Tá “fíor-ghéarchéim” ann maidir le múinteoirí a bheadh in ann eacnamaíocht bhaile a theagasc, dar le Fíona Uí Uiginn, a bhfuil a tréimhse mar Uachtarán ar Ghaeloideachas díreach críochnaithe aici.
Dúirt Fíona Ní Uiginn, a bhí ina príomhoide ar Choláiste Íosagáin i mBaile Átha Cliath go dtí i mbliana, go raibh an ganntanas múinteoirí tís chomh mór sin nárbh fhiú di féin folúntais a fhógairt do mhúinteoirí Eacnamaíochta Baile toisc gur thuig sí “nach raibh éinne ar fáil”.
Dúirt Uí Uiginn, nár tháinig múinteoirí oilte úra ar bith chun cinn i mbliana a bheadh in ann an Eacnamaíocht Bhaile a theagasc i nGaeilge agus go bhfuil deacrachtaí chomh maith céanna ag scoileanna Béarla múinteoirí tís a aimsiú.
“Bíonn an-chaint ar an tábhacht a bhaineann le cúrsaí folláine agus is ábhar é a mbíonn an-tóir air ar scoil. Níor éirigh linn ach rang amháin a chur ar fáil in ár scoil anuraidh cé go raibh éileamh ann do thrí rang,” a dúirt iar-phríomhoide Choláiste Íosagáin.
Deir Uí Uiginn go bhfuil príomhoidí ar fud na tíre ag brath ar mhúinteoirí eolaíochta agus ar mhúinteoirí eile chun ranganna eacnamaíochta baile a chur ar fáil. Bíonn deacrachtaí móra ann i scoileanna Béarla múinteoirí eolaíochta agus múinteoirí teangacha a aimsiú, ach is measa an scéal sna hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge, a deir Uí Uiginn, a mbíonn “deacrachtaí leanúnacha” acu múinteoirí a aimsiú “le hábhair éagsúla” a theagasc trí Ghaeilge.
Molann Uí Uiginn gur cheart go gcuirfeadh institiúid ardoideachais i mBaile Átha Cliath cúrsa macasamhail na Máistreachta san oideachas lánGhaeilge, atá á chur ar fáil ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh, ar fáil le dul i ngleic leis an ghanntanas múinteoirí atá ábalta teagasc in iarbhunscoileanna Gaeilge na tíre.
Dúirt iarUachtarán Ghaeloideachas, a chríochnaigh a tréimhse mar Uachtarán ar Ghaeloideachas an tseachtain seo caite, gur chóir do gach institiúid ardoideachais a chuireann oiliúint ar mhúinteoirí modúil i nGaeilge a chur ar fáil agus an deis a thabhairt do mhic léinn teagasc i scoileanna Gaeilge.
“Tá daoine a bhfuil Gaeilge mhaith ón scoil acu ach í a athbheochan. Aon áit a chuirtear oiliúint ar mhúinteoirí, ba cheart go mbeadh fáil ar mhodúil Ghaeilge.”
Thug Coláiste San Aingeal i Sligeach, an t-aon áit sa stát a chuireann oiliúint ar mhúinteoirí tís, le fios do Tuairisc.ie go mbeidh 82 múinteoir lán-oilte san eacnamaíocht bhaile cáilithe an bhliain seo chugainn agus go raibh modúl Gaeilge déanta ag 22 acu sin.
Daor Mac an tSaoir
Cén bhaint atá ag “eacnamaíocht bhaile” le “sláinte”?? Cén fiúntas atá ag “eacnamaíocht bhaile” mar ábhar staidéir? Má tá ranganna a bhaineann leis an tsláinte ag teastáil, cuirtear ranganna chúrsaí sláinte ar fáil, ní ranganna ‘eacnamaíochta baile’
Ní thuigim an fáth go mbeadh an t-ainm ‘eacnamaíocht bhaile’ (fuálaíocht, fíodóireacht, srl) á oibriú le haghaidh chúrsaí sláinte.