‘Easpa tuisceana’ – gan beartas nua ar bith don Ghaeltacht i bplean an Rialtais

Tá cáineadh déanta ag urlabhraí Gaeilge Shinn Féin ar a laghad atá ráite faoin nGaeltacht i ‘Plean Téarnaimh Eacnamaíochta 2021’ an Rialtais

‘Easpa tuisceana’ – gan beartas nua ar bith don Ghaeltacht i bplean an Rialtais

Is léiriú eile an plean téarnaimh don gheilleagair a foilsíodh an tseachtain seo “nach bhfuil aon tuiscint ag an Rialtas ar ghéarchéim eacnamaíochta ná sochtheangeolaíochta na Gaeltachta”, a deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh.

Cháin Ó Snodaigh an Rialtas as gan aon tagairt a bheith in Economic Recovery Plan 2021 d’aon bheartas don Ghaeltacht nár fógraíodh cheana.

“Tá an rialtas ceaptha a bheith ag tabhairt tacaíochta don Ghaeltacht ionas go mbeidh sí in ann dul in iomaíocht leis na ceantair Bhéarla, ach tá an chosúlacht ann nach bhfuil fís nó uaillmhian ar bith acu don Ghaeltacht.

“Mar is gnách níl siad ach ag déanamh athrá ar an méid atá á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta cheana féin nó a bhí fógartha sa Bhuiséad.”

Tá an Ghaeltacht luaite ceithre bhabhta ar fad sa phlean, a foilsíodh an tseachtain seo.

Baineann trí cinn de na tagairtí le hÚdarás na Gaeltachta agus an obair atá ar siúl cheana féin acu agus baineann an tagairt eile le hairgead a fógraíodh i mBuiséad 2021.

Mhaígh an Teachta Dála de chuid Shinn Féin gur fágadh geilleagar na Gaeltachta “ar lár go hiomlán” sa phlean.

“Léiriú eile is ea é seo nach dtuigeann an rialtas go bhfuil géarchéim ar leith sa Ghaeltacht – géarchéim eacnamaíochta chomh maith leis an ngéarchéim shochtheangeolaíochta.

“Beidh iontas go háirithe orthu siúd atá ag brath ar earnáil na gcoláistí samhraidh agus na daltaí a thagann chuile bhliain nach bhfuil tagairt ar bith don chúiteamh nó don tacaíocht bhreise atá ag teastáil chun na coláistí samhraidh, na mná agus na fir tí, na hallaí pobail agus na siopaí a dhéanann freastal orthu a choimeád ag maireachtáil.”

Dúirt sé gur cheart don rialtas béim a chur ar scoláireachtaí a mhaoiniú i rith na bliana chun go gcaithfeadh daltaí agus státseirbhísigh tréimhse sa Ghaeltacht, rud a chuirfeadh “beocht athuair” sna ceantair seo atá buailte ag an bpaindéim.

Bhí go leor eile a d’fhéadfaí a dhéanamh chun borradh a chur faoin nGaeltacht, a dúirt Ó Snodaigh, atá ina chathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta.

“Cad faoin tithíocht atá ag teastáil sa Ghaeltacht do mhuintir na Gaeltachta? Cad faoi phleanáil cheart chun tacú le turasóireacht sa Ghaeltacht?

“Níl Plean ag an rialtas ach do lucht an Bhéarla, agus ní haon ionadh nach bhfuil fáil ar an bPlean ach i mBéarla amháin nuair atá sé léirithe ag an gCoimisinéir Teanga go mion an tseachtain seo go bhfuil sé mar pholasaí ag an rialtas seo rudaí tábhachtacha a dhéanamh i ndara teanga an stáit amháin.”

Sheol an Rialtas a bPlean Téarnaimh Eacnamaíochta 2021 Dé Máirt agus é mar aidhm aige postanna a chruthú agus borradh a chur faoin eacnamaíocht go gasta i ndiaidh na paindéime.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh tionchar a bhí “tobann agus nár tharla a leithéid riamh roimhe seo” ag an bpaindéim, tionchar a bhí níos mó ná aon rud eile seachas an dá chogadh mhóra. “Tá damáiste ollmhór le cur ina cheart,” a dúirt sé.

D’aontaigh an Rialtas pacáiste €3.6 billiún a chur ar fáil do thacaíochtaí agus bearta le borradh a chur arís faoin eacnamaíocht.

Fág freagra ar '‘Easpa tuisceana’ – gan beartas nua ar bith don Ghaeltacht i bplean an Rialtais'