Éire ar thairseach na Caithréime Móire lá stairiúil i mBaile Átha Cliath

Is ar Staid Aviva ag a 5pm a bheas aird chuile dhuine, ní sa tír seo amháin ach ar fud dhomhan an rugbaí

Éire ar thairseach na Caithréime Móire lá stairiúil i mBaile Átha Cliath

Sa mbliain 2018 bhí foireann idirnáisiúnta rugbaí na tíre seo san áit chéanna ar thábla chomórtas na Sé Náisiún agus atá siad faoi láthair. Ag an am sin bhí bua faighte acu i gceithre chluiche agus ní raibh le n-imirt acu ach na Sasanaigh in Twickenham ar Lá Fhéile Pádraig. Níl fágtha le n-imirt ag Éirinn anois ach foireann Shasana, cluiche a imreofar inniu.  Shlánaigh Éire bua sa gceithre chluiche sa gcomórtas go dtí seo agus má thugann siad an lá leo inniu, beidh an Choróin Thriarach, Craobh na Sé Náisiún acu agus, den cheathrú huair ariamh, an Grand Slam. Bhuaigh Éire an cluiche sin in 2018 le scór 24-15, dála an scéil.

Ach tá difear mór amháin idir cluiche an lae inniu agus an ceann sin in 2018. Sa mbaile, i Staid Aviva a bheas an cluiche á imirt inniu. I 1948, tráth ar bhuaigh muid an Grand Slam den chéad uair bhí buntáiste an bhaile againn freisin.  I mBéal Feirste a imríodh an cluiche sin. Is fiú a lua freisin go raibh na Sasanaigh sách lag in 2018. Níor bhuaigh siad ach dhá chluiche Sé Náisiún an séasúr sin agus má bhíonn an lá leis na Gaeil inniu ní bheidh ach dhá chluiche buaite acu i gcomórtas na bliana seo freisin.

Níl sa méid sin ach stair agus cuid den chúlra atá ag baint le cluiche an lae inniu. Níos tábhachtaí go mór tá na deacrachtaí i gcampa na hÉireann maidir le himreoirí atá gortaithe ón gcoimhlint fhíochmhar sin in Murrayfield sé lá ó shin. Níl fáil ar Rob Henderson ná ar Gary Ringrose agus chaith Caelan Doris, Dan Sheehan agus Ronan Kelleher an tseachtain faoi chúram na ndochtúirí. Buntáiste mór é go mbeidh fáil ar Sheehan agus Doris.

Ainneoin go raibh ceathrar den chúigear imreoirí sin gortaithe faoi leatham sa gcluiche i gcoinne na hAlban, d’éirigh le foireann Andy Friend athchóiriú a dhéanamh ar na himreoirí a bhí ar an bpáirc agus d’imir siad an dara leath gan húcálaí.  Bhí ar Josh Van der Flier an liathróid a chaitheamh isteach sa síneadh amach agus b’éigean do Chian Healy imirt mar húcálaí. Léiriú iomlán eile ar an tallann atá sa bpainéal imreoirí seo.

Fós féin, cé nach bhfuil aon seans ar chorn ná ar chraobh ag na Sasanaigh is féidir leo deireadh a chur lenár mbrionglóid, díreach mar a bhí an scéal in 2018. Is fiú a mheabhrú gur thug na Francaigh an greadadh is measa a fuair na Sasanaigh ariamh dóibh agus iad ag imirt i dTwickenham i gcluiche Sé Náisiún. 53 i gcoinne 10 a chríochnaigh an cluiche sin seachtain ó shin ach bhí foireann John Bull náirithe go hiomlán.

Ciallaíonn sin ar fad go gcaithfidh na Sasanaigh freagra dearfach a thabhairt más mian leo a sheachaint go mbeifí ag caint fúthu agus daoine ag trácht ar leithéidí na Breataine Bige agus na hIodáile.  Táim in amhras an bhfuil na himreoirí acu le bagairt a dhéanamh ar na hÉireannaigh.  Mar sin féin caithfidh muid a bheith san airdeall agus cúramach tráthnóna inniu. Má bhíonn muid cothrom nó fiú má chailleann muid le dhá phointe bónais, is againne a bheas an chraobh. Ach níl fáil ar chluais Éireannach ar bith don chaint seo.  Bua agus an Grand Slam amháin atá faoi chaibidil.

Go deimhin sula n-imrítear an cluiche i Staid Aviva, má éiríonn leis na Breatnaigh na Francaigh a chloí i bPáras is againne a bheas an chraobh mar go bhfuil ceithre phointe idir Éirinn agus an Fhrainc ar thábla an chomórtais. Níl mórán atá ag tuar bua as baile do na Breatnaigh.

Roimhe sin cuirfidh Albain fáilte go Dún Éideann roimh na hIodálaigh agus na cuairteoirí fós ar thóir a gcéad bhua i gcomórtas na bliana seo. Ar an drochuair do na hIodálaigh, seans go n-éireoidh le hAlbain a dtríú bua Sé Náisiún an séasúr seo a aimsiú.

Ní bheidh suim rómhór ag aon Éireannach sa gcéad dá chluiche inniu.  Is ar Staid Aviva ag a 5pm a bheas aird chuile dhuine, ní sa tír seo amháin ach ar fud dhomhan an rugbaí.

Fág freagra ar 'Éire ar thairseach na Caithréime Móire lá stairiúil i mBaile Átha Cliath'