Éiginnteacht faoin URC ach Connacht ag súil le tógáil ar dhá bhua den scoth

Ainneoin na héiginnteachta seo maidir leis an URC cuirfidh Cúige Laighean fáilte anocht chuig an RDS roimh na Connachtaigh

Éiginnteacht faoin URC ach Connacht ag súil le tógáil ar dhá bhua den scoth

Ben O’Donnell agus Peter Sullivan. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Chruthaigh teacht an chineál Omicron den Covid-19 neart deacrachtaí d’fhoireann bainistíochta an URC [Comórtas Rugbaí Aontaithe] agus do chúpla club rugbaí, Cúige Mumhan go háirithe. Ní hamháin nár éirigh le Cúige Mumhan ná le trí fhoireann eile ón limistéar seo imirt san Afraic Theas an deireadh seachtaine seo caite ach tá siad sa mbaile anois agus gan aon chluiche acu an deireadh seachtaine seo.

Is cinnte nach bhfeileann sé sin do lucht bainistíochta an chomórtais mar go bhfuil amhras mór faoi láthair maidir lena bhfuil i ndán don URC ach ní fheileann sé ach oiread do na Muimhnigh agus iadsan ag réiteach do chluiche mór i gcomórtas na gCuradh i gcoinne Wasps Shasana faoi cheann seachtaine agus gan aon chluiche ullmhúcháin acu roimhe.

Ainneoin na héiginnteachta seo maidir leis an URC cuirfidh Cúige Laighean fáilte anocht chuig an RDS roimh na Connachtaigh. Seans gurb é seo rogha na gcluichí an deireadh seachtaine seo agus is cinnte go mbeidh an dá fhoireann á úsáid mar chluiche réitigh don chéad bhabhta de chomórtas na gCuradh faoi cheann seachtaine.

Is cinnte freisin go mbeidh lucht leanta Chúige Laighean ag súil le haiséirí ón bhfoireann a chaill den chéad uair sa gcomórtas an deireadh seachtaine seo caite agus iad sa mbaile i gcoinne Chúige Uladh. Malairt scéil atá ann do lucht leanta Chonnacht a bheas ag súil go leanfaidh foireann Andy Friend leis an tsár-imirt a chonaic muid uathu sa dá chluiche deiridh a bhí acu, i gcoinne na nOspreys agus na nUltach. Má tharlaíonn sin bí cinnte go mbeidh sárchluiche againn.

Amárach beidh na hUltaigh, dream atá cothrom le Cúige Laighean ar bharr an tábla, sa mBreatain Bheag agus iad i gcoinne na nOspreys atá sa gcúigiú háit ar an tábla céanna. Thug na hOspreys taispeántas an-lag uathu an tseachtain seo caite agus iad i nGaillimh. Tá mise cinnte go dtabharfaidh foireann na Breataine Bige freagra dearfach ar an lagiarracht sin ach caithfidh siad feabhsú go mór más leo stop a chur leis na hUltaigh, foireann nár chaill ach cluiche amháin ó thús an tséasúir seo.

Fág freagra ar 'Éiginnteacht faoin URC ach Connacht ag súil le tógáil ar dhá bhua den scoth'