Éileamh déanta ag TG4 ar mhaoiniú breise mar gheall ar Covid-19

Tá tAire Gaeltachta Catherine Martin ag fanacht ar ‘tuilleadh faisnéise’ ó TG4 maidir lena n-iarratas ar mhaoiniú breise €1.9 milliún le costais a bhain le Covid-19 a ghlanadh

Éileamh déanta ag TG4 ar mhaoiniú breise mar gheall ar Covid-19

Tá beagnach dhá mhilliún euro á lorg ag TG4 chun na costais bhreise a bhain leis an tseirbhís a choinneáil ag imeacht le linn na paindéime a ghlanadh.

Thug an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta Catherine Martin le fios sa Dáil inniu go raibh sí ag fanacht le “tuilleadh faisnéise” ó TG4 maidir lena n-iarratas ar mhaoiniú breise €1.9 milliún atá ag teastáil ón tseirbhís le costais a bhain le Covid-19 a chlúdach.

Agus ceist a chuir urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, uirthu faoi cén uair a dhéanfaí cinneadh faoin deontas aon uaire, dúirt an tAire Catherine Martin go mbeidh cruinniú aici le TG4 “sna seachtainí amach romhainn” chun an scéal a phlé.

Pléifear ag an chruinniú sin chomh maith an tslí a mbeidh TG4 in ann “fás” agus “tacú” níos mó leis an nGaeilge, a dúirt an tAire Martin.

Dúirt an tAire Martin gur thuig sí “na dúshláin léiriúcháin” a bhí ag seirbhísí craoltóireachta poiblí le linn na paindéime agus gur éirigh le TG4 a sceideal “a chur in oiriúint” dá lucht féachana in ainneoin na ndúshlán sin.

Dúirt an tAire Martin go ndéanfadh sí a dícheall chun €1.9 milliún breise a fháil don stáisiún Gaeilge.

Dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh go mbeadh deacracht ag TG4 “coinneáil ag imeacht” mura gcuirfí an maoiniú breise ar fáil leis na costais a bhí orthu de bharr Covid-19 “a ghlanadh”.

Dúirt urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin go raibh “bearna mhór” i gceist le maoiniú TG4 agus go raibh €4.1 milliún eile ag teastáil ón stáisiún Gaeilge i mbliana “chun maireachtáil amach anseo”.

Dúirt Catherine Martin go bpléifí ceist mhaoiniú TG4 sna cainteanna faoin Bhuiséad.

Maidir leis an maoiniú breise a deir TG4 atá ag teastáil de bharr na bpaindéime, mhol an tAire obair an stáisiúin le linn na paindéime.

“Tuigim an obair atá déanta ag TG4 chun foinsí nuachta, oideachas agus faisnéis seirbhíse poiblí a chur ar fáil i rith na tréimhse seo. Tá an sceideal coinnithe ag TG4 mar atá agus tá sé curtha in oiriúint aige le freagairt ar riachtanais a lucht féachana in ainneoin gur bhain dúshláin léiriúcháin leis sin de bharr na srianta sláinte.”

Mhol Aengus Ó Snodaigh saothar an stáisiúin chomh maith agus dúirt sé go raibh maoiniú breise ag dul dó.

“Choimeád an comhlacht gach uile dhuine a bhí fostaithe aige ag obair agus choimisiúnaigh sé scannáin agus cláir atá le teacht. Choimeád sé a lán daoine nach raibh ag obair go díreach don chomhlacht ag obair chomh maith.

“Thug sé deontais dóibh. Choimeád an comhlacht a sceideal, agus sceideal Cúla4 ar Scoil ach go háirithe, ar siúl ar feadh na tréimhse uilig. Bhí gach duine ag maíomh as sin ach ní féidir leis an stáisiún leanúint ar aghaidh gan airgead. Táim ag tagairt do dheontas aon uaire, ach tá a lán ceisteanna le cur faoin deontas a fhaigheann TG4 gach uile bhliain freisin,” arsa Ó Snodaigh.

Fág freagra ar 'Éileamh déanta ag TG4 ar mhaoiniú breise mar gheall ar Covid-19'