Easpa plean, easpa spride, easpa comhimeartha – beifear ag súil le feabhas ó fhoireann na hÉireann

CRAOBH NA 6 NÁISIÚN: Beidh foireann na hÉireann ar thóir maithiúnais i gcoinne na hIodáile inniu

Easpa plean, easpa spride, easpa comhimeartha – beifear ag súil le feabhas ó fhoireann na hÉireann

Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Babhta 2 Comórtas na Sé Náisiún – 11 Feabhra

Bhuel, níor éirigh leis an bplean a bhí againn agus muid ag tabhairt faoi na hAlbanaigh thall i nDún Éideann an Satharn seo caite.

Go deimhin, bhí an oiread as cor le cur chuige na nÉireannach gur deacair cuimhneamh ar chluiche inar imir foireann idirnáisiúnta na hÉireann chomh dona agus a d’imir siad an tseachtain seo caite, sa gcéad leath go háirithe. 

Sa gcéad leath sin, ní raibh tada ceart faoi imirt na hÉireann. Easpa plean, easpa spride, easpa comhimeartha, agus easpa ceannaireachta. Bhí an imirt chomh dona sin go ndearnadh go leor imreoirí dochair dá gcuid seansanna taisteal le foireann na Leon an samhradh seo. Ina measc siúd, bhí captaen na foirne Rory Best, húcálaí ar theip air a mharc a aimsiú cúpla babhta sa gcéad leath, agus as sin a d’eascair dhá úd do mhuintir na hAlban a chuir deireadh le rás na hÉireann.

Caithfidh Joe Schmidt agus a fhoireann an drochthús sin a chur ar leataobh agus díriú ar na ceithre chluiche atá fós le himirt sa gcomórtas seo.

Beidh siad sa Róimh an Satharn seo le tabhairt faoi na hIodálaigh, foireann a chaill i gcoinne na mBreatnach i mBabhta a hAon an Domhnach seo caite. Níl aon dabht ormsa ach go mbeidh an lá linn sa gcluiche seo, níl ag na hIodálaigh ach cúig lá le réiteach a dhéanamh dó agus beidh foireann na hÉireann ar thóir díoltais agus maithiúnais. Seans nach mórán maithiúnais a bheas ar fáil ó lucht leanta rugbaí na hÉireann mura n-éireoidh leo ceithre úd agus pointe bónais a aimsiú. Is cinnte nach bhfuil an sprioc sin dosháraithe ach beidh gá le hathrú iomlán maidir le chuile ghné dá gcuid imeartha.

Ní hí foireann na hÉireann amháin a bheas sa tóir ar fheabhas ollmhór ó imirt an deireadh seachtaine seo caite. Tá na Sasanaigh agus na Breatnaigh ina measc siúd. Is fada an lá ó d’imir ceachtar den dá fhoireann seo chomh dona agus a d’imir siad i mBabhta a hAon, cé go raibh an lámh in uachtar acu beirt.

Cé go mbeidh buntáiste an bhaile ag an Breatnaigh i gcluiche an tSathairn seo, ní hiad rogha na coitiantachta don chluiche seo iad. Bhí an t-ádh glan ar na Sasanaigh agus iad i gcoinne na bhFrancach an Satharn seo caite, agus ina ainneoin sin, léirigh siad stíl agus patrún imeartha a bhí i bhfad níos suntasaí ná an imirt a chonaic muid ó na Breatnaigh. Seans gurb é seo an cluiche agus an choimhlint is fearr a bheas i mBabhta a Dó, ach tá mise ag tuar bua eile do na Sasanaigh i gcluiche a bheas crua agus fíochmhar.

Ar an Domhnach a bheas na Francaigh agus iad sa mbaile i gcoinne na hAlban. Is léir go mbeidh na hAlbanaigh ag iarraidh tógáil ar an imirt a chonaic muid uathu i mBabhta a hAon, sa gcéad leath, go háirithe. Bhí na Francaigh thar a bheith díomách gurb lig siad leis na Sasanaigh arís sa gcluiche an Satharn seo caite agus, ach an oiread linn féin, beidh siadsan ar thóir maithiúnais freisin. Ar fhianaise a bhfaca muid an deireadh seachtaine seo caite, tá mise ag tuar a gcéad bhua i gcomórtas na bliana seo do na Francaigh.