‘Éigeandáil náisiúnta’ – beagnach a dhá oiread othar Covid-19 san ospidéal is a bhí ann ag buaic bhrúisc an earraigh

Tá 1,575 othar san ospidéal ag an Covid-19, beagnach a dhá oiread is a bhí ann nuair ba mheasa cúrsaí san earrach. Deir Ceannasaí Chomhlachas Chomhairleoirí Ospidéil na hÉireann nár cheart 'aon dul amú a bheith orainn' ach go bhfuil 'tréimhse dheacair, bhrónach' romhainn

‘Éigeandáil náisiúnta’ – beagnach a dhá oiread othar Covid-19 san ospidéal is a bhí ann ag buaic bhrúisc an earraigh

Dúirt Ceannasaí Chomhlachas Chomhairleoirí Ospidéil na hÉireann gur measa an brú atá ar an gcóras géarchúraim in ospidéil na hÉireann anois “ná mar a bhí air le cuimhne na ndaoine”.

Agus é faoi agallamh ar News at One ar RTÉ, dúirt an tOllamh Alan Irvine gurb é “fírinne an scéil gur éigeandáil náisiúnta” a bhí sa scéal.

“Is measa an brú atá ar an gcóras géarchúraim sna hospidéil anois ná mar a bhí air le cuimhne na ndaoine,” a dúirt sé.

Thug Irvine foláireamh go bhféadfadh líon na n-othar Covid-19 a bheith dúbailte taobh istigh de chúpla lá agus go mbeadh sin tubaisteach.

Chuir an tOllamh Irvine in iúl gur 289 leaba dianchúraim atá sa gcóras. Bhí níos lú ná 40 acusan ar fail ar maidin inniu agus measann Irvine go “mbeidh othair iontu taobh istigh de lá nó dhó agus muid i dtuilleamaí an tsoláthair brúisce”.

Dúirt an tOllamh nár chóir “aon dul amú a bheith orainn” ach go bhfuil “tréimhse dheacair, dhúshlánach, bhrónach, lán le strus romhainn sa dó nó trí de sheachtainí seo chugainn”.

Dúirt an Príomhstiúrthóir Ciniciúil ar ghrúpa ospidéal Ollscoil Luimnigh, an tOllamh Brian Lenehan, nach bhfuil “ach cúpla lá fágtha” nó go mbeidh an soláthar brúisce ag teastáil i Luimneach.

Dúirt an Comhairleoir in Ospidéal na hOllscoile, an Dr John Bates, go raibh an-bhrú go deo ar an ospidéal sin agus go raibh a cheithre oiread othar ansin inniu agus an coróinvíreas tolgtha acu thairis an líon a bhí ann nuair ba mheasa an bhrúisc dheiridh.

 Tá 1,575 othar in ospidéal agus an coróinvíreas tolgtha acu de réir na bhfigiúirí is déanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Is ionann sin agus beagnach a dhá oiread othar agus a bhí san ospidéal leis an víreas nuair ba mheasa an bhrúisc san earrach, tráth a raibh 881 othar curtha sna hospidéil aige.

Dúirt an Dr Michael Power, comhairleoir sa leigheas dianchúraim in Ospidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath, gur “údar imní”  an brú atá ar an gcúram criticiúil agus go bhfuil an scéal “go hainnis”.

Agus é ag caint ar an gclár Morning Ireland ar RTÉ, dúirt sé nach raibh ach 37 leaba folamh  anois sa gcóras dianchúraim.

Tá níos mó ná a cheithre oiread othair Covid-19 in ospidéil anois ná a bhí ann coicís ó shin.

Tá 146 othar in aonaid dianchúraim inniu.

Tá 736 atá buailte ag an Covid-19 in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 52 díobhsan in ICU.

Idir an dá linn, léiríonn taighde gurb é an cineál nua den choróinvíreas atá ar bheagnach leath na ndaoine a bhfuil an Covid-19 tolgtha acu. Aimsir na Nollag a deimhníodh an mianach nua seo i Sasana ar dtús agus meastar go bhfuil sé níos tógálaí ná an seancheann.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan leis an Taoiseach gurbh é an mianach nua a bhí i gceist i 45% den 92 sampla is déanaí a tástáladh chun a scaipeadh anseo a fhiosrú.

25% de na cásanna a bhí i gceist sa tseachtain roimh an 3 Eanáir agus coicís roimhe sin ní raibh an cineál nua ach ar 9% de na daoine a tástáladh.

Chosain an Taoiseach, Micheál Martin, cinneadh an Rialtais na srianta a mhaolú mí na Nollag agus é ag caint le Pat Kenny ar Newstalk. Dúirt Martin go raibh baint ag níos mó daoine a bheith ag bualadh le chéile go sóisialta, an cineál nua den víreas a bheith níos tógálaí, agus séasúr an gheimhridh leis an mbrúisc is déanaí.

Dúirt an Taoiseach go raibh údar dóchais ann go raibh cúrsaí ag feabhsú. Dúirt sé gur ag ísliú a bhí ráta dearfachta na dtástálacha, líon na ndaoine ar iarr dochtúirí teaghlaigh tástáil dóibh agus líon na dteagmhálaithe a bhí ag daoine. Dúirt sé go raibh a bhuaic beagnach sroichte ag an meánlíon rollach cúig lá.

Dúirt Anne O’Connor, Príomhoifigeach Oibríochtaí an HSE, gur tugadh an vacsaín do bheagnach 40,000 duine an tseachtain seo caite, agus gur oibrithe sláinte atá ar an líne thosaigh a bhformhór sin.

Dúirt sí go bhfaigheadh an fhoireann agus na daoine ar fad atá in ionaid chúraim an tsnáthaid an tseachtain seo agus go raibh sé i gceist go mbeadh an vacsaín in aghaidh an víris faighte ag 68,000 duine faoin Domhnach seo chugainn.

D’fhógair an Roinn Sláinte inné go raibh ochtar eile curtha den saol ag an Covid-19 agus go raibh sé tolgtha ag 6,888 duine eile.

Fág freagra ar '‘Éigeandáil náisiúnta’ – beagnach a dhá oiread othar Covid-19 san ospidéal is a bhí ann ag buaic bhrúisc an earraigh'