ar 'Éire Nua á chur i láthair i nGaeilge ag Hector Nua agus is mór an spórt é…'

  • Éilís Ní Anluain

    Agus ort fhéin a Mháire, comhghairdeachas ó chroí leat – go maire tú do ghradam!