Éire le deireadh a chur leis an gcaint faoin ‘spúnóg adhmaid’

Is léir nach bhfuil Andy Farrell ag tógáil seans ar bith agus é ag cur an triúr fichead is láidre atá ar fáil dó chun na Róimhe

Éire le deireadh a chur leis an gcaint faoin ‘spúnóg adhmaid’

Paul O'Connell agus Andy Farrell. Pictiúr: INPHO/IRFU/Ryan Bailey

Is bocht an scéal é níos mó suime a bheith sa tír seo sa rás maidir le pé foireann a chríochnós ar íochtar thábla chomórtas na Sé Náisiún ná cé a bheas ar a bharr. Ach sin díreach mar atá cúrsaí roimh thús Bhabhta 3 den chomórtas sin inniu, gan cluiche ar bith buaite againn as dhá iarracht go dtí seo agus muid sa mbád ceannann céanna leis na hIodálaigh, foireann a chaill chuile chluiche freisin. Fágann sin go bhfuil tábhacht ar leith ag roinnt leis an gcluiche idir na hIodálaigh agus muid féin sa Róimh inniu.

Seo mar atá sé, beidh leathghreim ag pé foireann a chailleann an cluiche seo ar an ‘spúnóg adhmaid’, an ‘gradam’ don fhoireann a chailleann chuile chluiche sa tsraith cúig chluiche.

Go dtí seo chaill na hIodálaigh go dona i gcoinne na bhFrancach ach tháinig feabhas orthu i gcoinne na Sasanach sa gcluiche dara babhta in ainneoin na bearna móire a bhí ar chlár na scór (41 -18).

Is léir nach bhfuil Andy Farrell ag tógáil seans ar bith agus é ag cur an phainéal triúr fichead is láidre atá ar fáil dó chun na Róimhe don choimhlint seo. Fios maith aige go mbeidh cúrsaí rugbaí na tíre in ísle brí go huile is go hiomlán má theipeann ar a chúram an lá a thabhairt leo, gan trácht ar an mbagairt a bheas ar a phost féin.

In ainneoin gur chaill muid an chéad dhá chluiche, bheadh sé tubaisteach ar fad dá dteipfeadh orainn arís inniu.

Fiú agus muid ag imirt go dona, tá bearna ollmhór caighdeáin idir muid féin agus an Iodáil. Níor éirigh leo an ceann is fearr a fháil orainn ach ceithre bhabhta i 32 iarracht agus ní mór dul siar go Márta 2013 le teacht ar an aon ócáid amháin ar bhuaigh siad orainn sa gcomórtas Sé Náisiún. Ní dóigh liomsa go dtarlóidh sé sin arís inniu. Go deimhin má tharlaíonn sin, is measa ár gcás ná mar a shíleann muid.

Cé go bhfuil mise ag súil leis an gcur chuige crua agus fisiciúil a thugann na hIodálaigh chun páirce i gcónaí, ní dóigh liom go mbeidh a gcuid scileanna cosanta go háirid in ann seasamh in aghaidh shíor-ionsaí na hÉireann thar ochtó nóiméad. Ag an am céanna caithfidh ár gcosaint féin a bheith teann mar gur minic leis na hIodálaigh patrún maith ionsaithe a chur le chéile sa gcéad seasca nóiméad.

Creidim gur féidir linn na cosa a chur ar ais fúinn féin arís agus deireadh a chur freisin leis an gcaint faoin spúnóg adhmaid.

Inniu freisin beidh an Bhreatain Bheag sa tóir ar an gCoróin Thriarach agus iad i gcoinne na Sasanach i gCaerdydd. Bhí an t-ádh glan ar na Breatnaigh agus iad ag buachtáil an chéad dhá chluiche in aghaidh na hÉireann agus na hAlban, foirne a raibh imreoirí ar iarraidh uathu don chuid is mó de na coimhlintí sin.

Tá drogall orm é a rá arís inniu mar gur bhréagnaigh na Breatnaigh mé faoi dhó roimhe seo ach ní fheicim bealach ar bith go mbeidh siad in ann ag na Sasanaigh, foireann atá ag feabhsú le chuile chluiche. Tá mise ag tuar bua eile do churaidh an chomórtais agus nach mbronnfar an Choróin Thriarach ar fhoireann ar bith.

Ní raibh an dara rogha ann ach cluiche an lae amárach idir an Fhrainc agus Albain i bPáras a chur ar athlá de bharr Covid-19 a bheith bríomhar i gcampa na bhFrancach. Ní raibh fáil ar dháta eile don chluiche sin agus an t-alt seo ag dul chun cló.

Fág freagra ar 'Éire le deireadh a chur leis an gcaint faoin ‘spúnóg adhmaid’'

  • Séamas Mac Coitir

    Comhgháirdeas ó chroí le foireann rugbaí na hÉireann, a fuair an ceann an a b’fhearr go paiteanta ar fhoireann rugbaí na hIodáile, inniu. Go maire siad a nuacht agus tuilleadh bisigh orthu!