Eavan Boland duine de mhórfhilí na hÉireann, tar éis bháis

Bhí ceann de na guthanna filíochta ba shainiúla agus ba dhearcscnaithí i litríocht na hÉireann ag Eavan Boland agus ceannródaí ab ea í sa tslí a chuir sí cás na mban i lár an aonaigh ina cuid saothar

Eavan Boland duine de mhórfhilí na hÉireann, tar éis bháis

Tá Eavan Boland, duine de mhórfhilí na hÉireann, tar éis bháis. Bhí sí 75 bliain d’aois.

Tuairiscítear gur bhásaigh sí ag baile i mBaile Átha Cliath nuair a bhuail stróc í.

Rugadh Eavan Boland i 1944 agus agus foilísodh a céad chnuasach, 23 Poems in 1962 tráth a raibh sí fós ina mac léinn i gColáiste na Tríonóide. 

Bhí ceann de na guthanna filíochta ba shainiúla agus ba dhearcscnaithí i litríocht na hÉireann ag Eavan Boland agus ceannródaí ab ea í sa tslí ar chuir sí cás na mban i lár an aonaigh ina cuid saothar.

Nuair a thosaigh sí i mbun na filíochta bhraith sí féin gurbh amhlaidh go mbíodh “an focal ‘bean’ agus an focal ‘file’ féin” ag teacht glan salach ar a chéile in Éirinn.

“Theastaigh uaim an saol a bhí á chaitheamh agam a chur sa dán a bhí á scríobh agam. Agus an saol a bhí á chaitheamh agam saol mná a bhí ann. Agus ní fhéadfainn glacadh leis an áiteamh nach bhféadfaí saol na mná a bhreacadh i bhfilíocht mo náisiúin féin,” a dúirt sí tráth.

I measc na gcnuasach a thuill cáil di ar fud an domhain bhí In Her Own Image (1980) inar thug sí aghaidh ar théamaí achrannacha amhail an foréigean baile agus an anoireicse.

Tharraing sí go minic chomh maith ina saothar ar stair agus ar mhiotaseolaíocht na hÉireann.

Ar na cnuasaigh eile léi a thuill ardmholadh bhí Night Feed (1982) Outside History (1990) In a Time of Violence (1994) agus Against Love Poetry (2012).

Bhí a cuid filíochta ar chúrsa Béarla na hArdteiste ar feadh blianta fada chomh maith.

Chuir sí dhá shaothar próis amach freisin, Object Lessons: The Life of the Woman and the Poet in Our Time agus A Journey with Two Maps: Becoming a Woman Poet.

Bhí sí ina hollamh le Béarla in Ollscoil Stanford in California.

Fág freagra ar 'Eavan Boland duine de mhórfhilí na hÉireann, tar éis bháis'

  • Daithí MacGiobúin

    Gan teacht salach ar Eavan Boland, bhí Máire Mhac a tSaoi chun chin uirthi le chás na mná in Éirinn a léiriú i bhfilíocht ach neamart déanta uirthi de bharr an teanga.