Eipic beo ar shuíomh TG4 anois!

Seo í an chéad uair riamh do TG4 eagrán de chlár a chur ar an seinnteoir idirlín roimh é a chraoladh ar an stáisiún teilifíse féin

eipic
Fionn Foley i bpáirt Sully in Eipic. Pictiúr: TG4

Tá an chéad eagrán den dráma nua grinn Eipic beo ar shuíomh TG4 anois. Beidh an clár le feiceáil ar TG4 féin Déardaoin ag 10in. Seo í an chéad uair riamh do TG4 eagrán de chlár a chur ar an seinnteoir idirlín roimh é a chraoladh ar an stáisiún teilifíse féin.

Sraith sé pháirt atá in Eipic a chraolfar thar sé seachtaine ón 4 Feabhra. Inseofar scéal chúigear déagóirí a ghlacfaidh seilbh ar oifig an phoist le linn chomóradh Éirí Amach 1916 i mbaile beag tuaithe chun réabhlóid cheoil a chur ar bun.

Deirtear gur dráma é Eipic faoin bhfás agus faoin bhféiniúlacht, faoin gcairdeas, faoin mian a bheith cáiliúil agus faoi shaol an déagóra i mbaile beag tuaithe.

Mar chuid den tsraith, tá Gaeilge curtha ar amhráin éagsúla ó leithéidí Joy Division, The Jam agus The Smiths.

Fág freagra ar 'Eipic beo ar shuíomh TG4 anois!'