ÉIRE 1920 – Maireann oidhreacht an Achta um Rialú na hÉireann i gcónaí…

Cuirtear clabhsúr inniu ar an tsraith le Tuairisc.ie agus an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh ina dtugann staraithe éagsúla léargas dúinn ar scéala Éireann i mbliain chinniúnach 1920. Inniu, an tAcht um Rialú na hÉireann, acht na Críochdheighilte a d’fhág lorg buan ar dhán na hÉireann…

ÉIRE 1920 – Maireann oidhreacht an Achta um Rialú na hÉireann i gcónaí…

Ba dheacair teacht ar Acht chomh míthráthúil leis an Acht um Rialú na hÉireann, acht na críochdheighilte. Shínigh an Rí Seoirse V an tAcht ar an 23 Nollaig 1920, dhá bhliain tar éis olltoghchán a léirigh go soiléir go raibh coincheap an rialtais dúchais seanchaite.  Bhí Dáil Éireann dílis do phrionsabail Fhorógra 1916 agus aisling na poblachta.

Mar sin féin, gheall Rialtas na Breataine Rialtas Dúchais i 1914, agus d’fhill siad ar an gceist i ndiaidh an Chogaidh. Bunaíodh coiste chun tús a chur leis an bpróiseas i mí Dheireadh Fómhair 1919. Ba é seo an ceathrú bille rialtais dúchais, ach an chéad cheann a dhéanfadh dhá pharlaimint a bhunú, Teach na dTeachtaí agus Seanad acu araon. Luaigh an tAcht go leor srianta: ní bheadh baint ag na parlaimintí nua le cosaint na tíre, gnóthaí eachtracha, boinn airgid, tithe solais, ná teileagrafaíocht. Ba mhór idir é seo agus dearbhú Fhorógra na Poblachta ‘gur ceart ceannasach dochloíte é ceart mhuintir na hÉireann chun seilbh na hÉireann agus chun dála na hÉireann a stiúradh gan srian’.

Fad a bhí an bille ag gabháil tríd an bparlaimint go mall, ghéaraigh feachtas an IRA, a bhí ag ionsaí beairicí agus ag marú póilíní. Tháinig cor nua sa scéal nuair a seoladh na Dúchrónaigh agus na Póilíní Cúnta (Auxiliaries) go hÉirinn. D’fhág díoltas fíochmhar fhórsaí na Corónach, gan trácht ar ionsaithe fánacha, an pobal faoi sceimhle. Gníomhartha suaithinseacha ab ea marú Thomáis Mhic Churtáin, ardmhéara Chorcaí, ina theach cónaithe féin, creachadh Bhaile Brigín agus an marú i bPáirc an Chrócaigh Domhnach na Fola. Bhí báidh mhór le mairtírigh, Traolach Mac Suibhne a fuair bás ar stailc ocrais i mBrixton agus Kevin Barry a crochadh i bpríosún Mhuinseo, san áireamh. Throid an IRA go láidir; d’éirigh leo slua Póilíní Cúnta a mharú i gCill Mhichíl. Tar éis luíochán eile ar imeall chathair Chorcaí, chuaigh fórsaí na Corónach le báiní: loisc siad lár na cathrach.

Níorbh iad sin na cúinsí chun Rialtas Dúchais a chur i bhfeidhm, ach bhí scéal níos casta fós san Oirthuaisceart. Bhris trioblóid amach i mBéal Feirste cheana nuair a bhí rialtas dúchais á phlé – díbríodh Caitlicigh as na longchlósanna in 1886 agus 1912 – agus níorbh aon ionadh gur tharla a leithéid arís i 1920.

An turas seo, díbríodh idir Chaitlicigh agus ‘Rotten Prods’, Protastúnaigh a raibh amhras fúthu.  Thosaigh an trioblóid i mí Iúil tar éis mharú an Leifteanantchoirnéal Gerald Smyth, coimisinéir na bpóilíní i gcúige Mumhan. B’as Contae an Dúin dá mhuintir. Loisceadh tithe Caitliceach i Lios na gCearrbhach mar dhíoltas ar bhás D.I. Oswald Swanzy; mheas an IRA gurbh é a bhí freagrach as dúnmharú Thomáis Mhic Churtáin agus mharaigh siad é le gunna an ardmhéara. Bhí meascán den seicteachas agus an poblachtánachas ag baint leis an achrann. D’áitigh Caitlicigh go raibh ‘pogram’ ina gcoinne, rud a shéan na Protastúnaigh go láidir. Cúis mhór imní ab ea an chríochdheighilt sna cúinsí sin.

