Éire easaontaithe – tá an móramh imníoch agus an mionlach réchúiseach

Léirigh dhá shochraid a bhí go mór i mbéal an phobail deighilt níos bunúsaí i sochaí na hÉireann, thuaidh agus theas, maidir leis an bpaindéim

Éire easaontaithe – tá an móramh imníoch agus an mionlach réchúiseach

Pictiúr: @Kscott_94/Twitter

Níor thug go leor daoine a d’fhreastail le gairid ar shochraidí móra i mBéal Feirste agus i gcontae Mhaigh Eo mórán airde ar chomhairle na n-údarás sláinte.

Níor ceadaíodh ach sluaite beaga isteach sna séipéil inar dúradh paidreacha ar son an Gharda Colm Horkan agus an phoblachtánaigh Bobby Storey. Ach ba léir san dá áit nach raibh an chuid is mó de na sluaite lasmuigh ag smaoineamh ar na treoirlínte sláinte agus ómós á thaispeáint acu don bheirt a d’éag. Sheas a bhformhór gualainn ar ghualainn beagnach agus an mórshiúl ag dul thar bráid.

Níor dúradh mórán faoin bplódú a bhí follasach i Maigh Eo, ach tá freastal cheannairí Shinn Féin ar na searmanais i mBéal Feirste á cháineadh go forleathan ó cuireadh Bobby Storey sa chré Dé Máirt. 

Gan dabht tá baint ag an liom-leatachas leis an tost tar éis na chéad sochraide agus an lochtú géar a rinneadh ar Shinn Féin le cúpla lá.

Mar sin féin, ní foláir tagairt do dhifríocht shuntasach amháin idir an dá ócáid: níor fhreastail an tUachtarán ná Leo Varadkar mar Thaoiseach ar shochraid an Gharda Horkan ar chúinsí sláinte.

Bhí LeasChéad-Aire an Tuaiscirt Michelle O’Neill agus uachtarán Shinn Féin Mary Lou McDonald i láthair agus Bobby Storey á adhlacadh.

Léirigh an dá shochraid deighilt bhunúsach atá níos tábhachtaí agus nach mbaineann dáiríre le polaiteoirí. Deighilt é atá ag dul i bhfeidhm de réir a chéile ar an bpobal ar fud an oileáin. Ar thaobh amháin, tá an móramh a gcuireann an víreas corónach mór-imní orthu i gcónaí. Ar an taobh eile tá dream atá ag éirí réchúiseach nó míchúramach de réir a chéile, dream atá ag dul i líonmhaire de réir mar a laghdaíonn líon laethúil na marbh.

Beidh tábhacht nach beag leis an deighilt tuairimíochta seo agus maolú ar shrianta taistil agus trádála an rialtais á bplé nó á gcur i bhfeidhm.

Spreagfaidh neamhaird an mhionlaigh ar an scaradh sóisialta, mar shampla, a thuilleadh míshásaimh.

Molfaidh go leor daoine arís gur chóir go mbeadh caitheamh mascanna éigeantach ar thraenacha, ar thramanna agus ar bhusanna agus go gcuirfí an riail sin i bhfeidhm dáiríre.

Ar an taobh eile den deighilt, tá brú níos mó á chur ar an rialtas na srianta ar thaisteal thar lear a mhaolú. Ní hiad lucht ceannais Aer Lingus agus Ryanair amháin atá ag iarraidh nach n-iarrfaí ar dhaoine a bhí thar lear féin-leithlisiú 14 lá a dhéanamh ar theacht abhaile dóibh.

Beidh na hábhair seo go léir á bplé ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí inniu, Déardaoin, agus ag fochoiste Covid-19 an rialtais Dé hAoine. Tá gach cosúlacht ar an scéal agus an colún seo á scríobh nach n-athróidh an rialtas na treoirlínte sláinte go luath.

Tá drogall ar airí leasú ar bith a fhógairt sula mbeidh fianaise ar fáil faoi thionchar an mhaolaithe a cuireadh i bhfeidhm Dé Luain seo caite. 

Mar sin féin b’fhiú d’airí deacrachtaí atá ag teacht chun solais a phlé. Ina measc: cúrsaí taistil idirnáisiúnta, coraintín, tástáil agus aimsiú, rialacha nó treoirlínte nach gcuirtear i bhfeidhm agus cur i gcéill i gcoitinne.

Mar shampla

1. Mascanna, dáiríre?

D’fhógair an rialtas go mbeadh sé éigeantach mascanna a chaitheamh ar an gcóras iompar poiblí ón Luan seo caite. Ba léir an fhírinne agus an cur i gcéill láithreach: ní raibh clúdach aghaidhe á chaitheamh ach ag mionlach beag de na paisinéirí.

2. Béile, dáiríre?

D’ordaigh an rialtas go mbeadh iachall ar thithe tábhairne béile a chosnódh €9 a dhíol le custaiméirí. Arís, ba léir ó thús go raibh an riail á sárú go forleathan. Bhí cúis réasúnta ag cathaoirleach choiste Covid-19 na Dála Michael McNamara an cheist a chur: cén chosaint a chuireann béile substaintiúil ar fáil in aghaidh an choróinvíris?

3. Féin-aonrú, dáiríre?

Tháinig cúis amhrais eile chun solais nuair a d’admhaigh an roinn dlí agus cirt nach nglaoitear ach ar 60-70% de na daoine a fhilleann ar an tír tar éis taisteal thar lear féachaint (a) an bhfuil siad ag cur fúthu san áit a shonraigh siad ar an bhfoirm a shínigh siad ar fhilleadh dóibh, agus (b) an bhfuil siad ar fónamh.

Bhí laige eile sa chóras cheana féin: is féidir le duine a deir leis na húdaráis go bhfuil sé/sí ag féin-aonrú i gCarna ach atá i gCluain Meala dáiríre dallamullóg a chur orthu. 

Ní foláir don choiste éigeandála agus don rialtas éifeacht agus inchreidteacht an chórais a bhreithniú, an córas mar atá sé faoi láthair agus mar bheidh nuair a athrófar é ar ball. B’fhiú moladh amháin a bhreithniú go luath: mascanna saor in aisce a chur ar fáil don phobal ar bhonn eagraithe éigin.

Neartódh seift dá leithéid moladh an rialtais go gcaithfí masc in áiteanna nach féidir le daoine coinneáil amach óna chéile.

Fág freagra ar 'Éire easaontaithe – tá an móramh imníoch agus an mionlach réchúiseach'