Éileamh mór ar chúrsa nua don bhunmhúinteoireacht trí Ghaeilge

Is é 492 pointe an líon pointí is mó atá luaite le haon chúrsa Gaeilge sa chéad bhabhta de thairiscintí CAO

Éileamh mór ar chúrsa nua don bhunmhúinteoireacht trí Ghaeilge

Tá éileamh mór ar chúrsa nua céime bunmhúinteoireachta as Gaeilge, de réir thairiscintí an CAO a fógraíodh inné.

Sa chéad bhabhta tairisceana breis is 49o pointe a theastaíonn chun áit a fháil ar an gcúrsa nua ‘Oideachas – Bunmhúinteoireacht Trí Mheán na Gaeilge’  in Institiúid Marino i mBaile Átha Cliath.

Fágann sin gur mó na pointí a theastaíonn don chéim bhunmhúinteoireachta nua trí Ghaeilge ná mar a theastaíonn do na céimeanna traidisiúnta bunmhúinteoireachta trí Bhéarla i gColáiste Mhuire Gan Smál – 473 pointe, i DCU – 462 pointe –agus i Marino féin – 453.

Is cosúil mar sin go líonfar an chéad chúrsa den chéim nua a cuireadh ar bun le leigheas a fháil ar an nganntanas bunmhúinteoirí atá oilte chun múineadh i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta.

De réir eolais a fuair Tuairisc.ie 70 duine a chuir síos mar chéad rogha CAO an cúrsa ‘Baitsiléir san Oideachas trí Mheán na Gaeilge’ in Institiúid Marino i mBaile Átha Cliath. 

Luaigh 200 iarratasóir eile mar cheann dá gcuid roghanna CAO an cúrsa nua.

Caithfidh aon iarratasóir a mbeadh fonn air nó uirthi áit a fháil ar an gcúrsa céime scrúdú Gaeilge TEG a dhéanamh agus os cionn 50% a fháil ann.

Beidh áit ar an gcúrsa nua do 35 mac léinn nuair a chuirfear tús leis an fómhar seo.

Sa chéad bhabhta de thairiscintí CAO, is é an 492 pointe atá luaite leis an gcúrsa nua an líon pointí is mó atá luaite le haon chúrsa a dhéantar trí Ghaeilge.

Is é 509 pointe an líon pointí is mó atá luaite le haon chúrsa a bhfuil an Ghaeilge mar chuid de agus an méid sin ag teastáil sa chéad bhabhta don chéim sa tráchtáil idirnáisiúnta le Gaeilge. 

Mórán mar a chéile le anuraidh, nó níos airde in áiteanna, atá na pointí i go leor de na cúrsaí Gaeilge nó na cúrsaí a bhfuil an Ghaeilge mar chuid dóibh.

Ní bheidh ceann de na cúrsaí Gaeilge ab aitheanta ar fáil in aon chor i mbliana, is é sin an cúrsa iriseoireachta Gaeilge i bhFiontar, DCU.

357 pointe atá luaite leis an gcéim Gnó agus Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus 410 pointe a theastaíonn don chúrsa iarbhunmhúinteoireachta le Gaeilge agus teanga Eorpach eile.

Is cosúil go bhfuil éileamh maith leis ar an gcúrsa Oideachas, Matamaitic agus Gaeilge ar champas Choláiste Mhuire gan Smál i nDurlas. 433 pointe atá luaite leis an gcúrsa sin sa chéad bhabhta tairisceana. 377 pointe a theastaíonn don chúrsa oideachais, Gaeilge agus reiligiúin ar an gcampas céanna agus 398 pointe atá luaite le oideachas, Gaeilge agus Staidéar Gnó i nDurlas. Maidir le Ollscoil na hÉireann, Gaillimh tá ardú tagtha ar líon na bpointí a theastaíonn don chéim i léann an aistriúcháin agus Gaeilge ansin. 330 pointe atá luaite sa chéad bhabhta tairisceana don chúrsa sin i mbliana i gcomparáid le 308 sa bhabhta deireanach in 2018.

308 pointe atá luaite leis an gcúrsa cumarsáide agus Gaeilge san ollscoil chéanna, le hais 301 pointe sa bhabhta deireanach anuraidh. 473 pointe atá ag teastáil sa chéad bhabhta chun gnó agus Gaeilge a dhéanamh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus an chuma ar an scéal go bhfuil an-éileamh ar an gcéim sin a raibh 451 pointe ag teastáil lena haghaidh sa bhabhta deireanach tairiscintí in 2018.

462 pointe atá luaite leis an gcéim sheanbhunaithe sa Dlí agus Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, i gcomparáid le 507 pointe sa bhabhta deireanach anuraidh.

347 pointe a theastaíonn sa chéad bhabhta tairisceana chun an cúrsa céime a dhéanamh i gColáiste na Tríonóide sa nua-Ghaeilge agus sa Ghaeilge Mhoch.

430 pointe a theastódh ó dhuine chun Eacnamaíocht Bhaile agus Gaeilge a dhéanamh i gColáiste San Aingeal, Sligeach.

Fág freagra ar 'Éileamh mór ar chúrsa nua don bhunmhúinteoireacht trí Ghaeilge'