An bhfuil aon rún agat don bhliain 2020?
Níl dáiríre, ach amháin solamar a bhaint as an saol.
Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2020?
An tOireachtas i nGaillimh. Tá an tOireachtas ag teacht ar ais chuig príomhchathair na Gaeilge sa tír, atá ar leic an dorais ag an nGaeltacht. Tarraingeoidh sé muintir na Gaeltachta agus muintir chathair na Gaillimhe le chéile agus go mór mór le linn an cheiliúrtha ar chathair chultúrtha na hEorpa. Taispeánfaidh sé a lárnaí is atá an Ghaeilge sa togra sin ar fad.
Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2020?
An Breatimeacht. Ag deireadh na bliana a bheidh freagraí ann ar na mórcheisteanna a cuireadh le linn na díospóireachta faoin mBreatimeacht. Níl ann ach go bhfuil an bhó seolta thar an abhainn go fóilleach ach meas tú an mbeidh féar ag fás ar an taobh eile den abhainn.
Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2020?
Óige na hÉireann agus go háirithe óige na Gaeltachta. An dream óg a bhíonn ag plé le cúrsaí spóirt, cultúir agus ceoil. An Ghaeilge, an cultúr agus an cumas atá iontu, thabharfadh sé dóchas do dhuine. Ní ghlacaim le mangaireacht an éadóchais faoi thodhchaí na Gaeltachta.
Céard é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach in 2020?
An peann a choinneáil líonta le dúch agus a bheith páirteach sna himeachtaí ar fad de chuid an Oireachtais.
Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2020, céard a d’athrófá?
Éire a bheith ina Gaeltacht fré chéile. Sin í an bhrionglóid. Mar a dúirt Máirtín Ó Cadhain: ‘Sí an Ghaeilge athghabháil na hÉireann, agus is í athghabháil na hÉireann slánú na Gaeilge’. Tugann leithéidí An Dream Dearg an-mhisneach dom mar ghluaiseacht a tháinig aníos ón bpobal. Tugann gluaiseacht na gaelscolaíochta misneach dom. Nuair a fheiceanns tú an méid sin tuismitheoirí ag iarraidh a gclainne a chur chuig scoileanna Gaeilge, nuair a fheiceanns tú an cúrsa nua i gColáiste Marino do mhúinteoirí atá go hiomlán trí Ghaeilge, nuair a fheiceanns tú an spiorad a bhíonn ag scoláirí Choláiste Chamuis chuile shamhradh agus go gcastar duit iad blianta ina dhiaidh agus cuid acu ag tógáil á gclainne le Gaeilge anois. Nuair a fheiceanns tú iarmhic léinn, cuireann siad ardú
croí agus meanman orm an méid iarscoláirí ollscoile atá i mbun an tsaoil trí Ghaeilge agus ag déanamh obair iontach, á bhfeabhsú féin mar dhaoine agus ag cur le leas an phobail mar a bhfuil siad ina gcónaí.
Tiarnan de Fréine
Tá súil agam go gcuirfí réamhaisnéis
an scríobhneoir i gcríoch agus nach fís nó aisling atá ann!
An Teanga Bheo
Gaelú ar an nGalltacht agus Gaillimh abú
Lillis Ó Laoire
Crann do shláinte leat a Uachtaráin!
I dTír na mBodhrán
B’fhearr i bhfad don ollamh roinnt céimeanna coincréideacha a chur os ár gcomhar ar nós cúpla baile beag lán le Gaeilge a thógáil in aice le roinnt bailte móra.
Is i gCarn Tóchar atá an obair choincréideach seo tosaithe. Is fearr obair choincréideach seachas an rámhaillí bhrionglóideach atá ar siúl ag séantóirí chun an drochstaid ina bhfuil an Ghaeltacht Oifigiúil a cheilt.