Bhí col ag náisiúnaithe leis an gcríochdheighilt mar réiteach ó thosaigh polaiteoirí na Breataine, idir Choimeádaigh agus Liobrálaigh, ag tagairt do shocrú speisialta do na haontachtóirí sna blianta 1912-1914. Ráthaigh Forógra na Poblachta comhchearta mhuintir na hÉireann uile ‘gan aird aici ar an easaontas a chothaigh rialtas iasachta eatarthu agus lenar deighleadh mionlach díobh ón móramh san am atá imithe’. Lean an tuiscint ann gur rud mínádúrtha í an chríochdheighilt. I mBéal Feirste, scríobh an tEaspag Joseph MacRory chuig an gCairdinéal O’Connell i mBoston:

Fully fifty thousand Catholics are now on the verge of starvation in my diocese, which is no longer in Ireland; not even in Ulster, for that historic province has been mutilated, but in the Nameless Satrapate made up of the six amputated counties.’

Níorbh é an t-easpag amháin a bhain úsáid as na téarmaí ‘mutilated’ agus ‘amputation’ ag cur síos ar an gcríochdheighilt.

Comhionannas

Dála billí rialtas dúchais ag dul siar go dtí 1886, chuir an tAcht (Alt 5) cosc ar reachtaíocht a dhéanfadh idirdhealú ar bhonn creidimh. I measc na srianta, níor ceadaíodh airgead a bhronnadh ar aon chreideamh, ná searmanas creidimh ar leith a dhéanamh riachtanach le haghaidh bailíocht an phósta. Ní bheadh aon bhuntáiste ag an gcléir, ná ní fhágfaí iad faoi mhíbhuntáiste. Bheadh cead ag páistí freastal ar scoileanna a raibh maoiniú poiblí acu gan freastal ar theagasc Críostaí. Tá an giota céanna nach mór sa Chonradh Angla-Éireannach (Alt 16) , ach sa Chonradh cuireadh cosc ar idirdhealú i maoiniú scoileanna a bhain le haicmí creidimh eagsúla. Tá a rian seo i mBunreacht na hÉireann (Alt 44.2) chomh maith.

Comhairle na hÉireann

Thagair an chéad alt san Acht do Chomhairle na hÉireann, meicníocht chun caidreamh idir an Tuaisceart agus an Deisceart a chothú.  Bheadh deis ag an dá pharlaimint aon pharlaimint amháin a chruthú agus bheadh cumhachtaí breise ag an bparlaimint sin.  Bhí Comhairle na hÉireann luaite sa Chonradh Angla-Éireannach chomh maith, ach is beag tacaíocht a bhí ag an bhforáil sin. Luadh Comhairle mar ghléas coimhoibrithe freisin i gComhaontú Sunningdale i 1973, ach ní fada a mhair an comhaontú féin.

An Toradh

Tharla oscailt oifigiúl na parlaiminte i mBéal Feirste ar an 22 Meitheamh 1921.  B’fhearr le haontachtóirí go bhfanfadh Éire uile sa Bhreatain ach chinn aontachtóirí Uladh a ndícheall a dhéanamh leis an socrú nua.  Bhí na sluaite ar thaobh na sráideanna nuair a bhí an Rí agus an Bhanríon ag dul chuig an searmanas, na 10th Hussars mar gharda.  Deineadh luíochán ar thraein a bhí ag iompar cuid de mharcshlua an Rí agus iad ag filleadh cúpla lá ina dhiaidh sin. Maraíodh cúigear fear agus timpeall leathchéad capall. Bhí an cogadh fós ar siúl.

Faoin am gur bhain Micheál Ó Coileáin agus a chomhghleacaithe Londain amach i mí Dheireadh Fómhair 1921, ceithre mhí tar éis oscailt gháifeach na parlaiminte i mBéal Feirste, ní raibh aon seans deireadh a chur leis an gcríochdheighilt ag an bpointe sin. Thug an Conradh cead do pharlaimint Bhéal Feirste gan páirt a ghlacadh sa saorstát; maireann oidhreacht an Achta um Rialú na hÉireann i gcónaí.

Fág freagra ar 'ÉIRE 1920 – Maireann oidhreacht an Achta um Rialú na hÉireann i gcónaí…'