Éileamh déanta ar an Rialtas beart a dhéanamh chun tacú le hearnáil na gcoláistí samhraidh

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go dtabharfadh Airí na Gaeltachta meitheal oibre le chéile chun todhchaí na gcoláistí samhraidh Gaeltachta agus bealaí le teacht i gcabhair ar an earnáil a phlé

Éileamh déanta ar an Rialtas beart a dhéanamh chun tacú le hearnáil na gcoláistí samhraidh

Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, Peadar Mac Fhlannchadha

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar Airí na Gaeltachta beart a dhéanamh ar son na gcoláistí samhraidh Gaeltachta i bhfianaise “na géarchéime” atá roimh an earnáil. 

Deir an eagraíocht Ghaeilge go bhfuil an baol ann go bhfuil tubaiste i ndán don earnáil i bhfianaise na bhfadhbanna atá tagtha chun solais maidir le cúrsaí lóistín. 

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go dtabharfadh Aire na Gaeltachta Catherine Martin agus an tAire Stáit Jack Chambers Meitheal Oibre le chéile chun todhchaí na gcoláistí samhraidh Gaeltachta agus na bealaí gur féidir teacht i gcabhair ar an earnáil a phlé. 

Thug CONCOS, an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar na coláistí Gaeilge, le fios an tseachtain seo caite go raibh fadhb mhór tagtha chun cinn maidir le lóistín a chur ar fáil do scoláirí sa Ghaeltacht an samhradh seo. 

Meastar go bhfuil breis is 1,000 leaba níos lú ar fáil do choláistí samhraidh Gaeilge i mbliana ná mar a bhíodh ar fáil go hiondúil, rud a d’fhágfadh go mbeadh suas le 3,000 scoláire níos lú ag freastal ar na coláistí i rith an tsamhraidh seo. 

Bhí sé fógartha cheana féin ag Coláiste Pobail Chléire nach bhféadfaí cúrsaí a reáchtáil ar an oileán an samhradh seo ceal lóistín agus dheimhnigh Coláiste na bhFiann freisin an tseachtain seo nach mbeifear in ann glacadh le scoláirí an samhradh seo. Tá Coláiste na bhFiann ar cheann de na heagraíochtaí is mó sa tír atá i mbun coláistí samhraidh Gaeilge a eagrú agus cúrsaí á reáchtáil i nGaeltachtaí na Mí, na Gaillimhe agus Dhún na nGall. 

Dúirt Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, Peadar Mac Fhlannchadha, gur gá dóibh siúd a bhíonn ag plé le hearnáil na gcoláistí Gaeilge teacht le chéile mar ábhar práinne chun an fhadhb a phlé. Mhol sé Meitheal Oibre a chur ar bun, mar a rinne Roinn na Gaeltachta i bhfómhar 2020, chun na dúshláin atá i ndán don earnáil a phlé. 

“Tá géarchéim buailte linn maidir le ceist na mná agus na bhfear tí in earnáil na gColáistí Samhraidh, géarchéim atá imithe in olcas de bharr Covid, ach géarchéim a bhí ag teacht chun cinn pé scéal é le roinnt blianta roimhe sin. Baineann an ghéarchéim seo le réimsí eile den earnáil chomh maith,” a dúirt Mac Fhlannchadha. 

“Tá sé riachtanach anois go dtabharfaí faoin ngéarchéim seo agus go dtabharfaí aghaidh láithreach ar gach gné ag a mbíonn tionchar ar an earnáil. Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán agus ar Jack Chambers, Aire Stáit na Gaeltachta agus Príomhaoire an Rialtais, mar a rinneamar thiar i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2020, go gcuirfí Meitheal Oibre le chéile chun an bealach chun cinn a mheas agus straitéisí éagsúla a ullmhú chun díriú ar thodhchaí na hearnála, ceist na mban tí san áireamh.” 

Dúirt Mairéad Ní Fhatharta, Cathaoirleach Mheitheal Gaeltachta Chonradh na Gaeilge, go raibh tábhacht ar leith ag baint leis na coláistí samhraidh don Ghaeltacht agus é léirithe ag taighde gur fiú suas le €50 milliún sa bhliain an earnáil d’eacnamaíocht na Gaeltachta. 

“Níl amhras áfach ach gurbh iad na mná agus fir tí crann taca earnáil na gColáistí, maidir le seachadadh na teanga agus maidir leis an ról lárnach atá acu san earnáil trí chéile. Is iad na tithe agus na teaghlaigh áitiúla cnámh droma an eispéiris tumoideachais Ghaeltachta,” a dúirt Ní Fhatharta. “Is léir go bhfuil géarchéim anois ann maidir le dóthain mná agus fir tí a bheith ar fáil chun freastal ar an éileamh agus caithfear aghaidh a thabhairt air seo ar bhonn práinne.” 

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go ndíreofar ar na dúshláin atá ag cur as do na coláistí samhraidh faoi láthair chomh maith le fadhbanna meántéarma agus fadtéarma a aithint.  

Deirtear go gcaithfear céimeanna a ghlacadh chun mná agus fir tí a choinneáil sa chóras agus chun teaghlaigh nua a mhealladh. 

Meastar freisin, go bhfuil sé tábhachtach fáil amach céard iad na tacaíochtaí atá ag teastáil ó choláistí Gaeilge beaga chun iad a choinneáil oscailte agus gur cheart breathnú ar dheiseanna níos mó a thabhairt do dhaoine le freastal ar choláistí Gaeilge. 

Fág freagra ar 'Éileamh déanta ar an Rialtas beart a dhéanamh chun tacú le hearnáil na gcoláistí samhraidh'