Éileamh déanta ag cibearchoirpigh ar airgead fuascailte ón Stát

Tá éileamh ar airgead fuascailte i mBitcoin déanta ag na haiceálaithe a rinne cibirionsaí ar chórais ríomhaireachta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Éileamh déanta ag cibearchoirpigh ar airgead fuascailte ón Stát

Tá airgead fuascailte i mBitcoin éilithe ón Stát ag buíon chibearchoireachta a rinne ionsaí ar chórais ríomhaireachta an HSE.

Dheimhnigh Ossian Smyth, an tAire Stáit atá freagrach as an e-rialtas, an méid sin tráthnóna agus é faoi agallamh ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Ní dúirt Smyth cén luach airgid a bhí á lorg.

Dúirt Smyth níos túisce inniu go bhféadfadh go raibh an t-ionsaí ar gcibirionsaí is suntasaí a rinneadh riamh ar an Stát. “Téann an t-ionsaí seo díreach go croílár chóras an HSE,” a dúirt an tAire “ach ní spiaireacht atá ann.”

“An aidhm atá acu ár sonraí a chriptiú agus a chur faoi ghlas agus ansin iarracht a dhéanamh airgead fuascailte a bhaint dínn chun é a fháil ar ais.”

“Tá a bhfuil d’acmhainní againn á n-úsáid chun déileáil leis seo agus is imscrúdú coiriúil atá ann.

“Tá  Biúró Cibearchoireachta an Gharda Síochána ag obair air agus tá comhlacht cibearshlándála den scoth tugtha isteach againn le cuidiú leis an bhfiosrúchán,” a dúirt Ossian Smyth.

I ráiteas ón Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála (NCSC) dúradh gur thug Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi deara i rith na hoíche aréir go raibh ionsaí  déanta ar chuid dá córais le bogearraí éirice.

Chuir an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála a phlean géarchéime i bhfeidhm láithreach bonn.

Dúirt an tAire Smyth “go n-úsáidfí gach aon acmhainn a bhí ar fáil” chun na daoine atá freagrach as an gcibirionsaí seo a aimsiú agus gheall go ndéanfaí imscrúdú coiriúil an-chríochnúil faoin gcás.

Fág freagra ar 'Éileamh déanta ag cibearchoirpigh ar airgead fuascailte ón Stát'