Éileamh ar choláistí samhraidh cheana féin ach éiginnteacht ann faoina bhfuil i ndán dóibh

‘Fan go bhfeice tú’ an dearcadh atá ag go leor de lucht na gcoláistí samhraidh faoi láthair

Éileamh ar choláistí samhraidh cheana féin ach éiginnteacht ann faoina bhfuil i ndán dóibh

Tá coláistí samhraidh na Gaeltachta ag clárú scoláirí do chúrsaí na bliana seo chugainn agus tá éileamh “maith” ag tuismitheoirí agus scoláirí orthu.

Ach tá éiginnteacht i gcónaí faoina bhfuil i ndán do na cúrsaí samhraidh in 2021 agus tá lucht na gcoláistí, ach oiread le go leor eile, ag faire go géar ar a bhfuil ag tarlú ó thaobh vacsaíne de.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers sa Dáil le déanaí go raibh a bhfuil i ndán do na coláistí in 2021 fós “idir dhá cheann na meá”.

Ach táthar ag súil go mbeidh an scéal níos soiléire faoi thús na bliana seo chugainn agus údar mór misnigh ag lucht na gcoláistí an dul chun cinn atá á dhéanamh ó thaobh na vacsaíne de.

Dúirt Máire Denvir ó CONCAS agus Coláiste Chamuis le Tuairisc.ie gurb é an t-aon rud a d’fhéadfaí a rá go cinnte faoi láthair ná go bhfuil “na coláistí ag earcú agus go bhfuil éileamh ag na tuismitheoirí ar na coláistí samhraidh”.

“Tá éileamh an-mhaith ann ach cuimhnigh go bhfuil go leor scoile agus go leor spraoi caillte ag na daoine óga seo, agus cén áit is fearr ó thaobh na foghlama agus an spraoi ná na coláistí samhraidh agus cén áit is áille ná an Ghaeltacht,” a dúirt Máire Denvir.

‘Fan go bhfeice tú’ an dearcadh atá ag go leor de lucht na gcoláistí samhraidh faoi láthair.

Dúirt Mícheál Ó Cinnéide, Cathaoirleach Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, a reáchtálann Coláistí Chorca Dhuibhne, go mbeadh “thiar ar fad ar an gceantar” dá mbeadh bliain eile ann gan scoláirí a bheith ag freastal ar na coláistí samhraidh.

“Bheadh tionchar mór aige ar gheilleagar na háite agus an teacht isteach chuig an leithinis ar fad. Ní amháin an t-airgead a thugann scoláirí isteach sa cheantar ach a muintir chomh maith a thagann ar turas.”

Dúirt sé go bhfuil áirithintí á ndéanamh do chúrsaí na bliana seo chugainn ach go bhfuil an-éiginnteacht ann go fóill maidir le céard a tharlóidh.

“Bheadh muid dóchasach go mbeidh cúrsaí de shaghas éicint ann. B’fhéidir nach mbeimid in ann na cúrsaí a reáchtáil sa tslí a raibh siad á reáchtáil cheana,” a dúirt sé.

“B’fhéidir go mbeidh gá le spás níos mó. B’fhéidir nach mbeidh an oiread céanna daoine in ann a bheith i seomra is a bhíodh cheana. N’fheadar an mbeidh an oiread daoine istigh sa tigh agus a bhí cheana.”

Ceann de na rudaí atá ag teastáil, dar leis an gCinnéideach, ná treoirlínte agus comhairle, go háirithe do na mná tí a chuireann lóistín ar fáil do dhaltaí.

Tá baol ann freisin nach mbeidh na mná tí uile a bhí ag cur lóistín ar fáil roimhe seo, sásta glacadh le scoláirí in aimsir an Covid-19.

Dúirt Ó Cinnéide go bhfuil sé ag súil go mbeidh “formhór mór” de na mná tí céanna ar fáil do Choláistí Chorca Dhuibhne ach go m’b’fhéidir go ndéanfaidh daoine áirithe cinneadh nach mbeadh siad sásta daltaí a thógáil.

Dúirt Cóilín Ó Domhnaill, comhstiúrthóir Choláiste Chiaráin ar an gCeathrú Rua, go bhfuil sé dóchasach go mbeidh an lucht lóistín a bhíodh ag an gcoláiste i gcónaí acu arís ach aontaíonn sé go bhfuil cúnamh agus cinnteacht ag teastáil ó na mná tí.

“Teastaíonn cinnteacht ón Roinn a luaithe agus is féidir, go háirithe do na mná tí. Bheadh sé ina chuidiú dá mbeadh a fhios acu agus againn ar fad go bhfuil na hacmhainní ann chun tacú leo sa chás nach mbeidh cead acu an líon céanna daltaí a choinneáil,” arsa Ó Domhnaill.

“Caithfear cinnteacht a thabhairt dóibh go dtabharfar aire dóibh ag brath ar céard a tharlóidh. Má theastaíonn athruithe le tithe a chur in oiriúint don saol atá amach romhainn, mar shampla, caithfidh na mná tí a bheith cinnte go mbeidh tacaíocht ar fáil lena aghaidh. Ní thuigeann daoine uaireanta an obair ar fad a chuireann lucht lóistín isteach chun daltaí a choinneáil.”

Dúirt Ó Domhnaill go bhfuil éileamh mór ann ar chúrsaí na bliana seo chugainn.

“Tá go leor leor fiosrúchán faighte againn agus éileamh níos mó ná riamh ann. Is léir ó bheith ag caint le tuismitheoirí go dtuigeann siad níos fearr ná riamh an fiúntas a bhaineann leis na coláistí Gaeltachta, b’fhéidir mar gheall ar iad a bheith dúnta anuraidh.”

Roimh theacht na scoláirí an samhradh seo chugainn, tá ábhar oidí ó choláistí tríú leibhéal ar fud na tíre in ainm is a bheith ag caitheamh seal sa Ghaeltacht sa bhliain nua ach ní dócha go dtarlóidh na cúrsaí sin.

Dúirt Micheál Ó Cinnéide nach dóigh leis go bhfeicfear na hábhar oidí i gCorca Dhuibhne mí Eanáir seo ach go gcaithfí socrú eile a dhéanamh dóibh.

Mhaígh Cóilín Ó Domhnaill go raibh sé an-tábhachtach go bhfreastalódh na hábhair oidí ar chúrsa sa Ghaeltacht.

“Más gá cúrsaí na n-ábhar oidí a chur siar cuirtear siar iad, ach is é an rud is tábhachtaí ar fad ná go mbeadh a gcuairt ar an nGaeltacht acu mar tá a leithéid riachtanach. Tá níos mó ná an obair a dhéanann siad sa gColáiste nó sa mbaile ag teastáil ó na mic léinn a bheidh ag múineadh Gaeilge do pháistí na tíre amach anseo,” a dúirt Ó Domhnaill.

“Fiú dá mba ghá d’fhéadfaí aitheantas sealadach a thabhairt dóibh agus ligean dóibh tosú ag múineadh ar an tuiscint go gcaithfeadh siad an cúrsa Gaeltachta a dhéanamh arís le go mbeidís cáilithe go hiomlán.”

Fág freagra ar 'Éileamh ar choláistí samhraidh cheana féin ach éiginnteacht ann faoina bhfuil i ndán dóibh'