Eidhneach-Cill na Móna ar thóir a gcéad chraobh riamh

Tá cluichí ceannais sinsir iomána ar siúl i gcontae an Chláir, i dTiobraid Árann agus i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo

Eidhneach-Cill na Móna ar thóir a gcéad chraobh riamh

Aidan McCarthy ag imirt do chontae an Chláir. Pic: INPHO/Bryan Keane

Beidh cúpla cluiche ceannais contae sinsir iomána eile ar siúl an deireadh seachtaine seo, ceann i gcúige Mumhan agus ceann i gcúige Laighean Beidh seaimpíní nua againn sna contaetha atá i gceist.

I gcontae an Chláir, tá Eidhneach-Cill na Móna ar thóir a gcéad chraobh riamh agus iad i gcoinne Bhaile Uí Aodha a bheidh d’uireasa Tony Kelly.

Sea ní bheidh Kelly ag dul chun páirce agus é i ndiaidh dul faoi scian cúpla seachtain ó shin chun fadhb lena rúitín a leigheas agus de réir an scéala is déanaí is é an sprioc atá aige ná a bheith ullamh do chraobhchomórtas na Mumhan 2022.

A leithéid de chailliúint agus é ag imirt ar fheabhas arís i mbliana dá chlub agus dá chontae. Ach tá cnámh droma na foirne seo láidir agus leithéidí Paul Flanagan, Jack Browne, Gary Brennan agus Niall Deasy acu.

Tá an grúpa seo imreoirí le chéile le tamall de bhlianta anois agus craobh an chontae buaite acu in 2016 agus 2018 agus Kelly ina cheannaire agus ina laoch imeartha agus scórála acu. Go deimhin, spreag an chéad chluiche ceannais sin a bhuaigh an club in 2016, borradh is móiminteam a lean go Lá le Pádraig 2017 agus cluiche ceannais na hÉireann i gcoinne Chuala. Bhuadar ar Sháirséalaigh Dhurlas Éile, Fánaithe an Ghleanna agus Cumann Naomh Tomás na Gaillimhe ar an tslí. Ar an drochuair dóibhsean, foireann fíorláidir Chuala a bhí ina gcoinne ar an ócáid sin agus chailleadar go dona.

Níl freasúra an lae amárach, Eidhneach/Cill na Móna ar an bhfód ach ó 2008, tráth ar tháinig an dá chlub Eidhneach agus Cill na Móna le chéile. Ach tá foireann láidir acu, ina measc an bheirt deartháireacha, Jason agus Aidan McCarthy, a chaill an cluiche ceannais peile le Cill Mhuire Uí Bhreacáin seachtain ó shin.

Tá airgead an té a bheadh stuama ar Eidhneach/Cill na Móna.

Tá cluiche ceannais mór eile ar siúl i dTiobraid Árann agus Sáirséalaigh Dhurlas Éile ag dul chun páirce i gcoinne Luachma-Caisleán Laighnigh. Bhí an-rath ar na Sáirséalaigh idir 2014 agus 2017 nuair a bhuadar an chraobh ceithre uaire. Chaill Luachma an cluiche ceannais anuraidh ach tá siad ar ais agus iad an-mhaith sa dá chluiche dheireanacha. Dar ndóigh tá siad ag déanamh an-iarracht an dá thrá a fhreastal le tamall de bhlianta agus iad an-iomaíoch sa chomórtas peile freisin. Ba iad na curaidh sa dá chód in 2013 agus ba iad an chéad chlub riamh i dTiobraid Árann a bhuaigh an dá chorn sa bhliain chéanna.

Noel McGrath ag imirt do Luachma-Caisleán Laighnigh. Pic: INPHO/James Crombie

Tá siad sa chluiche ceannais peile arís i mbliana. Is iad na híochtaráin amárach ach tá spiorad iontach iontu agus an tosaí, John McGrath ar ais ar a sheanléim. Déarfainn nach bhfuil siad gan seans.

Beidh na pictiúir ag teacht beo ó Staid Semple ar TG4.

I gCúige Laighean beidh cluiche ceannais Átha Cliath á imirt anocht idir Cill Mochuda Na Crócaigh agus na Fianna. An Satharn seo caite bhain peileadóirí na gCrócach áit amach i gcluiche ceannais an chontae agus tháinig an t-aon imreoir amháin atá ar an dá phainéal, Brian Sheehy, chun páirce déanach sa chluiche peile. Tá meascán maith den taithí agus den óige acu agus Naomhan Ó Ríordáin, Caolan Conway agus Bill O Carroll fós ag imirt.

Agus ina gcoinne beidh Na Fianna ag imirt sa chluiche ceannais den chéad uair riamh a bhuíochas do Liam Rushe atá ag imirt leo i mbliana i ndiaidh bogadh ó Bhaile Phámar. Tá an tosaí cumasach Dónal Burke acu. Beidh coimhlint mhaith againn anseo déarfainn agus na Crócaigh ina rogha na n-údar.

Beidh an cluiche seo ar RTE 2.

Fág freagra ar 'Eidhneach-Cill na Móna ar thóir a gcéad chraobh riamh'