Éileamh á dhéanamh go bhfógrófaí géarchéim sláinte phoiblí mar gheall ar an ráta féinmharaithe ó thuaidh

Níl an dara rogha ag an bhFeidhmeannas ach dul i ngleic leis an bhfadhb féinmharaithe go práinneach

Éileamh á dhéanamh go bhfógrófaí géarchéim sláinte phoiblí mar gheall ar an ráta féinmharaithe ó thuaidh

Is iomaí diancheist ar chlár oibre na nAirí nua in Stormont, an ghéarchéim sláinte go háirithe. Tá ráta an fhéinmharaithe ag ardú go seasta agus an líon a chuir lámh ina mbás féin le linn na síochána níos mó ná an méid a maraíodh le linn na dTrioblóidí.

Ní raibh an dara rogha ag an bhFeidhmeannas mar sin ach a dhul i ngleic leis an bhfadhb, go práinneach.

D’aontaigh an chomh-aireacht gur ghá gníomhú láithreach. Admháil intuigthe a bhí ansin gur straitéis easnamhach í an ceann a d’fhógair an Roinn Sláinte sa bhfómhar seo caite. Tá tacaíocht na n-airí eile faighte ag an Aire Sláinte, Robin Swann, chun meitheal oibre a bhunú chun plean gnímh tras-rannach a dhearadh agus a chur i bhfeidhm. D’fháiltigh an tAire Swann UUP roimh thacaíocht a chomh-airí as gach páirtí chun tosaíocht a thabhairt don mheabhairshláinte agus don iarracht féinmharú a chosc. Tá gá le plean straitéiseach agus cur chuige comhordaithe leanúnach, a dúirt Swann.

Aontófar comhdhéanamh na meithle ag cruinniú an Fheidhmeannais amárach. Is cosúil go mbeidh airí i measc an ghrúpa maille le saineolaithe ar chúrsaí meabhairghalair agus folláine intinne agus ionadaithe ó na ceantair is measa ata buailte ag an tubaiste seo. In 2017 léirigh an staidreamh oifigiúil go raibh 4,476 tar éis lámh a chur ina mbás féin ón mbliain 2000 agus áirítear gur mhéadaigh an ráta bliantúil ó shin.

Tá an pobal fré chéile suaite faoin bhfadhb, é soiléir gur in olcas atá cúrsaí ag dul. Scanraigh tuairiscí ó cheantar beag amháin i mBéal Feirste daoine, é áirithe gur chuir cúigear i dtuaisceart na cathrach lámh ina mbás féin le linn laethanta saoire na Nollag.

I lár na seachtaine foilsíodh litir oscailte chuig Robin Swann i nuachtáin abhus ó réalta spóirt agus siamsaíochta ag éileamh go bhfógródh sé géarchéim sláinte phoiblí mar gheall ar an ráta féinmharaithe. Ba é an dornálaí Michael Conlan a d’eagraigh an feachtas i ngeall ar a bhfaca sé agus é sa bhaile faoi Nollaig.

I measc na ndaoine a shínigh an litir bhí na dornálaithe Carl Frampton agus Katie Taylor, an marcach Tony McCoy, imreoirí CLG, sacair agus rugbaí, an ceoltóir Gary Lightbody, an galfaire Paul McGinley, an t-imreoir snúcair Ken Doherty agus oibrithe sláinte, lucht oideachais agus ionadaithe pobail. D’éiligh siad go ndéanfadh an tAire an buiséad le haghaidh seirbhísí comhairliúcháin a dhúbailt agus go gcinnteodh sé nach mbeadh fuireach níos faide ná 28 lá ar choinne.

Tháinig fógra Robin Swann faoi bhunú na meithle sna sála ar an litir oscailte sin ach le bheith féaráilte, is cosúil go raibh an cheist ar a liosta tosaíochtaí aige roimhe sin. Sular athbhunaíodh Stormont d’éiligh Teachta Tionóil SDLP do Thuaisceart Bhéal Feirste, Nicola Mallon go gceapfaí aire sóisearach chun déileáil go sonrach leis an meabhairshláinte. Tá sise ina hAire Bonneagair sa bhFeidhmeannas anois; gan dabht beidh ionchur aici sa phlé mar a bheidh ag an Aire Oideachais, Peter Weir DUP, an tAire Airgeadais, Conor Murphy Sinn Féin, chomh maith leis an gCéad agus an leasChéad Aire, Arlene Foster agus Michelle O’Neill.

Tá a fhios go maith go bhfuil an t-airgead gann in Stormont ach is é breith na coitiantachta go mbeadh praghas na faillí róchontúirteach don tsochaí. Nuair a fógraíodh scéim chun féinmharú a chosc i mí Mheán Fómhair seo caite bhí caiteachas timpeall £10 milliún á lua leis, agus é mar chuspóir laghdú 10% a dhéanamh faoi 2024 ar líon na ndaoine a chuireann lámh ina mbás féin. Measadh ag an am gur shuarach an sprioc é 10% as timpeall 300 bás in aghaidh na bliana ach ar an drochuair ní léir go mbainfí amach an méid sin féin gan beartais phráinneacha eile.

Is eol gur i gceantair bhochta atá an ráta féinmharaithe is airde, cuireann seachtar ansin lámh ina mbás féin in aghaidh gach beirt sna ceantair rathúla, cúinsí a bhaineann leis an mbochtanas, easpa deiseanna agus drugaí. Maítear freisin go bhfuil strus iarthrámach ar ghlúin daoine iarThrioblóidí. Ina theannta sin, tá fianaise shoiléir ann nach mbíonn fáil ar sheirbhísí géarchéime meabhairshláinte in am an ghátair. Deirtear gur minic a chailltear duine fad is a bhíonn sé, agus is fir iad a bhformhór, ag fanacht le cóir nó comhairle leighis.

Má bhíonn Robin Swann agus a mheitheal oibre in ann an cancar seo a leigheas beidh an pobal go léir faoi chomaoin acu. Ní bheidh sé éasca, cé a cheapfadh go mbeadh, ach caithfear a dhéanamh. Tá a mhalairt dofhulaingthe.

Fág freagra ar 'Éileamh á dhéanamh go bhfógrófaí géarchéim sláinte phoiblí mar gheall ar an ráta féinmharaithe ó thuaidh'